Bíonn an fhírinne searbh – ‘Telling It Like It Is’ – tuarascáil faoin Covid agus daoine atá ag dul in aois

An ‘t-aoiseachas’ seachas daoine atá ag dul in aois an t-ualach is mó atá orainn anois

Bíonn an fhírinne searbh – ‘Telling It Like It Is’ – tuarascáil faoin Covid agus daoine atá ag dul in aois

Mar a dúirt an Taoiseach Albert Reynolds uair amháin (agus é ag tagairt do thitim an Rialtais) ‘Siad na rudaí beaga…’

‘Siad na rudaí beaga a dhéanann an damáiste go minic,’ a bhí i gceist aige, ar ndóigh.

Bhí mé ag smaoineamh air sin agus mé ag léamh na tuarascála Telling It Like It Is faoin tionchar a bhí ag Covid ar dhaoine atá amach sna blianta.

Mar shampla, rud beag é seo – ach nuair a baineadh amach na suíocháin a bhíodh scaipthe thart in ionaid siopadóireachta, chuir sé isteach go mór ar an aoisghrúpa sin. Go tobann, ní raibh aon áit le suí síos le linn a gcuid siopadóireachta. Ná ní raibh aon seans ag daoine beagán comhrá a dhéanamh lena gcomhshiopadóirí.

Is ar mhaithe le daoine a chosaint ón ngalar a rinneadh é sin – ach an raibh níos mó dochair déanta dá bharr?

Nuair a d’iarr an Rialtas ar dhaoine a bhí os cionn 70 ‘cocooning’ nó ‘clutharú’ a dhéanamh, tá gach seans nár cheap siad go mbeadh tionchar damanta ar fad ag an gcomhairle sin ar dhaoine ar fud na tíre.

Ach de réir na tuarascála seo, a raibh seacht gcinn d’eagraíochtaí deonacha páirteach ann, bhí an toradh chomh dona leis an ngalar féin. I measc na ndrochthorthaí bhí: ardú ar leibhéal an dúlagair, cailliúint féinmhuiníne, cailliúint misnigh, fadhbanna sláinte, fadhbanna airgeadais, cailliúint teagmhálacha sóisialta agus méadú ar an bhfaitíos.

Thug seacht gcinn d’eagraíochtaí – Alone, Third Age, Parlaimint na nAosach agus Active Retirement ina measc, a gcuid tuairimí faoin bpaindéim agus faoin méid a bhí le foghlaim uaithi sa tuarascáil seo.

Cé nach saothar acadúil é agus níl ann ach aiseolas ó bhaill na n-eagraíochtaí éagsúla, tá roinnt mhaith eolais ann – mar shampla, an méid oibre a dhéanann daoine a bhaineann leis an aoisghrúpa seo – obair dheonach cuid mhaith de. Roimh an phaindéim, bhí os cionn 75,000 duine os cionn 70 i mbun obair dheonach gach seachtain.

Ach nuair a dúradh le daoine go gcaithfidís ‘clutharú’ sa mbaile, tháinig deireadh tobann le go leor de sin. Agus an téarma ‘clutharú’ féin, chuir sé daoine le báiní ar fad. Mar a dúirt bean amháin liomsa: ‘D’fhan mé sa mbaile toisc gur mheas mé gur dhúirt an Rialtas linn go gcaithfeadh muid é sin a dhéanamh.’

‘Ansin dúirt Aire Rialtais gur ‘comhairle’ nó ‘treoir’ a bhí sa méid sin – nach raibh sé de dhualgas orainn é a dhéanamh.’

Ag an bpointe sin, bhí an bhean áirithe seo tar éis fanacht sa mbaile gan dul in aon áit ar feadh roinnt mhaith seachtainí. ‘Fuair mé amach go bhfuil 110 céim idir balla m’árasáin agus an balla cúil. Shiúil mé suas is anuas an gairdín arís agus arís eile gach lá.’

Ansin d’aimsigh sí bean i Meiriceá ar an idirlíon agus théadh an bheirt acu ‘ag siúl’ in éindí gach lá – idir trí agus cúig mhíle go minic.

Más rud maith nó drochrud é, chuaigh go leor daoine, nach raibh scileanna ‘digiteacha’ acu cheana, i dtaithí ar an ríomhaire, nó an fón póca. Chuaigh siad i muinín an ‘Zoom’ le cairde, le clann, nó chun freastal ar imeachtaí sóisialta.

Ach nuair a d’fhiafraigh mé den bhean seo an ngabhfadh sí ar ais chuig imeachtaí sóisialta anois agus na srianta scaoilte beagnach, ní raibh sí cinnte.

‘Rinne an Zoom leisciúil mé,’ a dúirt sí. ‘D’éirigh liom dul chuig drámaí, chuig léachtaí agus chuig imeachtaí eile agus mé suite in mo sheomra suí. Ní bheadh an fonn céanna orm anois dul amach istoíche ar chóras iompair poiblí.’

Ní mheasann sí go dtiocfaidh baill an chóir, a bhfuil sí féin páirteach ann, ar ais go hiomlán – níl aon chead ag córacha teacht le chéile fós ar aon nós. ‘Tá baill sa chór sin – mná atá níos aosta – agus roimh an phaindéim bhí cuid acu ag taisteal ar dhá bhus cathrach éagsúla – ní fheicim iad sin ag filleadh ar an gcór,’ a dúirt sí.

Sin rud eile – faitíos. Faitíos roimh an ngalar, faitíos roimh ghardaí, faitíos roimh údarás – bíodh sin ina údarás sláinte nó rialtais. Chuala mé féin faoi dhaoine san aoisghrúpa sin, ag dul amach in éide bhréige, le nach n-aithneofaí iad agus iad ‘briste amach’ ón gclutharú.

‘Bhuel tá rud amháin cinnte,’ a dúirt mo chara. ‘Ní dhéanfaidh aon duine againn an clutharú sin arís.’

An rud a théann i bhfeidhm ort agus tú ag léamh na tuarascála ná cé chomh fada agus atá tréimhse bliain go leith nó dhá bhliain i saol an duine atá ag dul in aois.

Ní tada é in intinn an duine óig – céard atá ann ach an tréimhse a chaithfidís ag staidéar le haghaidh scrúdú a bhí teipthe acu, b’fhéidir, nó tréimhse traenála i bpost nua?

‘Tá beagnach dhá bhliain caillte agamsa as mo shaol ag staid an-chriticiúil,’ a dúirt bean amháin atá amach sna hochtóidí. Bhíodh sí ag múineadh ranganna breise do pháistí a muintire féin nuair nach mbíodh sí ag léamh nó ag péinteáil pictiúr. Níor thaitin an clutharú pioc léi. ‘Sin dhá bhliain nach bhfaighidh mé ar ais,’ a deir sí.

Ba mhaith le húdair na tuarascála go bhfoghlaimeodh an rialtas agus dreamanna eile ón méid eolais atá bailithe acu.

Ach tá Straitéis Rialtais ann ó 2013 agus dá gcuirfidís i bhfeidhm na moltaí ón straitéis an uair sin, ní bheadh na fadhbanna seo againn anois, a deir na húdair.

Bhí ‘ageism’ taobh thiar de go leor de na cinntí a rinneadh le linn na paindéime ach ní toradh fónta a bhí orthu. De réir na tuarascála, is é an ‘t-aoiseachas’ seachas daoine atá ag dul in aois an t-ualach is mó atá orainn anois.

Fág freagra ar 'Bíonn an fhírinne searbh – ‘Telling It Like It Is’ – tuarascáil faoin Covid agus daoine atá ag dul in aois'