‘Bíonn cúrsaí an domhain ag luí trom orainn ach tá spraoi agus saoirse sa snagcheol’

Cainteoir líofa Gaeilge as cathair na Gaillimhe é Aengus Hackett a chaith in aer an eolaíocht chun dul ag plé leis an snagcheol. Labhair sé le Tuairisc 

‘Bíonn cúrsaí an domhain ag luí trom orainn ach tá spraoi agus saoirse sa snagcheol’

Cuir ceist ar Aengus Hackett cén ghné den cheol a mheallann é agus déarfaidh sé an tsaoirse, an spraoi agus an nasc sóisialta a spreagann a ghrá dó. Cumadóir ceoil agus giotáraí snagcheoil as Gaillimh ó dhúchas é Hackett atá ag obair i réimse an snagcheoil in iarthar na tíre le hos cionn cúig bliana déag ar thograí cruthaitheacha éagsúla.

“Féadfaidh tú saoirse a bheith agat in aon saghas ceoil, ach nuair a bhí mé i mo pháiste shíl mé gurb é an snagcheol ba shaoire a bhí ann. Bhí tú in ann aon mhothúchán a chruthú sa snagcheol agus airím fós mar sin anois. Tá sé oscailte le haghaidh na smaointe sin, d’aon smaoineamh a bheadh agat.”

D’fhás Aengus aníos agus an ceol mórthimpeall air i gcónaí. Bhí an teach ósta aitheanta Hogan’s Bar ar an mBóthar Mór i nGaillimh ag a mhuintir agus é ag fás aníos agus is cuimhin leis go mbíodh go leor ceoltóirí isteach ann. “Tá sé imithe anois, bhí sé san áit a bhfuil an Dean anois ach is spota iontach le haghaidh an cheoil a bhí ann agus bhí ceol timpeall orm a ó bhí mé an-óg.”

Chuaigh sé ar scoil i nGaelscoil Dara ar an Rinn Mhór i nGaillimh agus bhí sé i measc an chéad bhuíon daltaí i mblianta tosaigh na scoile a bunaíodh i 1984. “Bhí beagáinín Gaeilge ag mo mháthair agus bhí an-ghrá aici don Ghaeilge agus chuaigh mise agus mo dheartháir go dtí Gaelscoil Dara. Is scoil bheag a bhí ann ag an am agus bhí a lán paisin ag na múinteoirí.”

Thosaigh sé amach ar an bhfeadóg stáin sa scoil, cosúil le chuile dhuine eile ach nuair a bhí sé aon bhliain déag d’aois thosaigh sé ag déanamh ranganna ar an ngiotár leis an ngiotáraí Jimmy Fitzgerald a bhí le cloisteáil leis an Black Magic Big Band, an Máimín Cajun Band agus bannaí eile.

“Thosaigh sé ar an turas seo leis an snagcheol mé agus thit mé i ngrá leis an gceol is tá mé ar an turas sin ó shin,” a deir Aengus.

Is féidir an snagcheol a mheascadh le haon seánra ceoil eile dar leis agus tugann sé an tsaoirse dhó na tionchair éagsúla atá air mar cheoltóir a shníomh isteach ina shaothar. “Sílim go bhfuil na tréithe ar fad den cheol a chuala mé ag fás aníos, an ceol traidisiúnta, an rac agus an ceol leictreonach, ina dtionchar ar an gceol a chruthaím anois.”

Ceann de na tograí a rinne sé a léirigh é seo dó, a deir Hackett ná saothar Éireannach-Turcach leis an amhránaí Sanem Kalfa as an Tuirc.

“Mheasc muid amhráin thraidisiúnta na Tuirce agus na hÉireann le chéile is iad curtha leis an tobchumadóireacht. Bhí sé sin ar cheann de na tograí ba spéisiúla ar oibrigh mé orthu agus ceann é a sheasann amach go mór dom.”

I ndiaidh na hArdteiste chuaigh sé go hOllscoil na Gaillimhe chun staidéar a dhéanamh ar an eolaíocht, ach ní fada gur fhill sé ar an gceol.

“Bhí a fhios agam tar éis bliain amháin nach domsa a bhí sé agus gur mhaith liom an ceol a dhéanamh ina áit.”

D’imigh sé as Gaillimh agus rinne sé staidéar ar an gceol in Ollscoil Groningen san Ísiltír agus chuaigh sé ar aghaidh chun staidéar a dhéanamh ar an snagcheol sa Conservatorium van Amsterdam. “Bhí cúrsaí dá leithéid ar fáil in Éirinn ag an am, ach bhí mé ag iarraidh dul go dtí an Eoraip agus blaiseadh de shaol an cheoil ansin a fháil.”

Rinne sé staidéar leis an ngiotáraí aitheanta Jesse Van Ruller agus é san Ísiltír agus ina dhiaidh sin rinne sé staidéar ar an snagcheol sna Stáit Aontaithe. “D’fhoghlaim mé ó dhaoine cosúil le Wayne Krantz, Curtis Fuller, agus Bobby Shew. Bhí am iontach agam ag taisteal is bhí sé go deas a theacht ar ais go hÉirinn agus an t-eolas agus na scileanna a thabhairt ar ais liom,” a deir Aengus.

Caitheann sé a chuid ama anois ag cumadh is ag casadh ceoil, ag múineadh ceoil agus é páirteach i dtograí le ceoltóirí éagsúla agus bannaí ceoil. “Is breá liom é. Na laethanta seo bím ag múineadh giotáir do dhaoine fásta agus go háirithe, daoine faoi mhíchumas intleachta le Bráithre na Carthanachta. Bíonn sé difriúil an t-am ar fad.”

Is é an togra is deireanaí a bhfuil Aengus ag obair air ná an Aengus Hackett Trio, grúpa ceoil atá bunaithe aige in éineacht leis na ceoltóirí Derek Whyte agus Matthew Jacobsen. Thosaigh an banna seo an bhliain roimh an phaindéim agus chuir cúrsaí dianghlasála moill orthu.

“Ní raibh muid ábalta aon rud a dhéanamh leis agus tá muid ag súil go mór lena thosú i gceart an t-am seo agus ceolchoirmeacha a dhéanamh ar fud na tíre.”

Tá ardmholadh aige dá chomhcheoltóirí sa mbanna. “Is ceoltóirí snagcheoil den chéad scoth iad. Tá lipéad ceoil ag Matthew, Diatribe, an príomhcheann le haghaidh ceol comhaimseartha in Éirinn is tá taithí na mblianta ag Derek mar cheoltóir ar stáitse agus eile.”

Seolfaidh an banna an chéad albam ag deireadh na míosa agus iad ar stáitse i nGaillimh agus i mBaile Átha Cliath.

“Tá aithne agam ar na leaids seo le blianta fada agus bíonn an-spraoi againn ag seinm le chéile. Tá sé cosúil le bheith i do pháiste arís agus má bhíonn tú ábalta an mothúchán sin a choinneáil, an spraoi a choinneáil, creidim go dtagann sé trasna sa gceol agus go mbíonn bá ag daoine leis.”

Tá cónaí anois ag Aengus in Áth Cinn, lena chlann. Tá beirt pháistí óga aige agus meabhraíonn siad tábhacht an spraoi dó, a deir sé.

“Nuair a fheicim mo pháistí féin ag spraoi anois, feicim cé chomh tábhachtach is atá sé a bheith in ann a bheith ‘in the moment’.

“Tá cúrsaí an domhain ag luí chomh trom orainn amanta, ach tá sé go deas díriú ar an am i láthair agus tugann an tobchumadóireacht agus an snagcheol é sin dom.”

Beidh an Aengus Hackett Trio ag seinm in An Taibhdhearc ar an 31 Márta agus i The Cooler ag The Complex, Mary’s Abbey i Margadh na Feirme i mBaile Átha Cliath ar an 6 Aibreán.

Fág freagra ar '‘Bíonn cúrsaí an domhain ag luí trom orainn ach tá spraoi agus saoirse sa snagcheol’'