Tá bord athcheaptha ar Údarás na Gaeltachta do thréimhse dhá bhliain gan aon fhógra a bheith déanta.
Tháinig deireadh le tréimhse an bhoird dheireanaigh ag deireadh na bliana seo caite agus is léir anois gur athcheapadh ochtar comhaltaí ar an mbord nua, cathaoirleach ina measc.
Dúirt Roinn na Gaeltachta an mhí seo caite go mbeadh fógra faoi “bhord nua” le déanamh go gairid ach tá an chuma ar an scéal go bhfuil an bord nua ceaptha ó mhí Eanáir.
I nóta eolais a réitíodh d’Aire nua na Gaeltachta, Dara Calleary, nuair a ceapadh é, deirtear go dtiocfaidh “deireadh le téarma bhord reatha an Údaráis ar an 31 Nollaig 2026 nó níos luaithe ná sin má tá an Rialtas in ann toghcháin a reáchtáil roimhe sin.”
Is ar an 23 Eanáir a ceapadh Calleary mar Aire na Gaeltachta. Bhí a réamhtheachtaí Catherine Martin ag feidhmiú mar aire go dtí sin, in ainneoin nár éirigh léi a suíochán a choinneáil san olltoghchán deireanach.
Tá ceist curtha ag Tuairisc ar Roinn na Gaeltachta faoi cén uair a athcheapadh na comhaltaí ar an mbord, cé a thug faomhadh don chinneadh sin agus cén próiseas a bhí i gceist ach níl aon fhreagra curtha ar fáil go dtí seo. Dhiúltaigh Roinn na Gaeltachta roimhe seo a rá an raibh Údarás na Gaeltachta ag feidhmiú gan bord iomlán ag aon phointe ó thús na bliana.
De réir suíomh gréasáin an Údaráis, ochtar comhaltaí atá ar an mbord i láthair na huaire – Siobhán Ní Ghadhra (cathaoirleach), Máire Áine Uí Ailín, Breandán Mac Gearailt, Micheál Ó Drisleáin, Caitlín Ní Bhroin, Seán Ó Cuireáin, Anthony Molloy agus Pádraic Ó Conaire. Bhí an t-ochtar sin ina gcomhaltaí ar an mbord deireanach chomh maith.
Dhá dhuine dhéag a bhí ar an mbord deireanach, an t-uasmhéid atá ceadaithe faoin reachtaíocht. Faoi Acht na Gaeltachta, 2012, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile. Ionadaithe de chuid na gcomhairlí contae iad Anthony Molloy (Dún na nGall) agus Breandán Mac Gearailt (Ciarraí) ar an mbord reatha.
Nuair a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta a Ráiteas Deireadh Bliana do 2024 an mhí seo caite, ní dhearnadh aon tagairt do bhord nua a bheith ceaptha. Dúirt urlabhraí de chuid an Údaráis le Tuairisc ina dhiaidh sin gur ceist do Roinn na Gaeltachta a bhí ann an raibh bord na heagraíochta ag feidhmiú agus, má bhí, cé hiad na comhaltaí a bhí air.
Bhí bord Údarás na Gaeltachta breis is sé mhí gan cathaoirleach anuraidh go dtí gur ceapadh Siobhán Ní Ghadhra ag deireadh 2024. An bhliain roimhe sin, bhí an tÚdarás ag feidhmiú gan bord ar feadh tréimhse go dtí gur ceapadh comhaltaí agus cathaoirleach eatramhach. Gan bord, ní bhíonn an tÚdarás in ann cinntí áirithe a dhéanamh faoi dheontais a cheadú agus airgead a chaitheamh.
Eascraíonn cuid mhaith den éiginnteacht faoi cheist bhord Údarás na Gaeltachta ó chinneadh an rialtais dheireanaigh toghchán an Údaráis a thabhairt ar ais. Fógraíodh ag deireadh 2022 go raibh sé i gceist na toghcháin a chur ar bun arís. Bhí sé i gceist toghchán a reáchtáil mí an Mheithimh seo caite ar an lá céanna leis na toghcháin áitiúla agus Eorpacha ach níor ritheadh an reachtaíocht chuí in am.
Níor mhair tréimhse an bhoird dheireanaigh ach dhá bhliain go dtí deireadh 2024, seachas tréimhse cúig bliana mar a bhíodh roimhe sin, mar gur measadh go mbeadh toghchán ar siúl.
Cuireadh An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024 os comhair na Dála mí Iúil 2024 ach ní dhearnadh aon phlé eile air ó shin. Tá an bille le plé sa Dáil arís an tseachtain seo agus é i measc na bpíosaí reachtaíochta a bhfuil tosaíocht tugtha dóibh ag an rialtas nua.
Má ritear an reachtaíocht leasaithe in am, d’fhéadfaí toghcháin an Údaráis a reáchtáil ar an lá céanna le toghchán na hUachtaránachta. Caithfidh an toghchán sin a bheith ann roimh an 11 Samhain.
Donncha O hEallaithe
“Má ritear an reachtaíocht leasaithe in am, d’fhéadfaí toghcháin an Údaráis a reáchtáil ar an lá céanna le toghchán na hUachtaránachta. Caithfidh an toghchán sin a bheith ann roimh an 11 Samhain.”
Sin an chontúirt atá ann: go bhfuil sé i gceist ag an rialtas toghcháin an Údaráis a bheith ar siúl ar an lá céanna le toghchán eile. Cén fáth go ndéanfadh an rialtas é seo? Déarfar, mar dhea, gur le airgead a shábhailt atá sé á dhéanamh. Ach ní hé sin an chúis. Ar ndóigh d’fheilfeadh sé do iarrthóirí na bpáirtithe polaitíochta toghchán an Údaráis a bheith ann ar an lá céanna le toghchán eile ach tá an baol ann go gcuirfeadh sé an daonlathas as riocht sa nGaeltacht, im thuairimse.
Do réir torthaí Daonáirimh 2022 bheadh 2,000 níos mó daoine i gCathair na Gaillimhe i dteideal vóta a chaitheamh i dToghchán an Údaráis ná i nGaeltachtaí na Mumhan ar fad le chéile: 13,692 i gceantair Ghaeltachta Chathair na Gaillimhe a bhí os cionn 18 mbliain d’aois i 2022, i gcomparáid le 11,799 i nGaeltachtaí na Mumhan, idir Ciarraí, Corcaigh agus Port Láirge.
Samhlaigh mar a d’oibreodh sé ar lá an toghcháin: duine as eastáit tithíochta ar imeall na cathrach, nach eol dó/di céard é Údarás na Gaeltachta, ag dul ag vótáil i dtoghchán na hUachtarántachta; dhá pháipéar ballóide á thabhairt dóibh, ceann bán le ainmneacha na n-iarrthóirí atá ag iarraidh dul isteach i mbróga Mhichael D. agus páipéar ballóide (i nGaeilge, glacaim leis, cé nach bhféadfá a bheith cinnte dhó sin) do Thoghchán an Údaráis le liosta ainmneacha nár chuala an vótálaí trácht riamh orthu! Bheadh an vóta sin, dá mbacfadh sé/sí len é a chaitheamh, bunaithe ar aineolas. Ní daonlathas é sin ach a mhalairt.
Go bunúsach, má tá faoin rialtas an toghchán a reachtáil ar an lá céanna le toghchán an Údaráis ar cheart vóta a bheith ag daoine ina gcónaí i gCathair na Gaillimhe?
Cordelia Nic Fhearraigh
Tá beirt ar a laghad as a chúigear chomhaltaí sin a chaitheann a saoil ag feidhmiú go hiomlán trí Bhéarla. Cad chuige a bhfuil siad ar bhord bainistíochta Údarás na Gaeltachta?? An bhfuil an Bhéarla anois mar theangaidh oibre ag Údarás na Gaeltachta? B’fhéidir go bhfuil le blianta fada? An bhfuil plean teanga ag Údarás na Gaeltachta? An bhfuil plean teanga ag Roinn na Gaeltachta? An dtuigeann na dreamanna seo caidé atá i gceist le plean teanga??
Cian Mac Aodhán
“In ainneoin na caint atá acu anois ar jabanna, ard-teicneolaíochta agus mar sin, is cur chuige na forbartha tuaithe atá fós acu.
An fhadhb atá leis sin, formhór na ndaoine atá ag fanacht – ina gcónaí – sa nGaeltacht limistéireach, seachas sa nGaeltacht Ghaelach, is cainteoirí gníomhach Béarla atá iontu. So mar sin, an soláthar Stáit, le cúnamh a thabhairt don Ghaeltacht, tá formhór an airgid sin dhá chaitheamh go limistéireach ar tromlach an Bhéarla a bhfuil cónaí orthu ann.
Na Gaeil atá fágtha sa nGaeltacht, is mionlach atá iontu sin, agus i ngeall ar an gcur chuige limistéireach, níl na meicníochtaí anois ag Roinn na Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, le díriú isteach ar an bpobal Gaelach atá fágtha againn.”
“Le teacht thairis ar sin seod é an moladh nua atá againn, agus tá cuid de seo insan leabhar a luaigh Feargall ansin, Beartas Úr na nGael, níl a ndóthain cumhacht agus ‘agency’ mar a abraíonns an tsíceolaíocht, níl a ndóthain cumhacht ag na Gaeil féin le freastal ar a riachtanais féin.
Agus seachas modh oibre atá dírithe ar an bpobal limistéireach, tá an géarchéim chomh mór sin sa nGaeltacht anois go gcaithfimid cur chuige atá i bhfad níos spriocaithe, targeted, ar an bpobal féin.
Agus an modh oibre atá lena haghaidh í sin a dhéanamh, sin an t-Iontaobhas nó an Community Trust seo, mar a dúirt muid sa leabhar ‘Gaelic Crisis’ in Albain.
Níl a ndóthain daonlathas ag na Gaeil sa gcomhthéacs acu féin… caithfidh tionól éicint a bheith acu, ‘Dáil’, – meicníocht le cead a thabhairt dona beartais a bheas ag an Iontaobhas, le airgead a chaitheamh i measc an phobail.
Agus ansin caithfear chomh maith iarracht a dhéanamh filleadh ar an argóint sin a bhí sa staidéar cuimsitheach – Ní féidir pobal teanga a bheith ann mara mbeidh tearmann, nó mara mbeidh ceantar acu féin. Mholfainn féin aghaidh a thabhairt ar na ceantracha is mó dlús atá fágtha, sin an ‘social density’ seo, agus iarracht a dhéanamh an dlúth sin a aththógáil aríst.”
Thóg mé na ráitis sin ó agallamh leis an tOllamh Conchur Ó Giollagáin (Slánú na Gaeilge – Ról an Phobail, Ról an Stáit) a thug sé do Glór na Móna in 2021.
Táim ar aon intinn leis an bheirt thuas, Donncha Ó hEallaithe agus Cordelia Nic Fhearraigh, agus go deimhin leis an t-Ollamh Ó Giollagáin.
Níl a ndóthain daonlathas ag an mionlach Gaelach atá fágtha sa Ghaeltacht, agus dealraíonn sé go bhfuil (agus bhí i gcónaí) drogall ar an Stát é a thabhairt dóibh.