Bogearraí scríbhneoireachta – boscaí bróg scríbhneoirí an lae inniu

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: d’fhéadfadh scríbhneoir dul i muinín bosca bróg, nótaí scríofa ar chártaí fisiciúla, siosúr agus gliú – ach cén fáth a ndéanfadh duine sin nuair atá bogearraí nua-aimseartha ar fáil?

Bogearraí scríbhneoireachta – boscaí bróg scríbhneoirí an lae inniu

Níl a fhios agam beo cén chaoi ar scríobh daoine úrscéalta sula raibh ann don bhogearra scríbhneoireachta Scrivener agus a mhacasamhla.

Cén chaoi faoin spéir ar choinnigh siad súil ar shnáitheanna éagsúla an scéil? Cén chaoi ar chinntigh siad nach raibh gruaig rua ar charachtar X ar leathanach 25 agus gruaig fhionn ar leathanach 87?

Nó nach raibh suíomh Y suite in aice leis an séipéal i dtús an scéil, ach trasna na sráide uaithi ag a dheireadh?

Is dócha go raibh na scórtha leabhar nótaí ag na scríbhneoirí réamhdhigiteacha seo, agus bunachair shonraí fhisiciúla: boscaí bróg lán cártaí agus nótaí orthu sin faoi dhathanna súl agus gruaige na gcarachtar, faoi na radharcanna, na bolaithe agus na fuaimeanna a bhain le gach suíomh sa scéal.

Tá na leabhair nótaí sin agam féin: bainim úsáid astu don chéad dréacht de scéal ar bith a scríobhaim.

Ach is é an bogearra Scrivener mo bhosca bróg: bunachar sonraí lán cártaí digiteacha a chuireann ar mo chumas na radharcanna sa scéal atá idir lámha agam a chur in ord ar bith ar mian liom.

Ar an bpointe boise, cuireann an bogearra téacs an dréachta féin san ord nua.

Thógfadh an obair chéanna uaireanta fada an chloig orm dá mbeadh orm treabhadh trí bhunachar fisiciúil sonraí. Is dóichí ná a mhalairt nach mbeadh bord sách mór agam chun na cártaí ar fad a leagan amach. Bheadh orm úsáid a bhaint as siosúr agus gliú chun dul i ngleic leis an dréacht féin.

Éascaíonn bogearraí ar nós Scrivener an cuardach freisin. Clic amháin agus tá chuile radharc ina bhfuil carachtar X nó suíomh Y os mo chomhair, clic eile agus tá chuile radharc ina bhfuil carachtar X ar shuíomh Y os mo chomhair.

An lá cheana, bhain mé úsáid as Scrivener chun scagadh a dhéanamh ar na snáitheanna scéil éagsúla san úrscéal atá á scríobh agam faoi láthair. Tá mé nach mór leath bealaigh leis an gcéad dréacht agus rith sé liom gur den chríonnacht é seasamh siar ar feadh soicind agus féachaint cá mhéad liathróid bheag a bhí á gcoinneáil san aer agam ag an am céanna. 

Bhí mé rud beag siar is aniar i m’aigne féin ar dtús faoi céard is snáithe scéil ann ar chor ar bith, ach nuair a shocraigh mé gurb éard atá i gceist ná scéal-líne aonair a bhfuil tús, lár agus deireadh aige, d’aimsigh mé ocht gcinn.

Nuair a tháinig mé chugam féin ón tuiscint sin – ocht liathróid bheag le coinneáil san aer! – rangaigh mé in ord tábhachta iad agus bhronn mé dath deas ar chuile cheann: dearg don mhórscéal grá, buí do dhúshlán oibre dhuine de na príomhcharachtair, uaine don chaidreamh idir an príomhcharachtar eile agus a mhuintir, agus mar sin de. Tá na dathanna deasa sin le feiceáil ar chártaí digiteacha mo thogra anois, léiriú an-fhísiúil ar shnáitheanna éagsúla m’úrscéil agus na cártaí sin scaipthe amach ar chorc-chlár digiteach, gné an-mhealltach eile a bhaineann le Scrivener.

Agus mé ag cliceáil agus ag tarraingt liom, mo scéal á mhúnlú go digiteach agam, mothaím trua do na glúnta scríbhneoirí a tháinig ar an saol roimh ré na ríomhaireachta – ach tá mé rud beag in éad leo freisin. De réir dealraimh, bhí ar a gcumas tionscnaimh mhóra a ionramháil ina n-aigne ar bhealach atá doshamhlaithe dúinn sa lá atá inniu ann.

Ach is dócha nach raibh aird leithéidí Faulkner, Woolf agus Uí Chadhain á mealladh ag Twitter, WhatsApp agus Instagram chuile dhá nóiméad ach an oiread.

Fág freagra ar 'Bogearraí scríbhneoireachta – boscaí bróg scríbhneoirí an lae inniu'