Bheadh i bhfad níos mó airgid ag Údarás na Gaeltachta dá mbeadh toghchán fós ann – Fianna Fáil

Deir urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil Dara Calleary gurb amhlaidh go bhfuil faitíos ar an Rialtas roimh dhíospóireacht faoin nGaeltacht

Bheadh i bhfad níos mó airgid ag Údarás na Gaeltachta dá mbeadh toghchán fós ann – Fianna Fáil

Tá ráite ag Fianna Fáil go mbeadh i bhfad níos mó airgid ag Údarás na Gaeltachta dá mbeadh toghchán ann i gcónaí do bhord na heagraíochta agus gurb amhlaidh go bhfuil eagla ar an Rialtas roimh dhíospóireacht faoin nGaeltacht.

Mhaígh urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil Dara Callery nach raibh “aon bhrú” ar an rialtas cur le buiséad an Údaráis ó cinneadh gurbh é Aire na Gaeltachta agus comhairlí contae a d’ainmneodh baill an bhoird.

“Chuir muid [Fianna Fáil] an t-airgead go dtí an tÚdarás agus bhain sé úsáid as. Níor chuir an Rialtas an t-airgead go dtí an tÚdarás. Tá siad ceangailte. Dá mba rud é go raibh an Rialtas faoi bhrú sna ceantair Ghaeltachta, agus dá mbeadh toghcháin agus díospóireacht ann, bheadh i bhfad níos mó airgid ag dul go dtí an tÚdarás toisc go mbeadh an Rialtas faoi bhrú polaitiúil.

“Níl aon bhrú ann faoi láthair toisc go n-ainmnítear comhaltaí ag an Aire nó ag an gComhairle áitiúil. Tá a fhios ag an Aire Stáit go raibh an tÚdarás ag iarraidh i bhfad níos mó airgid, agus airgead caipitil ach go háirithe, mar tá sé faoi bhrú. Tá foirgnimh ag éirí sean.”

Mar fhreagra ar an méid sin, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne nár léir dó go bhfuil aon “cúis ann” go dtabharfaí ar ais toghchán an Údaráis agus go bhfuil an cur chuige atá anois ann ag teacht le treoirlínte an Rialtais maidir le ceapacháin ar bhoird Stáit.

Thug sé le fios chomh maith gur fearr a chinntíonn an córas atá anois ann go mbíonn daoine ar an mbord a mbíonn na cáilíochtaí acu “a aithnítear a bheith tábhachtach sa lá atá inniu ann chun a bheith mar chomhalta ar bhord Stáit ar nós Údarás na Gaeltachta”. Ba iad na cáilíochtaí sin, a dúirt sé, ná “dearcadh straitéiseach anailíse, obair foirne, cion tairbhe agus iarracht, agus cumarsáid agus tuiscint ar chúrsaí airgeadais”.

B’ionann chomh maith, a dúirt an tAire Stáit, líon na gcomhaltaí ar an mbord agus an líon comhaltaí “a mholtar de réir taighde idirnáisiúnta” a bheith ar bhord “den chineál atá i gceist le hÚdarás na Gaeltachta”.

Dúirt urlabhraí Gaeltachta Fhianna Fáil Dara Calleary go raibh “poitéinseal iontach” ag Údarás na Gaeltachta ach go raibh sé “soiléir nach dtuigeann an Rialtas an poitéinseal sin”.

Mhaígh Calleary sa Dáil go raibh níos lú airgid á thabhairt ag an Rialtas don Údarás ná mar a thugtaí dóibh nuair a bhíodh Fianna Fáil i gcumhacht.

“Tá an easpa airgid sin ceangailte leis an easpa toghchán díreach. Tá difríocht mhór idir duine a bheith ainmnithe chun a bheith ar bhord agus duine a bheith tofa. Tá muinín ag daoine i ndaoine tofa,” arsa Dara Calleary.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil gur chóir díospóireacht a bheith ann faoi Údarás na Gaeltachta ach mhaígh sé gurb amhlaidh go raibh eagla ar an Rialtas roimh a leithéid de phlé.

“Ba chóir don díospóireacht sin tarlú. Tá faitíos ar Fhine Gael roimh dhíospóireacht sna ceantair Ghaeltachta faoin gcáinaisnéis agus poitéinseal an Údaráis. Ba cheart go mbeidh toghcháin ann. Bheadh díospóireacht ann leis na toghcháin sin.”

“Ní aontaím go bhfuil an ceangal sin ann. Bíonn gach uile Aire riamh ag lorg níos mó airgid do bhord an Údaráis agus do gach uile eagraíocht eile. Is é sin an chaoi ina n-oibríonn cúrsaí. Bíonn gach uile Aire agus gach uile Rialtas ag lorg breis airgid. Bhí muid in ann breis airgid a chur ar fáil. Tá ardú de 11% ar an maoiniú d’Údarás na Gaeltachta i mbliana.

“Tá an ceart ag an Teachta go raibh buiséad mór ag an údarás i rith an Celtic Tiger ach bhí laghdú ann ó €25 milliún, go €16 milliún, agus go €10 milliún nó €9 milliún nuair a bhí Fianna Fail sa rialtas. Bhí an laghdú sin ann mar gheall ar an drochgheilleagar a bhí againn sa Stát,” a dúirt Seán Kyne.

Tá feachtas bunaithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ag éileamh go dtabharfaí ar ais toghcháin Údarás na Gaeltachta.

Deir an cumann Gaeltachta i gConamara gurb amhlaidh go bhfuil “bearna” idir Údarás na Gaeltachta agus an pobal ó cuireadh deireadh in acht na Gaeltachta 2012 leis na toghcháin.

Tá ráite ag Fianna Fáil, áfach, go dtabharfaidís toghcháin an Údaráis ar ais dá mbeidís i gcumhacht.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin anuraidh go raibh “ceart daonlathach” á shéanadh ar mhuintir na Gaeltachta ó cuireadh deireadh leis na toghcháin.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

 

Fág freagra ar 'Bheadh i bhfad níos mó airgid ag Údarás na Gaeltachta dá mbeadh toghchán fós ann – Fianna Fáil'

  • Tuairisg

    Cúis eile gan vótáil d’Fhianna Fáil.