Bua i ndán do na cúigí ar fad agus iad ag prapáil do na comórtais Eorpacha

Beidh na cúigí ar fad ag súil le bua i mbabhta 10 den Pro 14 agus dúshlán níos mó le sárú acu gan mhoill

Bua i ndán do na cúigí ar fad agus iad ag prapáil do na comórtais Eorpacha

INPHO/Dan Sheridan

Is beag nár chuir mé mallacht an tráchtaire ar na hUltaigh agus mé ag tuar nach mbeadh stró ar bith orthu an cúig pointe a shlánú an Aoine seo caite i gcoinne Treviso.

Bhuel, ní mar sin a tharla.

Go deimhin bhí an t-ádh glan orthu an lá a thabhairt leo.  Ní raibh ach an t-aon phointe amháin idir na foirne ag deireadh an ochtó nóiméad, a bhuíochas sin d’Andrew Trimble a d’aimsigh úd dhá nóiméad roimh dheireadh an chluiche.

Cé gur as baile a bheas na hUltaigh inniu, Dé hAoine, i mBabhta 10, tá mé sásta a thuar arís go mbeidh an lá leo agus iad ag cur foireann an-láidir chun páirce i gcoinne na nDragún thall i Rodney Parade. Seo é an t-aon deis a bheidh ag na hUltaigh réiteach ceart a dhéanamh sula dtabharfaidh siad a n-aghaidh ar Londain le tabhairt faoi Harlequins i mBabhta 3 de Chorn na gCuradh faoi cheann seachtaine.

Bí ag súil le taispeántas ar ardchaighdeán ó fhir Bhéal Fheirste agus bí ag súil le bua freisin.

Amárach a bheas na trí chúige eile ag dul chun páirce i mBabhta 10. Beidh Cúige Chonnacht agus Cúige Laighean as baile san Iodáil, i gcoinne Zebre agus Treviso.

Tá mé ag tuar dhá bhua do na hÉireannaigh sna cluichí sin, in ainneoin gur chaill na Connachtaigh agus iad as baile Dé hAoine seo caite.  Mar sin féin ba cheart go mbeadh siad róláidir do Zebre, go háirithe agus fir na Gaillimhe ag réiteach le tabhairt faoi Brive na Fraince i gCorn an Dúshláin faoi cheann seachtaine. Cuirfidh mé mar seo é, má chailleann siad i gcoinne Zebre, beidh ceisteanna móra le cur maidir lena bhfuil i ndán do Chonnachta.

Ní móide gur gá mórán a rá faoi na Laighnigh, tá sé beagnach cinnte go mbeidh an lá leo agus go mbeidh iomlán na bpointí sa mála acu i gcoinne Treviso agus aghaidh á tabhairt acu ar na Exeter Chiefs faoi cheann seachtaine.

Seans gurb í an choimhlint idir an Muimhnigh, a bheas sa mbaile i gCorcaigh, i gcoinne na hOspreys an cluiche is deacra a thuar. Tá cúig phointe dhéag idir na foirne seo ar thábla ghrúpa A den chomórtas seo, na Muimhnigh sa dara háit agus na hOspreys sa seachtú háit, taobh thiar de Zebre fiú amháin. Mar sin féin, ní go rómhaith a chruthaíonn na Muimhnigh i gcoinne na foirne seo ón mBreatain Bheag agus ní go rómhaith a chruthaíonn siad ach nuair a bhíonn siad ag imirt i gCorcaigh. Ábhar imní gan dabht, ach mar sin féin, tá mise ag súil le sárchluiche ó na Muimhnigh roimh chuairt na Leicester Tigers ar Pháirc Thuamhan faoi cheann seachtaine.  

Bua d’fhir an bhaile ach bheadh drogall orm na ceithre úd a lua.

Fág freagra ar 'Bua i ndán do na cúigí ar fad agus iad ag prapáil do na comórtais Eorpacha'