Blaiseadh de na himeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta a bheidh ar siúl Oíche Chultúir 2021

Tráthnóna amárach a bheidh Oíche Chultúir 2021 á reáchtáil ar fud na tíre agus tá roinnt mhaith ócáidí Gaeilge agus Gaeltachta ar an gclár

Blaiseadh de na himeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta a bheidh ar siúl Oíche Chultúir 2021

Ruairí Ó Donnabháin, damhsóir atá ag cur faoi ar Oileán Chléire, atá ainmnithe mar ambasadóir na Gaeltachta d’Oíche Chultúir 2021. Deir ambasadóir 2021 go bhfuil sé “fíorthábhachtach go ndéanaimid ceiliúradh ar ár gcultúr agus ar na healaíona”. Tá tacaíocht curtha ar fáil ag Ealaín na Gaeltachta do 30 imeacht éagsúil fud fad na Gaeltachta. Is é Micheál Ó Fearraigh, Feidhmeannach Forbartha Ealaíon Údarás na Gaeltachta agus deir sé gur tríd an cheiliúradh agus an bród sin a thugtar “léargas bríomhar ar leith go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta ar shainiúlacht na Gaeltachta”. Tá tuilleadh eolais faoi na himeachtaí ar fad atá ag tarlú ar líne agus sna ceantair Ghaeltachta ar fáil ar Ealaín.ie.  


liosta Imeachtaí anseo. 

Is féidir chomh maith dul go  www.culturenight.ie agus ‘An Ghaeltacht’ a chuardach le liosta iomlán imeachtaí a fheiceáil. 


Oíche Chultúir sa Ghaeltacht’ ar TG4

Aoife Ní Shé

Camchuairt thart timpeall na Gaeltachta ó Ghaoth Dobhair ó dheas go dtí An Rinn, ag bualadh le healaíontóirí éagsúla.


Co Dhún na nGall:  

I nGaoth Dobhair cuirfidh aisteoirí Ghaoth Dobhair ‘Oíche Scoraíochta agus Drámaíochta’ ar fáil idir a 6.00-7.30pm agus craolfar beo ar na meáin shóisialta na himeachtaí. Tráthnóna beidh taispeántas ealaíon ar Stair Oileán Ghabhla á chur i láthair ag Máirín Ní Fhearraigh sa leabharlann.  

Ar an bhFál Carrach beidh ceardlann cliabhadóireachta sa tSean-Bheairic óna 11-15.00pm agus óna 5.00 beidh ceardlann Mandala ansin. 

I nGleann Cholm Cille oíche scéalaíochta a bheidh acu.


Co Mhaigh Eo 

In Áras Inis Ghluaire i mBéal an Mhuirthead beidh an físealaíontóir Pamela de Brí i mbun ceardlann priontála óna 6.00-8.00pm.


Co na Gaillimhe 

An t-amhránaí as Inis Oírr Lasairfhíona Ní Chonaola

In Inis Oírr, beidh cóisir a lae breithe ag Áras Éanna agus iad ag ceiliúradh 21 bliain ar an oileán. Beidh grianghraif a thóg fear na háite, Cormac Coyne d’imeachtí ealaíne éagsúla na mblianta sin á scaladh ar bhallaí Chaisleán Uí Bhriain le titim na hoíche agus ceoltóirí na háite ag ceol faoin aer agus é á scaipeadh ar líne ag an Áras. 

Seolfaidh amhránaí as an oileán, Lasairfhíona Ní Chonaola agus an banna ceoil 8-bit Banjo amhrán nua ar líne an oíche sin. 

In Inis Meáin, beidh ceardlann scéalaíochta acu le Darach Mac Con Iomaire, i gcomhar leis na daltaí i gColáiste Naomh Eoin. Cuirfidh na ceoltóirí Maria Ryan agus Lucia McPartlin ceol ar fáil agus beidh ábhar ceirde an oileáin ar taispeáint óna 6pm – 9:45pm. 

Thiar i gCeantar na nOileán i gConamara seolfar sraith podchraoltaí ‘Mar a bhí, Mar Atá’ ag Comhar Chuigéil agus coinneoidh PJ Sonaí agus a chairde rabharta ceoil linn ag an oíche cheoil. 

I gCois Fharraige beidh Pastime Chonamara ag taispeáint stuaim láimhe Chois Fharraige ag teach ósta Thír na nÓg óna 8pm – 10pm. 

Ar an gCeathrú Rua Cleamaírí agus Fir Bhuí faoi stiúir Ríonach Ní Néill a bheidh ag sodar ar fud an bhaile sa dorchadas. 

I Maigh Cuilinn ag a 7.00pm beidh turas eagraithe thart ar an mbaile agus scéalta béaloidis faoi na coillte, na cnoic agus an locha á n-inseacht.


Co Chiarraí 

Colm Mac Gearailt agus Eoin P. Ó Murchú

Sa Díseart sa Daingean óna 3.00-10.00 pm beidh taispeántas de scór bliain de léaráidí a rinne Dómhnall Ó Bric. 

Beidh rince is ceol ansin óna 4.00-6.00pm ó Ránog Townsend, Méabh Ní Bheaglaoich & Niamh Varian-Barry agus Jeremy Spencer, Donogh Hennessey & Eoin Duignan.  

Óna 8.00-9.00pm beidh féasta Filíochta Béil is Ceoil ansin ó Cholm Mac Gearailt agus Eoin P Ó Murchú.


Co Chorcaí 

Gadaí Dubh i mBaile Mhic Íre

I mBaile Mhic Íre i Maigh Chromtha beidh ceoltóirí óga Baois ag seinm sa Ghadaí Dubh agus scannán nua á sheoladh acu ar líne. 


Co Bhaile Átha Cliath  

Ag Cearnóg Theach an Tionóil i mBarra an Teampaill beidh an banna ceoil, Kíla ag ceol óna 7.45pm – 9:15pm. 

In Áras Chrónáin i gCluain Dolcáin beidh ceol beo le clos óna 5pm – 11pm agus damhsa seit is céilí óna 8.00pm.


Co na Mí 

Éamon Ó Donnchadha

Ag 8.30pm beidh neart amhrán le cloisteáil sa mBradán Feasa i Ráth Chairn i gcomhluadar Éamoin Uí Dhonnchadha agus a chairde.


Co Phort Láirge 

Áine Uí Fhoghlú

Ag 6.30pm ar líne cloisfear an dán a chum Áine Uí Fhoghlú do bhaile Dhún Garbhán agus ag a 7.00pm a bheidh ‘Seal le Seanchaí’ á chraoladh ar líne ag Coiste Dhún Garbhán le Gaeilge, agus raidhse scéalta ag seanchaithe na háite Séamus Ó Lonáin, Liam Suipéil agus Deuglán Turraoin. 

Más ceol atá uait beidh poirt, amhráin agus spraoi á roinnt ar líne linn ag Nuadán óna 8pm – 9pm.


Co an Dúin 

Cuirfidh Cumann CLG ‘An Ríocht’ tráthnóna cultúrtha ar fáil óna 7pm – 9pm agus ceoltóirí ón gclub ag ceol, ag comhrá agus ag ceiliúradh.  


Co Dhoire 

Déanfaidh Glór Dhún Geimhin ceiliúradh ar shaibhreas ceoil na dúiche sin – Clann Uí Bhloscaidh, Clann Uí Bhrollaigh agus Clann Uí Cheallaigh ina gcuid den cheiliúradh óna 7.30pm – 9pm. Gheobhaidh tú tae agus sólaistí fosta! 

Fág freagra ar 'Blaiseadh de na himeachtaí Gaeilge agus Gaeltachta a bheidh ar siúl Oíche Chultúir 2021'