Bhí seift pholaitiúil Boris Johnson mícheart, ach bhí sé de cheart aige é a dhéanamh

Ar deireadh thiar thall is iad na polaiteoirí a chaithfidh an Bhreatain a thabhairt slán seachas na cúirteanna

Bhí seift pholaitiúil Boris Johnson mícheart, ach bhí sé de cheart aige é a dhéanamh

Ós rud é go bhfuil rí rá agus ruaille buaille coitianta ann i saol na polaitíochta sa Bhreatain fé láthair, is deacair neamhaird a dhéanamh den ghleo agus imeachtaí an lae a mheas go stuama. Mar sin féin d’éirigh le hiarbhreithreamh de chuid na Cúirte Uachtaraí sa Ríocht Aontaithe, Lord Jonathan Sumption, sin a dhéanamh agus é ar an BBC cúpla oíche ó shin ag trácht ar chinneadh Boris Johnson Parlaimint na Breataine a chur ar fionraí ar feadh cúig seachtaine. Ba chóir dúinn díriú ar chomhairle stuama Sumption.

Dúirt sé gur seift pholaitiúil uafásach í seift Johnson toisc go bhfuil an daonlathas parlaiminteach i réim sa Ríocht Aontaithe ó 1689. Ach ceist eile ar fad í an cheist bhunreachtúil sa díospóireacht seo.

Ba léir do Sumption freisin nach raibh aon rogha ag Banríon Shasana nuair a rinne Johnson achainí uirthi an pharlaimint a chur ar fionraí. Níl aon chumhacht neamhspleách aici ó thaobh an rialtais de. Caithfidh sí glacadh le comhairle an Phríomh-Aire. De ghnáth, ní bhíonn sí in ann diúltú don chomhairle sin mar bíonn móramh ag an rialtas i dTeach na dTeachtí, móramh a thugann dlisteanacht don rialtas. Ach ní foláir a rá nach bhfuil móramh ag Johnson faoi láthair don pholasaí is tábhachtaí aige, imeacht as an Aontas Eorpach gan mhargadh, más gá, ar an 31 Deireadh Fómhair. Agus sin an rud is suntasaí ar fad i bpolaitíocht na Breataine faoi láthair.

Chuir an BBC ceist ar Sumption mar gheall ar na cásanna cúirte atá ar siúl faoi láthair i gcoinne sheift Johnson. Dúirt Sumption go bhfuil an tír i sáinn pholaitiúil fhíor-neamhghnách faoi láthair, agus gan éinne in ann a bheith lánchinnte cad a tharlóidh. Ach os a choinne sin, dúirt sé freisin go raibh deacrachtaí suntasacha le sárú acu siúd atá i mbun na n-iarrachtaí éagsúla atá ar siúl sna cúirteanna i Londain, i nDún Éideann agus i mBéal Feirste stop a chur le seift Johnson.

Sa chás cáiliúil mar gheall ar Airteagal 50, Miller v Secretary of State for Exiting the EU, mhaígh an Chúirt Uachtarach i Londain nach raibh na cúirteanna in ann scrúdú a dhéanamh ar ‘choinbhinsiúin’ nó sean-nósanna agus seanchleachtais pholaitiúla. Tá bunreacht Shasana bunaithe ar rialacha dleathacha, agus ar choinbhinsiúin nó sean-nósanna stairiúla freisin. Tá an gaol idir an Choróin agus Parlaimint na Breataine féin bunaithe ar chleachtais  stairiúla, agus i ndeireadh na dála is ar smaointe polaitiúla atá na cleachtais sin bunaithe. Caithfidh polaiteoirí cloí leo chun pionós polaitiúil a sheachaint. Ní cóir do bhreithiúna cur isteach ar an gcomhshocrú polaitiúil ársa seo.

Cé gur chleas polaitiúil uafásach é cleas Johnson an tseachtain seo caite, ní raibh amhras ar bith ar Sumption ach gur cleas dleathach é. Níor tháinig sé salach ar bhunreacht na tíre, agus ní déarfar a mhalairt sa Chúirt Uachtarach.

Is follasach go bhfuil rud éigin mícheart leis an gcleas seo. Is amhlaidh, a deir Sumption, gur eascair an cinneadh Westminster a dhúnadh as cuspóir polaitiúil mícheart. Ach dar leis go bhfuil an ceart ag airí na Breataine cuspóirí polaitiúla a bheith acu agus úsáid á baint acu as cumhachtaí ársa na corónach. Tá dea-chuspóirí agus droch-chuspóirí polaitiúla ann cinnte, ach níl aon chumhacht ag na cúirteanna cuspóirí airí a rangú mar sin. Caithfidh na cúirteanna díriú ar an dlí seachas ar an bpolaitíocht.

Ag deireadh thiar thall, ní foláir do na polaiteoirí an tír a shlánú. Ní faoi na cúirteanna atá sé críoch a chur leis an éigeandáil náisiúnta seo.                 

Fág freagra ar 'Bhí seift pholaitiúil Boris Johnson mícheart, ach bhí sé de cheart aige é a dhéanamh'