Bhí fonn ar Ruairí Quinn fáil réidh leis an nGaeilge éigeantach, ach bhí an iomarca ‘sacred cows’ roimhe

Deir an té a bhí ina chomhairleoir speisialta ag Ruairí Quinn nuair a bhí sé ina aire oideachais gur shocraigh Quinn gan dul ar aghaidh lena phlean maidir leis an nGaeilge mar go raibh an iomarca ‘cathanna’ eile á dtroid aige

Bhí fonn ar Ruairí Quinn fáil réidh leis an nGaeilge éigeantach, ach bhí an iomarca ‘sacred cows’ roimhe

Bhí fonn ar ar a laghad aire oideachais amháin deireadh a chur leis an nGaeilge mar ábhar éigeantach, ach cuireadh ar a shúile dó go raibh sé ag dul i ngleic leis an iomarca ‘sacred cows’ cheana féin.

In alt nuachtáin a foilsíodh inné, dúirt an té a bhí ina chomhairleoir speisialta ag Ruairí Quinn nuair a bhí sé ina aire oideachais gur shocraigh Quinn gan dul ar aghaidh lena phlean maidir leis an nGaeilge mar go raibh an iomarca ‘cathanna’ eile á dtroid aige i gcoinne ‘ba beannaithe’.

Bhí Quinn i mbun leasú a dhéanamh ar an Teastas Sóisearach ag an am agus bhí sé ag iarraidh chomh maith an chumhacht a bhí ag an Eaglais Chaitliceach sa chóras a bhaint di.

“Ruairí Quinn, who was education minister in that government, did toy briefly with the idea of looking at the whole issue of compulsory Irish but was persuaded that he was taking on too many sacred cows already between junior cycle reform and divesting Catholic primary schools,” a scríobhann John Walshe.

Tá ráite cheana ag Walshe ina leabhar faoina thréimhse mar chomhairleoir rialtais gur tháinig athrú intinne ar Ruairí Quinn mar gheall ar aghaidh a tabhairt ar cheist na Gaeilge éigeantaí toisc an drochíde a tugadh do Enda Kenny nuair a mhol sé deireadh a chur le staidéar na Gaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist.

Ba le linn an olltoghcháin in 2011 a mhol Enda Kenny go ndéanfaí ábhar roghnach den Ghaeilge ag leibhéal na hArdteiste.

Chinn Ruairí Quinn gur “a battle too far” a bheadh ann aghaidh a thabhairt ar an gceist, cé go raibh fonn air tabhairt fúithi.

Mhaígh Walshe in An Education – How an Outsider Became an Insider and Learned What Really Goes on in Irish Government gur bheag Gaeilge a chuala sé á labhairt sa Roinn Oideachais le linn a thréimhse ag obair mar chomhairleoir speisialta.

“Indeed, I met more Church of Ireland clergymen than Catholic bishops during my time there. As for the Irish language, I heard little Irish spoken and saw only one fáinne.”

Dúradh sa leabhar chomh maith go raibh ceann de na moltaí a rinne an t-iar-aire Quinn maidir leis na coinníollacha iontrála do scoileanna a athrú bunaithe ar an gcreideamh go raibh ‘polasaí’ ag roinnt Gaelscoileanna daoine a chur ó dhoras.

“The belief was that some gaelscoileanna were refusing to admit pupils whose parents were not proficient in the Irish language, including non-native Irish, and the policy was to change that,” a scríobhann John Walshe.

Ba é an moladh a bhí ag Quinn ná go gcuirfí deireadh leis an riachtanas iontrála do dhaltaí go gcaithfeadh líofacht i dteanga ar leith a bheith ag a dtuismitheoirí.

Mhol Quinn nach mbeadh le déanamh ag tuismitheoirí ach a léiriú go raibh siad tiomanta do pholasaí teanga na scoile.

Dúirt John Walshe gur cuireadh brú ar an iarThánaiste Eamon Gilmore an moladh sin a chur ó mhaith.

Scríobh Walshe nár chuala sé ach ceithre fhocal Gaeilge riamh ó Ruairí Quinn le linn a thréimhse mar Aire Oideachais.

Ba iad na focail sin ná ‘Tá mé ag éisteacht’ agus ba é Walshe féin a chuir isteach in óráid leis an Aire iad.

Tá ceist stádas na Gaeilge sa chóras oideachais go mór i mbéal an phobail arís i bhfianaise an athbhreithnithe atá á dhéanamh ag an NCCA ar leagan amach na hArdteiste.

Thug an tAire Oideachais Joe McHugh le fios do Tuairisc.ie an tseachtain seo go gcoinneofar an Ghaeilge mar ábhar éigeantach don Ardteist.

Tá ceist stádas na Gaeilge sa chóras oideachais ci lár an aonaigh sa tuarascáil eatramhach atá curtha amach ag an gComhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta faoin athbhreithniú atá á dhéanamh acu ar leagan amach na sraithe sinsearaí.

Deirtear sa tuarascáil go bhfuil “mixed views” faighte ag an NCCA faoi ar cheart an Ghaeilge a bheith ina hábhar éigeantach don Ardteist.

Fág freagra ar 'Bhí fonn ar Ruairí Quinn fáil réidh leis an nGaeilge éigeantach, ach bhí an iomarca ‘sacred cows’ roimhe'

  • Éibhear

    An í an Gaeilge an t-aon ábhar éigeantach ann?