‘Ba chóir don litríocht cur as do dhaoine agus níl bealach ar bith ann nach gcuirfeadh sí as do dhaoine’

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. Tá Renate Dorrestein, duine de mhórscríbhneoirí na hÍsiltíre, ar shlí na fírinne. D’fhoghlaim ár gcolúnaí ceacht scríbhneoireachta tábhachtach uaithi

‘Ba chóir don litríocht cur as do dhaoine agus níl bealach ar bith ann nach gcuirfeadh sí as do dhaoine’

Renate Dorrestein

Bhí Renate Dorrestein, a fuair bás an deireadh seachtaine seo caite, ar dhuine de na scríbhneoirí ba bhisiúla san Ísiltír. D’fhoilsigh sí leabhar in aghaidh na bliana, ar an meán, ó bhí sí 35 bliain d’aois. Úrscéalta den chuid is mó. Cinn ar deacair iad a leagan uait. Téamaí tromchúiseacha faoi chaibidil iontu i gcónaí: éigniú, féinmharú, mí-úsáid leanaí. Tá na cinn is mó cáil ar fáil i mBéarla, Unnatural mothers agus A heart of stone (féach thíos) ina measc.

Ach leabhar a scríobh Dorrestein faoin scríbhneoireacht chruthaitheach ba mhó a chuaigh i bhfeidhm orm féin.

Tá Het geheim van de schrijver (‘Rún an scríbhneora’) ar cheann de dhornán saothar faoi cheird na scríbhneoireachta a bhfillim féin orthu go tráthrialta.

Leabhar lán gaoise atá ann, faoi mar a bheifeá ag súil leis ó údar a scríobh nach mór dhá scór leabhar. Ach seasann comhairle amháin amach: gur chóir don scríbhneoir an misneach a bheith aige rudaí a scríobh a fhágfaidh drochbhlas i mbéal an léitheora, más chun leasa an scéil é.

Chun an pointe sin a chur abhaile ar scríbhneoirí a bheadh ag tosú amach sa cheird, pléann Dorrestein conspóid a chothaigh radharc in Een hart van steen (‘Croí cloiche’), úrscéal dá cuid féin a bhfuil tragóid teaghlaigh (dúnmharú-féinmharú, mar a thugann na meáin ar a leithéid) faoi chaibidil ann. 

Más duine an-ghoilliúnach thú, mholfainn duit éirí as an léitheoireacht anois.

Feimineach go smior a bhí i Renate Dorrestein, ach thabharfadh duine suntas do líon na mban ina saothar ar carachtair ghránna amach is amach iad. Sa radharc conspóideach úd in Een hart van steen, sánn máthair croíghearrthóir úll isteach i bhfaighin a hiníne óige. Ceapann an mháthair go bhfuil an diabhal istigh ina hiníon agus gur ciapadh agus céasadh amháin a shlánós í.

Chuir an croíghearrthóir úll sin isteach ar go leor daoine, a scríobhann Dorrestein ina leabhar faoin scríbhneoireacht chruthaitheach.

D’impigh an t-eagarthóir, an foilsitheoir, an ceartaitheoir profaí agus an feidhmeannach margaíochta uirthi an croíghearrthóir úll a bhaint amach.

Níorbh é an céasadh féin ba mhó a chuir isteach orthu, de réir Dorrestein, ach an gléas ar baineadh úsáid as. Croíghearrthóir úll, sin gléas a mheabhraíonn cácaí úll, baile deas teolaí, saol teaghlaigh socair sona.

Ach an chodarsnacht ollmhór sin idir na cuimhní a mhúsclódh croíghearrthóir úll in aigne an léitheora agus an úsáid a bhaintear as an ngléas sa radharc, ba é sin go díreach an fáth gur oibrigh an radharc, a scríobhann Dorrestein. Níor ghéill sí don eagarthóir, don fhoilsitheoir, don cheartaitheoir profaí agus don fheidhmeannach margaíochta. Fágadh an croíghearrthóir úll san áit a raibh sé.

Bhain an gléas siar as léitheoirí, leis.

‘An raibh gá leis an gcroíghearrthóir úll sin dáiríre?’ a d’fhiafraíodh daoine di go minic agus Een hart van steen á chur i láthair an phobail aici, a scríobhann Dorrestein.

‘Bhí gá leis chun mire na máthar a léiriú,’ a d’fhreagraíodh sí.

Agus alltacht curtha ag an gcroíghearrthóir úll ar a oiread sin daoine, is cinnte gur oibrigh an tseift.

‘Táim go láidir den tuairim gur chóir don litríocht cur as do dhaoine, agus nach bhfuil bealach ar bith ann nach gcuirfeadh sí as do dhaoine,’ a scríobhann Dorrestein ina leabhar faoi cheird na scríbhneoireachta. ‘Óir is é an duine féin is ábhar don litríocht: foinse dochloíte cruálachta, feallaireachta agus coimhlinte – síorchúis fulaingthe nach mbíonn neart aige air féin.’

D’aontóinn léi.

Fág freagra ar '‘Ba chóir don litríocht cur as do dhaoine agus níl bealach ar bith ann nach gcuirfeadh sí as do dhaoine’'

  • Mise Áine

    Suimiúil, mar is iondúil leat, a Alex…go raibh maith agat!