Bhíos ag fanacht ar bhus nár tháinig agus nach dtiocfadh choíche

Leatchéad bliain ó shin bhí na páipéir staire á ndáileadh amach nuair a bhaineas an scrúdú amach

Bhíos ag fanacht ar bhus nár tháinig agus nach dtiocfadh choíche

Ar an Aoine, an 18 Meitheamh 1971 bhíos i bponc. Bhíos ag fanacht ar bhus nár tháinig agus nach dtiocfadh riamh choíche. Ní Bus Éireann nó bus ar bith de chuid CIÉ atá i gceist agam ach seanghliogar de Bedford, mionbhus clamhsánach, pléascánach, plúchtach nach raibh ró-istigh leis féin.

Ná ní rabhas gafa ag stad an bhus ach oiread. Bhíos im’ sheasamh cois claí ar thaobh Bhóthar a’ Leasa, leathmhíle ó mo thigh cónaithe féin ar Thaobh a’ Chnoic. Trasna an bhóthair uaim bhí gort lom, ocrach a bhí lán de chopóga, d’fheochadáin agus de raithneach. Bhí seanasal ann agus rochall air, capall agus laincis air agus scata beag caorach agus laincisí orthu go léir chomh maith.

Bhí sé ag druidim lena dó a chlog san iarnóin. Ba chóir go mbeinn ag éirí imníoch faoin tráth sin ach ní rabhas. Bheadh an scrúdú staire ag tosnú i gceann leathuair an chloig thall i scoil náisiúnta an Bhaile Dhuibh. Tréith a bhí agam ag an am agus tá agam fós ná gan ligint don líonrith teacht orm in am an anaithe. Ba í an stair an dara hábhar ab fhearr liom. Bheadh orm rud éigin a dhéanamh. Ba ag an nóiméad sin a rith sé liom gurb é seo an scrúdú deireanach agus ná raibh éinne eile ó mo bhaile fearainn iargúlta ag gabháilt don stair mar ábhar scrúdaithe. Caithfidh gur cheap an tiománaí bus go rabhas sa chás céanna leo siúd.

Ní raibh aon bhus ann domsa nuair a bhíos ag freastal ar an mbunscoil nó ar an meánscoil. Gach lá scoile ó 1966 go dtí 1971 dhéanainn an turas fillte de bhreis agus ocht míle ar mo rothar. Bhíodh sé dian le linn drochshíon an gheimhridh agus an earraigh ach dá mbeinnse ag tosnú arís is leis an rothaíocht a chloífinn.

Seo liom go pras síos go sráidbhaile Bhréanainn. Bhí Austin 1100 buí páirceáilte lasmuigh de thigh tábhairne Mhaidhcí Sé. Ba bheag cairt a bhí i mo thaobhsa tíre ag an am. Bhí cur amach maith agam ar an gcairt chéanna. Bhí an uimhir chláraithe de ghlanmheabhair agam: BIN 636.  Cairt ghleoite ab ea é im’ shúile. Ní raibh sé nua nuair a cheannaigh Maidhcí é ach bhí sé ag glioscarnaigh de bharr go ndéanadh sé é a sciúradh agus a ghlanadh uair sa tseachtain. Fear pointeálta, néata agus eagraithe ab ea é. Choimeád sé féin agus a chéile, Julia, an tigh tábhairne agus an t-óstán beag a bhí ag gabháil leis glan, sciúrtha i gcónaí.

Oíche amháin thug sé bata agus bóthar do phótaire áitiúil áirithe a bhí ag goilliúint ar an gcomhluadar agus ag déanamh pleota de féin. Má dhein, tháinig sé thar n-ais ag am dúnta agus thug íde na muc is na madraí do Mhaidhcí.

‘An bhfeiceann tú an chairt sin, a Mhaidhcí,’ ar seisean leis, ‘ní bheadh sé agat murach mise agus X, Y agus Z. Mise a cheannaigh an t-inneall, cheannaigh X an corp, cheannaigh Y na suíocháin agus Z an gaothscáth agus na fuinneoga. Ní bheadh agat ach an capall agus an chairt mar a bhí agat sular cheannaigh mise an t-inneall duit agus seo a bhfuil de bhuíochas agat orm!’

Pé ar bith, chnagas ar an doras agus ar ámharaí an tsaoil bhí Maidhcí suite siar ag léamh an nuachtáin tar éis an dinnéir. Mhíníos mo scéal dó agus i bprapadh na súl bhíomar beirt ar an mbóthar go Baile Dubh a bhí thart ar sé mhíle uainn. Bhí an scrúdú ar siúl i seomra mór dúbailte. Bhí bunscoil an Bhaile Dhuibh agus bunscoil Bhaile Uí Dhuinn dúnta le bliain faoin tráth sin agus na daltaí seolta go dtí Caisleáin Griaire i gcás an Bhaile Dhuibh agus go dtí an Clochán i gcás Bhaile Uí Dhuinn. D’fhreastail mé féin ar bhunscoil Bhaile Uí Dhuinn. Sa lá atá inniu ann is ionad pobail é ar a nglaotar Halla le Chéile agus tá naíonra Gaeilge ann agus is ann atá Comharchumann Forbartha an Leitriúigh lonnaithe. Tá bunscoil an Bhaile Dhuibh imithe le fada agus tigh cónaithe tógtha ina háit anois.

Bhí na páipéir scrúdaithe á ndáileadh amach nuair a bhaineamar an áit amach. Is fearr go déanach ná go brách. Ní raibh faram ach ceathrar nó cúigear eile. Bhí an stair bhocht in áit na leathphingine ag an am agus tá fós. Í brúite siar go dtí bun na scuaine agus í mar eireaball ar Scrúdú na hArdteiste. Tragóid é sin, im’ thuairimse, mar nuair nach ndéantar staidéar ar an stair ar scoil, cailleann na daltaí ceann de na nascanna is tábhachtaí atá ann lena n-oidhreacht shóisialta agus chultúrtha.

Bhí bánú na tuaithe tosnaithe faoin am sin. Bhí óige na tuaithe ag imeacht ina sluaite go dtí na cathracha agus bhí meath ag teacht ar na slite beatha traidisiúnta. Bhéarfadh an dul chun cinn go léir greim sceadamáin uirthi agus thachtfaí tirim í laistigh de scór bliain. Maidir liom féin, ar nós na gcéadta eile, bheinnse ar mo bhealach amach as ceantar an Leitriúigh, ceantar uasal, álainn m’óige laistigh de chúpla mí.

Leathchéad bliain imithe ón lá sin. Cé a chreidfeadh é?

Fág freagra ar 'Bhíos ag fanacht ar bhus nár tháinig agus nach dtiocfadh choíche'

  • Ré Ó LAIGHLÉIS

    Treise leat, a Mhíchíl! An-insint. Ghlac mé féin an scrúdú staire céanna ar an lá céanna sa bhliain chéanna. Agus dá fheabhas é insint an scéil agat, tá rud níos tábhachtaí ná sin curtha ar shúile an léitheora agat sa bhfainic úd ‘… nuair nach ndéantar staidéar ar an stair ar scoil, cailleann na daltaí ceann de na nascanna is tábhachtaí atá ann lena n-oidhreacht shóisialta agus chultúrtha’. Ná ligimis, mar náisiún, gur ar gcúl a thuilleadh a rachaidh sé, ach a mhalairt. Tá dualgas ar na húdaráis náisiúnta, idir rialtais agus airí oideachais agus an CNMC a fhéachaint chuige go gcaomhnófar agus go n-ardófar próifíl na staire. Maith thú, a Mhíchíl.
    Ré Ó Laighléis

  • Éilís Ní Anluain

    Píosa álainn scríbhneoireachta, a Mhichíl