Bliain mhaith i mbun tairngreachta ag Cailleach an Uafáis in 2016

Caitheann ár gcolúnaí súil siar ar nuacht idirnáisiúnta 2016 – bliain inar tháinig an tuar faoi nach mór chuile thairngreacht dá ndearna Cailleach an Uafáis

Bliain mhaith i mbun tairngreachta ag Cailleach an Uafáis in 2016

Mar is gnách leo, d’iarr Tuairisc.ie orm súil siar a chaitheamh ar an mbliain atá ag teacht chun deiridh. Ar mhaithe leis an gcraic, shocraigh mé ceist a chur ar aitheascal ár linne, Google, cén saghas bliana a bhí in 2016. Seo thíos an toradh:

Is léir nach í an eite dheis amháin atá ag glacadh seilbhe ar Google, ach go bhfuil Cailleach an Uafáis í féin tar éis dul i bhfeidhm ar an inneall cuardaigh. 

Go deimhin, cheapfadh duine go bhfuil sí tar éis dul i bhfeidhm ar an idirlíon ar fad. Is léir ó na scórtha míle pictiúr barrúil den chineál thíos a chonaic mé le mí anuas gurb í an chloíteacht spiorad ár linne:

Tá sé sin ar fad le tuiscint. Bliain a bhí in 2016 inar tháinig an tuar faoi nach mór chuile thairngreacht dá ndearna Cailleach an Uafáis. Is minic a mhothaigh mé féin, agus mé i mbun tráchtaireachta ar chúrsaí reatha idirnáisiúnta ar na leathanaigh seo, gur gheall le bean chaointe mé.

Buamaí sa Bhruiséil, i mBaghdad, in Lahore, in Istanbul, agus i gcathracha eile nach iad. Sléacht gunna i gclub aerach in Orlando.

Leanann an cogadh cathartha sa tSiria ar aghaidh. Seans gurbh é an t-ár a tharla coicís ó shin in oirthear Aleppo ba mhó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine toisc gur lámhachadh oiread sibhialtach ann, ach fuair nach mór 47,000 duine bás sa choimhlint i mbliana.

Creid é nó ná creid, ach sin líon níos lú ná an líon daoine a fuair bás go foréigneach sa Bhrasaíl i mbliana. Meastar gur dúnmharaíodh os cionn 60,000 duine sa tír sin sa bhliain 2016, líon níos airde ná i dtír ar bith eile ar domhan. Fir óga, ghorma formhór mór na n-íobartach.

Ar ndóigh, ní hí an Bhrasaíl an t-aon tír amháin ina léiríonn na staitisticí go mbíonn beatha an duine ghoirm, dhoinn nó bhuí i mbaol i bhfad níos minice ná beatha an duine ghil. Is amhlaidh a bhíonn sna Stáit Aontaithe.

I mbliana, fuair ar a laghad dáréag duine gorm bás i bhforéigean a bhain le hoibríochtaí póilíneachta sa tír sin. Seans gurbh é lámhachadh Philando Castile i gcathair St. Paul, Minnesota, ba mhó a chuaigh i gcion ar dhaoine toisc gur bheochraol a chailín cuid den eachtra ar Facebook. An lá roimhe sin, i gcathair Baton Rouge, Louisiana, maraíodh Alton Sterling in oibríocht phóilíneachta eile. Thug an dá eachtra sin ar Beyoncé ráiteas neamhbhalbh a dhéanamh: ‘The war on people of color needs to be over.’

Éistear lena glór. 

Bhí laghdú i mbliana ar líon iomlán na dteifeach atá ag iarraidh an Eoraip a bhaint amach i gcomparáid leis an mbliain 2015, ach ba mhó ná riamh líon na ndaoine a fuair bás ar an mbealach. Agus an t-alt seo á scríobh, meastar gur 4,700 ar a laghad a d’éag i mbliana nuair a chuaigh na báid bheaga ar a raibh siad ag iarraidh an Mheánmhuir a thrasnú go tóin poill. Is ionann an líon sin agus daonra iomlán An Spidéil, na bhForbacha agus Bhearna.

Tá an faisisteachas ag bailiú nirt ar fud an Domhain Thiar. (Is ea go deimhin, faisisteachas. Sofhriotal téarmaíocht ar bith eile.)

Is léir sin ón gciníochas agus ón tseineafóibe a bhain leis an bhfeachtas ar son na Breatimeachta, agus ón ardú mór a tháinig ar líon na n-ionsaithe ar inimircigh sa Bhreatain i ndiaidh do mhóramh beag sa tír sin droim láimhe a thabhairt don Aontas Eorpach.

Is léir sin ón gciníochas agus ón tseineafóibe a bhain le feachtas toghchánaíochta Donald Trump sna Stáit Aontaithe, agus ó ráitis den chineál ‘Black lives don’t matter’ a breacadh ar bhallaí sa tír sin nuair a toghadh é.

Is léir sin ón tacaíocht atá á tabhairt fud fad na hEorpa do pháirtithe frith-Ioslamacha.

Tá an daonlathas faoi bhrú i gcodanna eile den domhan freisin.

Sa Bhrasaíl, táinsíodh Dilma Rousseff, an chéad bhean riamh a toghadh ina huachtarán ar an tír sin, ar chúis fhánach.

I mí Iúil, theip ar iarracht coup d’état sa Tuirc, rud a thug deis don uachtarán, Recep Tayyip Erdoğan, gortghlanadh a chur i bhfeidhm agus a ghreim ar an tír a dhaingniú. Gabhadh na scórtha míle duine, saighdiúirí, breithiúna agus múinteoirí ina measc. D’fhág an scliúchas breis is trí chéad duine marbh.

An ormsa atá sé, nó ar fhág níos mó daoine mór le rá slán leis an saol seo i mbliana ná mar is gnách? Tá David Bowie, Terry Wogan, Johan Cruijff, Prince, Muhammad Ali, Leonard Cohen, William Trevor, Fidel Castro agus mórphearsana eile nach iad ar shlí na fírinne. 

An fhírinne. Ba dheas an rud a cheapadh go mbeidh teacht uirthi ag an marbh in áit éigin, ós rud é nach bhfuil fáil uirthi a thuilleadh ag an mbeo. Ba é 2016 an bhliain gur tuigeadh dúinn go bhfuil an fhírinne féin tar éis bháis. 

B’fhéidir go raibh muid saonta.

Má bhí, is dóichí ná a mhalairt gurbh í ár bpribhléid gheal ba chúis leis sin – an saol teolaí liobrálach sin ina mairimid. Fuair pobail eile amach i bhfad romhainne gur leis an dream a bhíonn i gcumhacht an stair, agus gurb iad an dream ar leo an stair a bhíonn i gcumhacht. 

‘Our history gets written in a liar’s scroll,’  a chan an t-amhránaí agus an gníomhaí bundúchasach as Ceanada, Buffy Sainte-Marie, thiar ag tús na 1990í. Stair na mbundúchasach i Meiriceá Thuaidh a bhí i gceist ag Sainte-Marie san amhrán áirithe sin, ‘Bury My Heart At Wounded Knee’. Ach mura mbímid cúramach, beidh stair an chine dhaonna ar fad á athscríobh ag faisistigh na linne seo ar na hinnill chuardaigh agus ar na meáin shóisialta ar lig muid dóibh áit na hiriseoireachta neamhchlaonta agus áit na bhfíricí a thógáil.

’Sea, bliain a bhí in 2016 inar tháinig an tuar faoi nach mór chuile thairngreacht dá ndearna Cailleach an Uafáis, ach ní bhíonn néal gan ghealán. Bhí tuartha dóchais i gcorr-áit. 

Tháinig deireadh, tar éis breis agus leathchéad bliain, leis an gcogadh cathartha sa Cholóim nuair a shínigh rialtas na tíre sin agus ceannaircigh na gluaiseachta FARC conradh síochána.

In ainneoin na dtairngreachtaí, níor toghadh an polaiteoir frith-Ioslamach Norbert Hofer ina uachtarán ar an Ostair; bhí an lá ag iarrthóir an pháirtí ghlais, Alexander Van der Bellen.

Cé nár gearradh pionós air, ciontaíodh an polaiteoir frith-Ioslamach as an Ísiltír, Geert Wilders, as pobal (Ísiltírigh de shliocht Mharacó) a mhaslú, agus as leatrom ar bhonn cine a spreagadh. Feicfear amach anseo cén tionchar a bheidh ag an mbreith seo ar an olltoghchán a bheidh ar siúl san Ísiltír in Earrach 2017.

Sna Stáit Aontaithe, sheas pobal bundúchasach Standing Rock an fód i gcoinne phíblíne ola atáthar ag iarraidh a thógáil gar dá dtearmann. D’éirigh leo aird idirnáisiúnta a tharraingt ar a bhfeachtas agus bhí bua mór acu nuair a diúltaíodh cead an chuid sin den líne a chuirfeadh isteach ar mhuintir an tearmainn a thógáil, ach ar eagla go rachadh rialtas na Stát Aontaithe siar ar a bhfocal nuair a thiocfaidh Donald Trump i gcumhacht, ní thréigfidh muintir an tearmainn agus a lucht tacaíochta a gcampa agóide go fóill.

Eiseamláir agus tuar dóchais don chuid eile againn ar cás linn saol cothrom, ilchultúrtha agus inmharthana a bhfódseasamh. Tuilleadh faoi sin an tseachtain seo chugainn, inár ‘Súil Chun Cinn ar 2017’.

Fág freagra ar 'Bliain mhaith i mbun tairngreachta ag Cailleach an Uafáis in 2016'