Bliain mhór iomána romhainn agus Luimneach ar thairseach na staire

Tá cúpla seachtain eile ann sula dtosóidh an tSraith Náisiúnta Iomána ach is í an chraobh comórtas mór na bliana i gcónaí agus obair mhór le déanamh ag foirne idir seo agus sin

Bliain mhór iomána romhainn agus Luimneach ar thairseach na staire

D’fhéadfadh go mbeadh bliain stairiúil romhainn agus Luimneach ar thairseach na staire leis an bhfoireann speisialta atá acu. Is deacair a chreidiúint nár bhuaigh Luimneach Craobh na hÉireann ach uair amháin idir 1973 agus 2018 ach go bhfuil Corn Mhic Cárthaigh tugtha leo acu cúige huaire ó shin.

I lár mhí na Samhna seo caite, fógraíodh féilire na bliana don chraobh iomána. Bhí áthas ar chuid mhaith de lucht na hiomána nuair a chonaic siad nach mbeadh an dá chluiche ceannais cúige á n-imirt an lá céanna, mar a tharla anuraidh agus a chur as do roinnt mhaith daoine. I mbliana imreofar cluiche ceannais Laighean ar an Satharn, 8 Meitheamh, agus beidh cluiche ceannais na Mumhan againn an lá ina dhiaidh sin. An bhliain seo chugainn, déanfar malartú agus cluiche mór na Mumhan ar an Satharn agus cluiche ceannais Laighean á imirt ar an Domhnach.

I gCraobh Laighean na bliana seo, tosóidh na seaimpíní, Cill Chainnigh, le cluiche sa bhaile i gcoinne Aontroma. Bhí mórán cainte agus comhrá an t-am seo anuraidh faoi bhainisteoir nua na gCat, Derek Lyng, agus conas mar a bheadh aige agus é ag teacht isteach i ndiaidh Brian Cody. Bhuel, bhuadar Craobh Laighean agus chuadar chomh fada le cluiche ceannais na hÉireann ach tuigimid go léir nach bhfuil ach cuspóir amháin ag iománaithe agus leantóirí Chill Chainnigh ach níor bhaineadar an cuspóir sin amach.

Ar an gcéad lá freisin cuirfidh an Ghaillimh fáilte roimh bhuachaillí nua an chomórtais, Ceatharlach, tar éis dóibh ardú céime a bhaint amach agus rachaidh Áth Cliath go Loch Garman do chluiche thar a bheith tábhachtach don dá chontae.

Cé go bhfuil tábhacht ag baint leis na cluichí go léir, is dócha gur sa dara babhta a bheidh cluiche mór na gcéad bhabhtaí i gcúige Laighean againn nuair a chasfaidh an Ghaillimh agus Cill Chainnigh ar a chéile i mBóthar na Trá. Sa bhabhta deireanach sa chúige, beidh Aontroim i gcoinne Cheatharlach, Cill Chainnigh i gcoinne Loch Garman agus an Ghaillimh ag casadh ar Áth Cliath. D’fhéadfadh an babhta sin a bheith an-tábhachtach.

I gcúige Mumhan, sa chéad chluiche, rachaidh Luimneach, atá ar thóir sé chraobh i ndiaidh a chéile, chuig Páirc Cíosóig in Inis chun tabhairt faoin bhfoireann baile. Le cúpla bliain anuas, bhí cluichí den scoth againn idir na contaetha seo agus níl aon dabht ach go mbeimid ag súil le tuilleadh splancacha sa chéad cluiche seo.

Beidh Port Láirge ar ais i bPáirc an Bhreathnaigh dá gcéad chluiche agus Corcaigh ar cuairt chucu an chéad deireadh seachtaine sin. Is deacair ag an bpointe seo tuairim a thabhairt ar cén contae a bhuafaidh an cluiche sin. Anuraidh bhí na Déisigh an-mhaith sa chéad chluiche i gcoinne Luimnigh, cluiche a chailleadar ag an deireadh. Ach ansin bhí tréimhse ina rabhadar uafásach. Chríochnaíodar le bua gan choinne i gcoinne Thiobraid Árann. Beidh siad d’uireasa Austin Gleeson i mbliana agus cinnte beidh siad féin agus an bainisteoir faoi bhrú. Agus cé nár tháinig Corcaigh amach slán as an ngrúpa anuraidh, bhí an tuairim ann sa chontae go ndearnadar dul chun cinn mar sin féin. Tá níos mó fianaise ag teastáil uainn, áfach.

Ní thosnóidh feachtas Thiobraid Árann go dtí babhta a dó. Arís tá sé deacair chomh luath seo sa bhliain aon mheasúnú ceart a thabhairt orthu. Mar sin féin caithfidh siad a bheith i mbarr a maitheasa don chéad chluiche seo agus iad ag taisteal chuig Páirc na nGael chun aghaidh a thabhairt ar churaidh na hÉireann.

Ní fada go mbeidh na cluichí réamhshraithe againn agus tosnóidh na cluichí sraithe an chéad deireadh seachtaine de mhí Feabhra.

Athbhliain faoi mhaise daoibh agus sinn ag súil le bliain mhór iomána.

Fág freagra ar 'Bliain mhór iomána romhainn agus Luimneach ar thairseach na staire'