An chéad chluiche i gcomórtas Eorpach an Bhreatimeachta buaite ag an Rialtas, ach dúshláin eile rompu…

Seasfaidh rialtais eile an AE linn sna comhráite faoin mBreatimeacht. Ach beidh praghas le n-íoc, luath nó mall...

An chéad chluiche i gcomórtas Eorpach an Bhreatimeachta buaite ag an Rialtas, ach dúshláin eile rompu…

Bhí cúis réasúnta sásaimh ag Leo Varadkar agus é ag tabhairt aghaidh ar an mBruiséil, áit a bhfuil cruinniú mullaigh an AE ar siúl inniu agus amárach.

Ar an gcéad dul síos, d’éirigh leis an rialtas an chuid is mó dá raibh indéanta a bhaint amach sna comhráite faoin mBreatimeacht go dtí seo.

Sin ráite, ní foláir trí aidhm nach bhféadfaí a chomhlíonadh a chur as an áireamh:

  1. Athrú intinne i Londain
  2. Ballraíocht san aontas custam
  3. Ballraíocht sa mhargadh aonair.

Bhí sé soiléir ó thús nach bhféadfaí aidhmeanna dá leithéid a bhaint amach, nó a bhaint amach faoi láthair pé scéal é.  B’fhéidir go n-iarrfadh rialtas éigin i Londain ballraíocht fheidhmeach (faoi ainm eile) san aontas custam agus sa mhargadh aonair amach anseo.

Cá bhfios? B’fhéidir go mbreathnófaí siar ar ball ar na forálacha Éireannacha den réamhshocrú a d’fhógair Theresa May agus Jean Claude Juncker Dé hAoine seo caite mar an chéad chéim de chúlú na Breataine ó Bhreatimeacht iomlán.

Idir an dá linn, tá Comhaontú Aoine an Chéasta agus an ‘teorainn bhog’ cosanta go héifeachtach ag an rialtas abhus. Tá tacaíocht láidir tugtha ag Juncker, ag Tusk, ag Barnier agus ag rialtais na mballstát eile d’Éirinn.

Bhí toradh sásúil freisin, ó thaobh an rialtais de, ar stuacacht an DUP agus go háirithe ar phleidhcíocht David Davis, a cheartaigh é féin tar éis dó a rá nach raibh sa réamh-mhargadh ach “ráiteas” faoina raibh beartaithe ag an dá thaobh a dhéanamh. 

Tá comhaontú ceangailteach a dhréachtú, a dúirt Michel Barnier le Parlaimint na hEorpa Dé Céadaoin, a chinnteoidh nach féidir cúlú ón socrú a rinneadh sa Bhruiséil.

Tháinig dea-scéala eile don rialtas i bpobalbhreith Ipsos/MRBI a foilsíodh san Irish Times seachtain ó shin.  Thug an suirbhé le fios go raibh méadú suntasach tagtha ar thacaíocht Fhine Gael (36%, +5) agus laghdú dá réir beagnach ar thacaíocht Fhianna Fáil (25%, -4).

Is ionann 36% agus an sciar den vóta a ghnóthaigh Fine Gael in olltoghchán 2011, nuair a bhuaigh an páirtí 76 suíochán Dála (níl acu ach 50 faoi láthair). Dá mbeadh meas chomh mór ag an bpobal ar a pháirtí san earrach, is léir an cathú a bheadh ar an Taoiseach olltoghchán a fhógairt.

Ach bíonn níos mó ná colún amháin i ngach cuntas, san Aontas Eorpach go háirithe. Mar a dúirt aire rialtais leis an scríbhneoir seo cúpla bliain ó shin, ní bhíonn cara ná comrádaí buan ag aire ná ag Taoiseach ar bith sa Bhruiséil riamh.

Fiú má thugann tíortha eile lántacaíocht d’Éirinn agus naoi n-ábhar, abair, á bplé ag cruinniú, ní bhíonn tionchar dá laghad ag an gcomhthuiscint sin ar an easaontas a bhaineann leis an deichiú hábhar. Ach amháin go mb’fhéidir go gcuirfí brú ar thír bheag, cuir i gcás, géilleadh beagáinín do thíortha eile agus cinneadh á dhéanamh maidir leis an deichiú hábhar.

D’fhógair Facebook athchóiriú suntasach ar chuntais an chomhlachta Dé Máirt. Tá 2,200 duine ar fhoireann an chomhlachta in Éirinn (agus 800 breise á n-earcú). B’fhiú 29.5m an cháin chorparáide a d’íoc Facebook sa tír seo anuraidh, cé gurbh fhiú 12.6bn an teacht isteach idirnáisiúnta iomlán a taifeadadh i gcuntais an chomhlachta abhus.

Cheadaigh córas atá lán-dleathach an cháiníocaíocht íseal seo. Tá geallúint tugtha ag  an gcomhlacht go n-íocfaidh Facebook cáin feasta sna tíortha ina ndíolann siad seirbhísí nó earraí.

Ní laghdóidh an polasaí nua seo cáiníocaíocht an chomhlachta abhus, toisc nach raibh cáin Éireannach á gearradh (mar is léir ó na figiúirí thuas) ar an gcuid is mó dá dhíolachán idirnáisiúnta. Mar sin, léiríonn an cinneadh treo na gaoithe agus ábhar imní don rialtas.

Tá na comhlachtaí ilnáisiúnta (Facebook, Amazon, Apple, Paypal agus a leithéid) faoi bhrú, mar atá rialtais faoi bhrú, mar gheall ar mhíshásamh an phobail i mórán tíortha. Beidh athchóiriú ar chóras a thugann deis dóibh, de réir dlí, éalú ó cháin ar an gcuid is mó dá mbrabach faoi chaibidil go leanúnach sna blianta atá romhainn.

Ní chuirfear athrú mór i bhfeidhm sa ghearrthéarma, ach is léir cheana féin an brú leanúnach a chuirfidh an t-athrú meoin seo ar Éirinn.

Seasfaidh rialtais eile an AE linn sna comhráite faoin mBreatimeacht. Ach beidh praghas le n-íoc, luath nó mall, agus díograis rialtais de dhíth ionas nach mbeidh an praghas chomh hard go ndéanfaidh dochar abhus.

Fág freagra ar 'An chéad chluiche i gcomórtas Eorpach an Bhreatimeachta buaite ag an Rialtas, ach dúshláin eile rompu…'