‘Bearna’ idir Údarás na Gaeltachta agus an pobal ó cuireadh deireadh le toghcháin

Beidh stocaireacht á déanamh ag Cumann Forbartha Chois Fharraige i measc polaiteoirí maidir le ceist thoghcháin Údarás na Gaeltachta aimsir an chéad olltoghcháin eile

‘Bearna’ idir Údarás na Gaeltachta agus an pobal ó cuireadh deireadh le toghcháin

Tá feachtas bunaithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige ag éileamh go dtabharfaí ar ais toghcháin Údarás na Gaeltachta.

Deir an cumann Gaeltachta i gConamara gurb amhlaidh go bhfuil “bearna” idir Údarás na Gaeltachta agus an pobal ó cuireadh deireadh in acht na Gaeltachta 2012 leis na toghcháin.

Dúradh go mbeadh stocaireacht á déanamh ag Cumann Forbartha Chois Fharraige i measc polaiteoirí maidir le ceist na dtoghchán aimsir an chéad olltoghcháin eile.

Tá ráite cheana ag Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne nach bhfuil aon “chúis mhaith” ann toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais.

Tá ráite ag Fianna Fáil, áfach, go dtabharfaidís toghcháin an Údaráis ar ais dá mbeidís i gcumhacht.

Dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin anuraidh go raibh “ceart daonlathach” á shéanadh ar mhuintir na Gaeltachta ó cuireadh deireadh leis na toghcháin.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse cúigear comhaltaí eile.

Tá iarrachtaí ar bun ag páirtithe an fhreasúra i dTithe an Oireachtais le tamall reachtaíocht nua a thabhairt isteach chun toghcháin an Údaráis a chur ar bun arís, cé nach bhfuil oiread sin spéise léirithe ag an bpobal go fóill sa bhfeachtas sin.

Ceapadh an Bord atá ar Údarás na Gaeltachta faoi láthair ar an 16 Eanáir 2018 agus mairfidh tréimhse an bhoird sin go dtí an 15 Eanáir 2023.

Thug Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne le fios níos túisce i mbliana go raibh sé an-sásta leis an gcóras nua ceapacháin do Bhord an Údaráis.

“Seo an dara Bord a ceapadh faoi na socruithe leasaithe atá i bhfeidhm faoi láthair, socruithe atá ag teacht leis an Acht agus leis an dea-chleachtas.

“Mar gheall ar a éifeachtaí is atá go an córas ceapacháin atá á úsáid anois, córas a rinne mo Roinn dianmhachnamh air sular achtaíodh an tAcht Gaeltachta in 2012, ní fheictear dom go bhfuil cúis mhaith ar bith ann córas costasach toghcháin a thabhairt isteach arís,” a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Seán Kyne.

Dúirt an tAire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta Josepha Madigan an mhí seo caite go raibh sé róluath fós anailís a dhéanamh ar cé acu an bhfuil nó nach bhfuil struchtúr nua Bhord Údarás na Gaeltachta agus an córas pleanála teanga sa Ghaeltacht ag obair mar a bhíothas ag súil a bheadh.

Agus daichead bliain caite ó bunaíodh Údarás na Gaeltachta, deir Cumann Forbartha Chois Fharraige gur chóir na toghcháin a bhíodh ann go dtí 2012 a thabhairt ar ais.

“Reáchtáladh an chéad toghchán mí na Nollag 40 bliain ó shin le seachtar den 13 ar an mBord a thoghadh go daonlathach.De bharr na géarchéime eacnamaíochta cuireadh deireadh leis na toghcháin sa bhliain 2012, le hairgead a shábháil, a dúradh ag an am.

“Mar nach bhfuil toghcháin ann a thuilleadh le hionadaithe ó na pobail Ghaeltachta a roghnú le ceapadh ar Bhord an Údaráis, creideann Cumann Forbartha Chois Fharraige go bhfuil bearna oscailte sa chaidreamh idir an Údarás agus na pobail Ghaeltachta.

“Tá ceantair láidir Ghaeltachta, atá ag brath cuid mhaith ar an Údarás, fágtha gan ionadaíocht ar an mBord ó cuireadh deireadh leis na toghcháin, ach tá ionadaíocht ag ceantair taobh amuigh den Ghaeltacht,” a dúradh i ráiteas ó Cumann Forbartha Chois Fharraige.

Fág freagra ar '‘Bearna’ idir Údarás na Gaeltachta agus an pobal ó cuireadh deireadh le toghcháin'