Bua mór ag an eite fhíordheis in olltoghchán na hOstaire

Fuair FPÖ, páirtí frithimirceach atá fréamhaithe san idé-eolaíocht naitsíoch, breis is 29% den vóta

Bua mór ag an eite fhíordheis in olltoghchán na hOstaire

Bhí bua mór in olltoghchán na hOstaire ag Páirtí na Saoirse (FPÖ), páirtí atá an-fhada amach ar an eite dheis. Seo an bua is mó a bhí ag an eite fhíordheis san Ostair ón dara cogadh domhanda.

Fuair FPÖ, páirtí frithimirceach atá fréamhaithe san idé-eolaíocht naitsíoch, breis is 29% den vóta agus iad chun cinn ar Pháirtí Mhuintir na hOstaire (ÖVP), páirtí ar dheis ón lár.

56 suíochán a mheastar a bheidh sa bparlaimint ina bhfuil 183 suíochán.

“Ní fhéadfadh toradh níos soiléire a bheith ann inniu,” arsa Herbert Kickl, ceannaire an FPÖ. Dúirt sé gur chóir don pháirtí a bheith ar an bpríomhpháirtí sa chéad rialtas eile.

Deir Kickl go ndéanfadh sé ‘daingean’ den Ostair agus gur mhaith leis a bheith ina Volkskanzler  (seansailéir na ndaoine), teideal a shamhlaítear le Adolf Hitler.

Tá dlúthbhaint ag Kickl le Viktor Orbán, an pobalóir de chuid na heite fíordheise atá ina cheannaire ar an Ungáir.

Dúirt an seansailéir Karl Nehammer ón ÖVP go mbeadh sé dodhéanta rialtas a bhunú le duine a bhfuil dúil mhór aige i dteoiricí comhcheilge.

Sa tríú háit a bhí na Daolathaithe Sóisialta agus iad i dtaobh le 21% den vóta, an toradh is measa riamh acu.

Léiriú eile é toradh an toghcháin san Ostair ar dhul chun cinn na heite fíordheise agus an phobalachais san Eoraip.

Fág freagra ar 'Bua mór ag an eite fhíordheis in olltoghchán na hOstaire'