Breathnaigh ar Tuca & Bertie – ní fhaca tú a leithéid de chlár cheana

Is fiú go mór súil a chaitheamh ar chlár beochana ar Netflix ina n-insítear dúinn scéal faoi dhá éan agus go leor leor eile

Breathnaigh ar Tuca & Bertie – ní fhaca tú a leithéid de chlár cheana

Tuca agus Bertie. Bertie agus Tuca. Dlúthchairde, tríocha bliain d’aois. Ní daoine iad, ach éin. Túcán fuinniúil, muiníneach, dílis é Tuca. Smólach imníoch, ciallmhar, éirimiúil é Bertie.

Nuair a iarrann Bertie ar Tuca bogadh amach ó na hárasán mar go bhfuil a buachaill, Speckles, ag teacht ag cónaí léi, aimsíonn Tuca árasán nua cúpla urlár os cionn árasán Bertie. Bíonn ar an mbeirt acu dul i dtaithí ar na socruithe cónaithe nua ach i ndáiríre ní athraíonn mórán – bíonn Tuca de shíor ag tabhairt cuairt ar Bertie agus Speckles agus í ag lorg comhluadair an t-am ar fad. Tá aithne againn go léir ar dhaoine mar seo.

Cabhraíonn Tuca le Bertie agus í ag streachailt san ionad oibre agus tugann Tuca misneach do Bertie labhairt amach agus taispeáint dá bainisteoir go bhfuil sí cumasach agus cliste. Is léir go gcabhraíonn Bertie le Tuca ar go leor bealaí freisin – tá an-aithne acu ar a chéile agus tuigeann siad a chéile go han-mhaith.

Nuair a mholaim do dhaoine féachaint ar Tuca & Bertie ar Netflix, breathnaíonn siad orm amhail is nár chuala siad i gceart mé. Tuca an Túcán agus Bertie an smólach? Cén cineál cláir é sin? Tá sé deacair cur síos beacht a dhéanamh ar an tsraith beochana seo ach déarfaidh mé an méid seo: tá sé cliste, greannmhar agus dorcha. Cé gur éin iad an dá phríomhcharachtar, tá an clár lán le daonnacht. Tá samhlaíocht iontach ag baint leis an tsraith, agus stíl bheochana atá lán le cleasaíocht agus greann. Chuaigh luas tapa na sraithe i bhfeidhm go mór orm – maireann gach eipeasóid cúig nóiméad is fiche ach líontar le haicsean gach ceann ó thús deireadh. Ní i gcónaí go mbíonn fonn ort suí síos agus breathnú ar chlár uair an chloig.

Tá an t-eispéireas baineann lárnach sa tsraith seo agus tá sé thar am sraith beochana dá leithéid a bheith ar an scáileán. Scríofa ag Lisa Hanawait, a chruthaigh an tsraith beochana rathúil Bojack Horseman freisin, insíonn an tsraith nua seo scéal nach n-insítear minic go leor. Faighimid léargas réalaíoch macánta ar shaol beirt éan baineann, iad tríocha bliain d’aois agus ag dul i ngleic le gnáthdhúshláin an tsaoil chomh maith leis na dúshláin bhreise a bhaineann le bheith i do bhean.

Is í Hanawait an chéad bhean a chruthaigh beochan do dhaoine fásta. Tá sé deacair é sin a chreidiúint sa bhliain 2019 ach tá éacht déanta aici agus tá súil agam go scríobhfaidh sí tuilleadh.

Tá faobhar ag baint leis an tsraith seo agus téann sé i ngleic le ceisteanna móra ar nós mí-úsáid gnéis, ciapadh san ionad oibre, an chaoi a bhreathnaítear ar an gcorp, fadhb an óil, neamhspleáchas, cúrsaí caidrimh agus thar aon rud eile, an cairdeas.

Is dlúthchairde iad Tuca agus Bertie. Ar ndóigh titeann siad amach lena chéile in amanna, cuireann siad as dá chéile, bíonn siad tinn dá chéile – ach tá nasc agus dílseacht láidir eatarthu a thagann trasna go láidir sa tsraith. Tá tréithe daonna go smior sa dá éan seo agus is breá liom an chaoi go bhfeicimid na difríochtaí idir Tuca, Bertie, Speckles (buachaill Bertie) agus na héin eile sa tsraith. Tá a gcuid carachtar an-fhorbartha agus an-inchreidte agus d’éirigh mé thar a bheith ceanúil orthu de réir mar a chuir mé aithne orthu.

Tá cur chuige oscailte, díreach ag an tsraith seo maidir le ceisteanna gnéis agus go deimhin tá eipeasóid iomlán ann darb ainm ‘The Sex Bugs’ (eipeasóid 4). Tá sé an-ghreannmhar ach an-dáiríre ag an am céanna agus caithfidh mé a rá go raibh mé an-tógtha leis an tsamhlaíocht a bhain leis an gclár seo agus leis an tsraith go léir.

Is aoibhinn liom an ceol i Tuca & Bertie freisin, agus bíonn go leor daoine ar thóir an fhuaimriain mar go ndeachaigh sé i bhfeidhm chomh mór sin orthu.

Tá greann dorcha fite fuaite leis an scéal. Tá an tsraith lán le beocht, é osréalaíoch ach réalaíoch ag an am céanna, lán le dathanna geala agus carachtair a fhanfaidh i d’intinn. Cé gur beochan é seo agus é suite i ndomhan ina bhfuil éin ag siúl thart ar nós daoine, bhí dáimh agam leis na carachtair agus leis an taithí saoil a bhí acu. Tá éin fhireanna sa tsraith freisin ach is iad Tuca agus Bertie a iompraíonn an scéal. Más faoin bhfearúlacht atá an tsraith Bojack Horseman, seo sraith faoin gcaoi a dtéann an fhearúlacht chéanna i bhfeidhm ar mhná.

Sraith úrnua í seo ach tá go leor ag lorg an dara séasúr cheana féin, mise san áireamh.

Breathnaígí ar Tuca & Bertie – geallaim daoibh nach bhfaca sibh clár cosúil leis seo cheana!

Fág freagra ar 'Breathnaigh ar Tuca & Bertie – ní fhaca tú a leithéid de chlár cheana'