Bíodh tús agus deireadh ag scéal, ach ná bac leis an lár!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: ní oireann forógra Arastatail go mbeadh lár ag scéal chomh maith le tús agus deireadh don litríocht chomhaimseartha, dar lenár gcolúnaí

Bíodh tús agus deireadh ag scéal, ach ná bac leis an lár!

Chuile sheans gur rith ceist le léitheoirí dílse an cholúin seo an tseachtain seo caite nuair a bhí tús agus deireadh píosaí ficsin faoi chaibidil: céard faoin lár?

Le blianta beaga anuas, tá dearcadh saghas neamhchoitianta agam ar an gceist sin:

Ná bac leis an lár.

Ní as mo stuaim féin a tháinig mé ar an tuiscint sin agus is ceart agus is cóir go bhfágfaidh mé faoin té a chuir ar mo shúile dom nach n-oireann seanphrionsabal an túis, an láir agus an deiridh d’fhicsean an lae inniu, an saoi scríbhneoireachta as an Ísiltír Renate Dorrestein, an tuairim sin a mhíniú.

‘Arastatal a d’eisigh an forógra gur cheart go mbeadh lár ag scéal chomh maith le tús agus deireadh. Ach cén fáth go mbeadh orainn cloí leis an aithne sin go síoraí seasta? Ní chreidim féin gur chun leasa an úrscéil lár,’ a scríobhann Dorrestein ina leabhar faoin gceird, Het geheim van de schrijver (‘Rún an scríbhneora’).

‘Ach céard faoi shaothar na mBrontës, Thomas Hardy agus George Eliot?’ a fhiafraíonn Dorrestein dí féin. ‘Is cinnte gur úrscéalta an-chaighdeánacha atá ina saothar siúd agus úrscéalta iad a mbíonn lár mór millteach iontu, ach scríobhadh iad nuair nach mbíodh an luas céanna faoin saol.’

Míníonn Dorrestein gur suas, suas, suas agus ansin síos de thoirt ba cheart don scéal comhaimseartha dul; ba cheart, dar léi, go dtosódh an deireadh ag an bpointe a dtagann deireadh leis an tús – agus ar an bpointe boise. Ní hionann agus eitleán, a scríobhann sí, níor cheart do scéal fanacht ag airde cúrsála. Ní gá, ar ndóigh, go mbeadh tús agus deireadh ar comhfhad; tugaim faoi deara i mo chuid scríbhneoireachta féin go dtagann an casphointe deireanach go leor sa scéal.  

Le blianta beaga anuas, cloím féin le comhairle Dorrestein go docht. Sa phróiseas eagarthóireachta, bainim amach radharc agus go deimhin abairt ar bith nach n-ardaíonn an teannas sa chéad chuid den scéal agus nach meallann an léitheoir i dtreo an deiridh sa dara cuid. Cén fáth a gcuirfinn leadrán ar an léitheoir le hanailís ar eachtraí a tharla cheana agus cén fáth a millfinn scéal le tuar faoina bhfuil le tarlú fós?

Fág freagra ar 'Bíodh tús agus deireadh ag scéal, ach ná bac leis an lár!'