Bhfuil rud ar bith níos truamhéalaí ná ceantar Gaeltachta ag iompú ina Ghalltacht?

Alt faoi Thamhain a scríobh an staraí céimiúil Thomas Bartlett a dhubh mo chroíse 

Bhfuil rud ar bith níos truamhéalaí ná ceantar Gaeltachta ag iompú ina Ghalltacht?

An bhfuil rud ar bith níos truamhéalaí ná a bheith ag léamh tuairisce faoi cheantar Gaeltachta ar ceapadh tráth go bhfanfadh sé ina Ghaeltacht ach a d’iompaigh ina Ghalltacht de réir a chéile?

Alt a scríobh an staraí céimiúil Thomas Bartlett a dhubh mo chroíse an iarraidh seo. Cur síos a bhí aige ar Thamhain.

Oileán beag in oirthear Chuan na Gaillimhe é Tamhain. 21 ciliméadar atá sé as cathair na Gaillimhe agus 10 gciliméadar as Órán Mór.

105 duine a bhí ann de réir dhaonáireamh 1901. Bhí siad ar fad dátheangach.

Bhí scoil ann ón mbliain 1862. Scoil a bhí inti a raibh stair léanmhar aici idir chasaoidí faoin gcaighdeán múinteoireachta agus an foirgneamh féin a bheith go dona. Dúnadh ar fad í sa mbliain 1903.

Bhí Conradh na Gaeilge láidir ag an am. Chuir dúnadh na scoile an-fhearg ar cheannairí an Chonartha.

Mheas siad nach mbeadh seans dá laghad ag an nGaeilge ar an oileán d’uireasa scoile. Chreid siad gurbh iad na scoileanna náisiúnta a thug an buille marfach don Ghaeilge ar fud na tíre agus gur scoileanna Gaelacha a dhéanfadh athbheochan uirthi.

Bhí fear as an oileán, Séamas Ó Beirn, an-ghníomhach i gcúis na Gaeilge ag an am. Gaeilgeoir ó dhúchas as an oileán ba ea a mháthair Máire, cé gur le Béarla a tógadh é féin.

D’eagraigh Séamas feis ar an oileán sa mbliain 1902. Chuir sé cumann áitiúil ar bun freisin leis an nGaeilge a neartú tuilleadh.

Ina cheann sin scríobh sé dráma, An Dochtúir, faoi dhochtúir nach raibh aon Ghaeilge aige a ceapadh i gceantar Gaeltachta.

Le dochtúireacht a chuaigh Séamas féin go deimhin. Chaith sé tréimhse ag dochtúireacht i gConamara agus ba mhór an obair a rinne sé ag ceansú na heitinne agus an tíofóidigh.

Ach le filleadh ar Thamhain, lean Séamas air ag éileamh go dtógfaí scoil nua ar an oileán.

Faoin am seo bhí daoine mór le rá ag cur spéise sa scéal. Orthu sin bhí Lady Augusta Gregory, Lord Iveagh, Dúbhghlas de hÍde, Pádraig Mac Piarais agus Roger Casement.

Thug Casement cuairt ar Thamhain sa mbliain 1904. I dteach mháthair Shéamais Uí Bheirn a d’fhan sé.

Thacaigh Dúbhghlas de hÍde go láidir leis an iarracht ar son na scoile nua. “We must not allow Tawin to go under in the struggle for the language or sink into a Kilronan”, a dúirt sé.

Ba mhaith a thuig sé go raibh Cill Rónáin Árann ag galldú as éadan.

Thosaigh airgead ag teacht isteach leis an scoil a thógáil. Tháinig £10 ó Easpag na Gaillimhe. Tháinig £20 ón Easpag Breatnach as Baile Átha Cliath.

Chuir Dúbhghlas de hÍde £2 sa gciste. Dheonaigh an scoláire mór Kuno Meyer gine agus tháinig gine eile ón “Welsh activist” Mallt Williams. Osclaíodh an scoil nua sa mbliain 1906.

Bhíodh Scoil Samhraidh ar an oileán ina dhiaidh sin. Idir na blianta 1911-1913 ba é Éamon de Valera a bhí ina phríomhoide sa Scoil Samhraidh.

Dúradh go mbíodh sé uaigneach ach gur mhór an sólás dó nach raibh beairic phóilíní ná teach tábhairne ar an oileán.

Faraor níor shábháil an dúthracht seo ar fad an Ghaeilge sa gceantar. Éiríodh as an Scoil Samhraidh sna fichidí. Rinneadh gnáthscoil dhátheangach den scoil ina dhiaidh sin agus ní dóigh liom go raibh mórán Gaeilge á labhairt inti nuair a dhún sí ar fad sa mbliain 1992.

Fág freagra ar 'Bhfuil rud ar bith níos truamhéalaí ná ceantar Gaeltachta ag iompú ina Ghalltacht?'

  • S. Mac Muirí

    Le do chroí a atógáil a Sheosaimh, luafad bean a tógadh i dTamhain le Gaeilg a bheadh c. 55 bl. d’aois faoin am so. Bhí aithne maith go leor agam uirthi 1985-89. Sílim gurb é an t-aon teach amháin sin a d’fhan leis an teangaidh, mar gur thuigeadar a luach.
    Casadh dom beirt de chainteoirí Bhaile an Locháin c. 1989/90. Lig an chéad fhear acu air féin nach raibh aon Ghaeilg ar chor ar bith aige, ach chas mé leis an dara fear 10 nóiméad ina dhiaidh a mhínigh dom go raibh “fuíollach Gaeilge” ag mo dhuine eile roimhe sin.
    Bhí cúigear cainteoirí dúchais i mBaile an Locháin an t-am soin, c. 1990. An fear nach labhródh i nGaeilg liom, ní bheadh sé an 70 bl. go fóill, cheapfainn.
    Níor chóir dom aon ainm a lua.
    Choinnigh teaghlach amháin an Ghaeilg mar urlabhra tí s’acu féin in iarthar an Chabháin agus i Nua-Eabhrach. Níor casadh dom iad ón bhFleadh Cheoil sa gCabhán blianta gairide ó shoin.
    Na daoine a choinnigh an teanga suas bhí fuinneamh ar leith iontu 7 dearcadh ar leith acu, 7 bhíodar le hoideachas nó ina lucht leighis, gach duine acu.
    Níor chuir duine ar bith in Éirinn ná i Sasain clóic ná scóchas dá laghad orthu. Fear amháin acu, chaitheadh sé oícheanta ag ól i gcumainn na gCaomhach i Sasain mar gur ann a théadh a chomhoibrithe.

  • Caochán

    Tá dóchas is éadóchas ann, is cinnte sin ach caithfidh mé a rá go ba cheart a bheith ag amharc ar an méid atá fágtha agus atá á ligean le sruth. Nuair a rinneadh staidéar cuimsitheach ar labhairt na Gaeilge sa Ghaeltacht (suim maith dho bhlianta ó shin anois mo léan) fuarthas 4 catagóir A; Iarthuasiceart Dhún na nGall, Iarthar Dhuibhneach, Connamara Theas agus ceannn amháin beag go bhfuil dearmad déanta ar fad dhaoithe – Ceathrú Thaidhg. Astu sin uilig bhí seirbhí rialta raidió, TG4, infheistíocht cuí, earnáil láidir thurasóireachta agus ionadaíocht de chuid Ollscoil na hÉireann i ngach ceann ach Tuaisceart Mhaigh Eo agus ní ach chun donais atá sé anois. Tá dearmad millteanach déantaí den gcanúint Chonnachtach sin agus níl a dhath á dhéanamh i ndáiríre chun an phobal sin a shábháilt (tá an ráta dífhostaíochta i measc na ndaoine óga is airde sa tír ansin mar shampla). Ní fada go gcluinfear ‘sure there was never any Irish spoken there, they did it in school alright’

  • S. Mac Muirí

    A Chaocháin, mura miste leat, an dtiocfadh leat téacs a chur a fhad liom ag 087 2754402 agus cíorfaimid an scéal.
    (Rinneadh lagiarracht cheana.)
    Grma.