Bíodh Sinn Féin ina ndúiseacht faoin gcóras nua smaointeoireachta

Bhuel, ní raibh an rialtas ag súil leis sin, ná an freasúra ach an oiread. Níorbh í teip na reifreann ann féin an scéal ba thábhachtaí ach méad na teipe, agus an chosúlacht gur thuig an pobal gur cur i gcéill a bhí sa rud ar fad. Ar ndóigh beidh a míniú féin ag gach […]

Bíodh Sinn Féin ina ndúiseacht faoin gcóras nua smaointeoireachta

Bhuel, ní raibh an rialtas ag súil leis sin, ná an freasúra ach an oiread. Níorbh í teip na reifreann ann féin an scéal ba thábhachtaí ach méad na teipe, agus an chosúlacht gur thuig an pobal gur cur i gcéill a bhí sa rud ar fad.

Ar ndóigh beidh a míniú féin ag gach éinne faoin toradh agus tús áite tugtha acu dá ndearcadh féin, ach tá sé deacair gan glacadh leis go raibh an iomad éiginnteachta is teibíocht ag baint le foclaíocht na reifreann.

De ghnáth i gcásanna mar seo ramhraíonn an freasúra ar an teip, ach sa gcás seo, cé gur thug siad le fios ón tús nach raibh siad sásta leis an bhfoclaíocht, tá freagracht orthu mar sin féin toisc gur mhol gach páirtí Dála seachas Aontú gur fearr glacadh leis an mbeagán ná diúltú don mholadh fabhtach.

Ach seo é an pointe, cén fáth sin?

Ní cóir dul thar fóir, ach ceapaim go bhfuil comharthaí ann go riabh faitíos ar pháirtithe na heite clé a dtuairimí féin a chur chun cinn agus moladh a dhéanamh dá réir.  Níor theastaigh ó Shinn Féin go háirithe go mbeadh sé le rá go raibh siad ag taobhú leo siúd arbh fhearr leo dul siar go dtí Éirinn na dtríochaidí nuair a cumadh an Bunreacht agus nuair a bhí an Eaglais Chaitliceach in airde réime.

Bhí sé níos sábháilte dul leis an sruth ná a a ndearcadh féin a chosaint.

Maidir leis an rialtas, ba léir gur theastaigh uathu bolg le gréin a dhéanamh faoi ghathanna dea-mhéine an phobail i dtaobh nua-aoisiú na tíre i gcúrsaí sóisialta.  Ag an am céanna, is léir anois nár theastaigh uathu aon rud ró-dhearfach a chur sa mBunreacht ar fhaitíos go bhféadfadh costas a bheith ag baint leis.

Theastaigh uathu, ceapaim, a bheith i dtiúin le dearcadh nua sóisialta na tíre gan aon iachall a chur orthu féin. I mBéarla tugtar wokeism air sin.

Nuair a ceapadh an focal chiallaigh sé go mbeadh duine tuisceanach faoi chúlra ciníoch nó fuath ar mhná nó faoi dímheas a léiriú ar ghrúpaí airithe – daoine le míchumas, daoine aeracha, agus, ar ndóigh, daoine trasinscneacha.

Ach anois tá an chiall atá leis leathnaithe amach.  Córas smaointeoireachta atá ann is níl cead dul ina choinne ar bhealach ar bith nó ar chúis ar bith.

Ach is cosúil, ó thoradh na reifreann, nach bhfuil an pobal mór ag aontú leis an oiread sin.

Tá an deighilt seo idir an pobal agus an córas nua smaointeoireachta tábhachtach mar tá baol ann go bhféadfadh fórsaí fíor-chiníocha teacht chun tosaigh i bhfolús na smaointe.

Agus tá pointe níos tábhachtaí ann.  Má tá páirtithe sásta a gcuid tuairimí féin a chaitheamh ar leataobh, ag rá leo féin ‘seo an ait ina bhfuil an pobal is caithfidh muide bheith ann leo’ in ionad tabhairt faoi dhaoine a mhealladh le hargóintí is díospóireachta, is fánach a bheith ag caint faoi athrú ar bith sa bpolaitíocht.

Ceapaim go bhfuil athrú ag teastáil.  Sa gcéad áit le ceannas mhuintir na hÉireann a chur i bhfeidhm ar gach gné de scéal na hÉireann. Le hÉireannachas is Gaelachas na hÉireann a chur chun cinn agus fíorú a dhéanamh ar aisling na hathbheochana.

Agus sa dara háit, le tús áite a thabhairt do riachtanais shóisialta an phobail – maidir le tithíocht nó sláinte nó eile – agus leas coiteann an phobail a chur roimh bhrabús is saint an mhionlaigh.

Má tá muid sásta maolú ar na haidhmeanna sin ar fhaitíos go gcaillfí vótaí ní bheidh aon athrú ann, agus fágfar le stát mífheidhmiúil muid mar atá againn faoi láthair.

An féidir le Sinn Féin, mar shampla, la bheith ag caint faoi shaoirse is neamhspleáchas na hÉireann má tá siad sásta glacadh leis an bhfiontar Eorpach, fiontar atá ag iarraidh stát nó ollstát nua a chruthú a mbeadh seandearcadh impiriúlach na hEorpa aige?

An féidir leo a bheith ag labhairt faoi neodracht má tá siad sásta páirt a ghlacadh i bPesco agus i bhfiontair mhíleata eile?

Nó an féidir tús áite a thabhairt don leas coiteann má tá riail ag an Aontas Eorpach ag rá go gcaithfear tús áite a thabhairt don mhargadh?

Tá baol ann ar ndóigh go gcaillfí tacaíocht na haicme oibre má dhéantar róiarracht freastal ar an meánaicme.  Nach iad Fianna Fáil an sampla den toradh a d’fhéadfadh a bheith ar a leithéid sin?

Fág freagra ar 'Bíodh Sinn Féin ina ndúiseacht faoin gcóras nua smaointeoireachta'

  • Tarlach MacDhónaill

    Chail siad tacaíocht na haicme oibre fadó. Nach mbaineann lucht leanúna an pháirtí leis an meánaicme?