Tús maith leath na hoibre, ach as ucht Dé ort ná déan dearmad ar an deireadh!

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Colún faoin litríocht agus faoin scríbhneoireacht chruthaitheach. An tseachtain seo: mhúin saothar an chumadóra ceoil ón bhFionlainn, Jean Sibelius, dhá cheacht tábhachtach faoin scríbhneoireacht dár gcolúnaí

Tús maith leath na hoibre, ach as ucht Dé ort ná déan dearmad ar an deireadh!

Jean Sibelius le Eero Järnefelt

Ar chúiseanna pearsanta – bhí cosc ar cheol de chineál ar bith eile sa teach inar fhás mé aníos – níl mórán dúil agam sa cheol clasaiceach. Ach is ait an mac an duine, agus aisteach go leor is iad na cúiseanna pearsanta ceannann céanna is cúis leis go n-éistim le ceol an chumadóra ón bhFionlainn, Jean Sibelius, uair nó dhó gach seachtain. Stiúrthóir ceolfhoirne ba ea m’athair nuair a bhí sé beo agus is cuimhin liom go maith gur léirigh an cheolfhoireann a mbíodh sé i gceannas uirthi dán siansach de chuid Sibelius, Finlandia, nuair a bhí mé an-óg.

Chuireadh Finlandia faoi dhraíocht mé an t-am sin agus cuireann fós. Tús an phíosa is cúis leis sin. Gan teip, cuireann na chéad chordaí cáithníní ar mo chraiceann: téaduirlisí, coirn agus tiompáin mhóra ag tórmach stoirme. Seans, arís, gur cúiseanna pearsanta is cúis leis na cáithníní ar mo chraiceann go pointe – ach is cinnte gur thuig Sibelius an chaoi le duine a chur faoi gheasa ón gcéad nóta. Tá dán siansach eile dá chuid a bhfuil mórchlú air, Tuonelan Joutsen, nó ‘Eala Thír na Marbh’, ar an gcaoi chéanna: tuigtear don éisteoir ón uair a thosaíonn na téaduirlisí, an clairinéad agus an t-óbó ag seinnt nach bhfuil cinniúint shona i ndán do laoch an scéil, Lemminkäinen, a bhfuil sé de dhualgas air eala Thír na Marbh a mharú.

Insíonn Jean Sibelius a dhánta siansacha gan úsáid a bhaint as oiread agus focal amháin – ina theanga dhúchais, an tSualainnis, ná san Fhionlainnis, teanga na bhfinscéalta a spreag cuid mhór dá shaothar. Ach d’fhoghlaim mé féin dhá cheacht tábhachtach uaidh mar scríbhneoir ficsin.

Tá an chéad cheann den dá cheacht sin saghas follasach: caithfear an léitheoir a mhealladh ón gcéad abairt. Drochsheans go n-éireoidh liom go brách léitheoir a chur faoi gheasa mar a chuireann Sibelius an t-éisteoir faoi gheasa i ngluaiseachtaí tosaigh a dhánta siansacha, ach déanaim mo dhícheall agus caithim go leor ama ag cur snasa ar chéad abairtí agus ar chéad radharcanna mo chuid gearrscéalta agus úrscéalta. 

Is baolach gur laige a bhaineann le cuid mhór den cheol a chum Sibelius a mhúin an dara ceacht dom. Tá sé de cháil ar Sibelius nach mbíodh sé in ann deireadh a chur le píosa ceoil; dá fheabhas tús dhánta siansacha ar nós Finlandia agus Tuonelan Joutsen, cuireann an deireadh mearbhall agus go deimhin leadrán ar an éisteoir go minic toisc go leanann sé ar aghaidh ar feadh i bhfad rófhada. Athrá i ndiaidh athrá – mar a bheadh ceist á cur ag an gcumadóir ar an éisteoir: ar thuig tú céard a bhí á rá agam? Agus ansin, ag an deireadh ar fad, comhartha focalbhá seachas lánstad. 

Shamhlóinn nach leisciúlacht ba chúis leis an bhfadálacht sin ach an iomarca ceana ar an gceol a bhí á chumadh aige – agus, thar aon rud eile, tuirse. Tá a fhios agam go rímhaith ó mo thaithí féin nach mbíonn an fuinneamh céanna ag scríbhneoir ag deireadh bhabhta eagarthóireachta agus a bhíonn ag an tús, agus ar scála níos lú, ag deireadh lá oibre agus ag a thús. Ar an gcúis sin, b’fhiú do scríbhneoir laethanta ar leith a chur i leataobh mar chuid den phróiseas eagarthóireachta chun snas a chur ar dheireadh scéil agus go deimhin ar dheireadh gach radhairc. Chuile sheans go bhfeicfidh sé rud nach bhfeiceadh Sibelius, is cosúil: go minic, ní bhíonn gá leis na barraí deireanacha – nó leis na páir dheireanacha – ar chor ar bith.

Fág freagra ar 'Tús maith leath na hoibre, ach as ucht Dé ort ná déan dearmad ar an deireadh!'