Bille teanga á dhréachtú ag Conradh na Gaeilge do pharlaimint Westminster

Reachtaíocht teanga do thuaisceart Éireann le plé ag ócáid i Londain anocht

Bille teanga á dhréachtú ag Conradh na Gaeilge do pharlaimint Westminster

Tá sé beartaithe ag Conradh na Gaeilge bille teanga do Thuaisceart Éireann a dhréachtú agus é mar aidhm ag an eagraíocht teanga go n-achtófaí i bparlaimint Westminster é. 

Beidh an bille sin i measc na n-ábhar a phléifear ag díospóireacht phoiblí atá á reáchtáil in Westminster anocht. Craobh Londan de Chonradh na Gaeilge atá ag eagrú na hócáide.

Orthusan a bheidh ag labhairt beidh an feisire de chuid an Lucht Oibre Conor McGinn, an feisire Parlaiminte de chuid Plaid Cymru, Liz Saville-Roberts, an chéad fheisire le fada a labhair Gaeilge in Westminster, an Seanadóir Niall Ó Donnghaile as Sinn Féin, chomh maith le hUachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer.

An tseachtain seo caite, d’éirigh le moladh de chuid an Fheisire Conor McGinn, arb as deisceart Ard Mhacha dó ó dhúchas agus atá ina fheisire i bparlaimint Westminster do thoghcheantar St Helens North i Learpholl, go dtabharfaí reachtaíocht comhionannais isteach ó thuaidh a bheadh ar aon dul leis an reachtaíocht comhionannais atá sa Bhreatain agus in Éirinn.

Pléifear anocht conas a d’fhéadfaí leas a bhaint as an mhúnla chéanna  le reachtaíocht teanga a thabhairt isteach do Thuaisceart Éirinn, tráth a bhfuil an feidhmeannas in Stormont ar scor.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, Julian de Spáinn, go raibh an bille teanga á dhréachtú faoi láthair.

“Táimid tar éis a bheith ag labhairt le roinnt polaiteoirí faoin bhille teanga agus is mian linn go mbeadh an bille réidh faoin bhfómhar.

“Bille iomlán a bheadh i gceist agus mar sin bheadh sé níos casta le tabhairt isteach ná mar a bheadh reachtaíocht comhionannais. Ritheadh reachtaíocht in Westminster cheana d’Albain agus don Bhreatain Bheag mar sin níl aon fháth nach bhféadfaí é a dhéanamh.

“Tá ár gcraobh i Londain an-ghníomhach ar an gceist seo agus feasacht á hardú acu faoin ngá a bhaineann le hAcht Teanga don tuaisceart. Caithfidh muid anois dul i bhfeidhm ar pholaiteoirí chun an bille a thabhairt chun tosaigh,” a dúirt Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Tá ráite ag Niall Comer, Uachtarán Chonradh na Gaeilge, go mbeidh ceisteanna faoin bhunús reachtúil a d’fhéadfaí a chur faoi chearta teanga ó thuaidh lárnach sa phlé anocht.

Dúirt sé go mbeidh cur síos á dhéanamh aige anocht ar mholtaí Chonradh na Gaeilge maidir leis an reachtaíocht, moltaí atá bunaithe “ar thaighde atá aitheanta go hidirnáisiúnta’ agus go mbeidh sé ag moladh go n-achtófaí a leithéid de reachtaíocht teanga do Thuaisceart Éireann i bParlaimint Westminster.

D’éirigh le hiarrachtaí Conor McGinn reachtaíocht comhionannais do Thuaisceart Éireann a thabhairt trí pharlaimint Westminster an tseachtain seo caite agus tiocfaidh an reachtaíocht sin i bhfeidhm ar an 21 Deireadh Fómhair sa chás nach mbeadh feidhmeannas Stormont athbhunaithe.

Fág freagra ar 'Bille teanga á dhréachtú ag Conradh na Gaeilge do pharlaimint Westminster'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Go n-éirí leo. Bíodh Acht níos fearr acu thíos ansin ná mar atá anseo sa gcuid eile. Tá sé cosanta acu as a gcuid oibre agus feachtasaíochta gníomhaí…