‘Ceart daonlathach’ á shéanadh ar mhuintir na Gaeltachta ó cuireadh deireadh le toghcháin an Údaráis – Micheál Martin

Ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge an deireadh seachtaine seo, dúirt Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, agus polaiteoirí eile de chuid an fhreasúra gur chóir toghcháin Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais

‘Ceart daonlathach’ á shéanadh ar mhuintir na Gaeltachta ó cuireadh deireadh le toghcháin an Údaráis – Micheál Martin

Ceist thoghchán Údarás na Gaeltachta is mó a tharraing conspóid ag Ard-Fheis Chonradh na Gaeilge a reáchtáladh i dTrá Lí an deireadh seachtaine seo caite agus dúirt ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go raibh “ceart daonlathach” á shéanadh ar mhuintir na Gaeltachta ó cuireadh deireadh leis na toghcháin.

Ba é Breandán Mac Gearailt, iarbhall de Bhord an Údaráis ar bronnadh gradam speisialta na hArd-Fheise air le linn an deireadh seachtaine, a chuir tús leis an bplé faoin gcóras nua le baill an Bhoird a cheapadh. Fuair Mac Gearailt locht “ar na daoine a cheap baill an bhoird”, ach dúirt sé nach raibh “aon locht aige” ar na daoine atá ar an mbord faoi láthair.

Cuireadh deireadh leis an toghchán do Bhord Údarás na Gaeltachta in 2012.

Faoi Acht na Gaeltachta 2012, laghdaíodh líon na gcomhaltaí ar an mbord ó 20 go 12 comhalta. Faoin Acht, ceapann Aire na Gaeltachta seachtar comhaltaí, an cathaoirleach san áireamh, ar bhord an Údaráis agus ainmníonn na comhairlí contae, a bhfuil ceantar Gaeltachta ina ndlínse, cúigear comhalta.

Faightear locht go minic ar an gcóras nua agus dúirt an Seanadóir agus fiontraí aitheanta Pádraig Ó Céidigh le déanaí, mar shampla, nach bhfuil dóthain saineolais i gcúrsaí gnó i measc bhaill Bhord nua Údarás na Gaeltachta.

I ndiaidh don Dr Róisín Ní Ghairbhí an Ard-Fheis a sheoladh tráthnóna Dé hAoine, labhair ceathrar polaiteoirí, Bríd Smith, ón PBP, Donnchadh Ó Laoghaire, a tháinig in áit Mary-Lou McDonald, Micheál Martin, ceannaire Shinn Féin, agus an t-iarAire Gaeltachta Seán Kyne ag Seimineár na hArd-Fheise. Ba le linn na díospóireachta sin a cheistigh Mac Gearailt, na Teachtaí Dála faoin gcóras ceapacháin do bhord na heagraíochta fiontraíochta.

Cháin Micheál Martin, ceannaire Fhianna Fáil, an cinneadh deireadh a chur le toghcháin Údarás na Gaeltachta agus dúirt go raibh “ceart daonlathach” á shéanadh ar mhuintir na Gaeltachta a n-ionadaithe féin a thoghadh. Bhí Donnchadh Ó Laoghaire, an Teachta Dála de chuid Shinn Féin, den tuairim gur chóir go dtabharfaí na toghcháin ar ais arís chomh maith. Chosain an tAIre Stáit sa Roinn Gnóthaí Pobail agus Tuaithe Seán Kyne an córas reatha agus dúirt go raibh obair fhiúntach ar bun ag baill Údarás na Gaeltachta.

Is beag ábhar conspóide a bhí ann an mhaidin dar gcionn in Óstán an Meadowlands i dTrá Lí nuair a vótáil teachtaí na gcraobhacha agus baill aonair an Chonartha faoi os cionn 30 rún.

I measc na n-ábhar is mó a pléadh ag an Ard-Fheis bhí an feachtas i gcomhar Acht Gaeilge ó thuaidh, an córas oideachais thuaidh agus theas agus an fhorbairt pobail, go mór mór sa Ghaeltacht. Ritheadh roinnt rún ag tacú leis an bhfeachtas ó thuaidh d’Acht Gaeilge agus aontaíodh go lorgódh an Conradh tacaíocht na bpáirtithe ó dheas, tacaíocht a maíodh a bheith “lag” faoi láthair.

Cáineadh an drochbhail atá ar mhúineadh na Gaeilge ó dheas agus ritheadh roinnt rún inar éilíodh go n-ngéarófaí ar an bhfeachtasaíocht maidir leis an nganntanas múinteoirí Gaeilge agus maidir feidhmiú an pholasaí oideachais Gaeltachta. Moladh go dtabharfaí tacaíocht do bhearta éagsúla ó thuaidh a chabhródh le cur chun cinn na Gaeilge sa chóras scolaíochta ansin, agus moladh go mbeadh an Ghaeilge ar fáil mar ábhar roghnach i mbunscoileanna Béarla an Tuaiscirt.

Thug an Teachta Dála de chuid People Before Profit Bríd Smith le fios Dé hAoine go mbeidh feachtas ar bun amach anseo le Gaelscoil nua a bhunú i gceantar Bhaile Átha Cliath 10 agus ritheadh rún Dé Sathairn go gcinnteofaí go mbeadh deis ag gach dalta in Éirinn an gaeloideachas a fháil agus nach mbeadh aon dalta atá fáil a chuid oideachais faoi Ghaeilge sin faoi aon mhíbhuntáiste.

Ritheadh rún freisin go dtabharfaí tacaíocht do na Líonraí Gaeilge a fógraíodh an tseachtain seo caite agus don phróiseas pleanála teanga sa Ghaeltacht. Dúradh gur gá “tuarastail chuí” a thabhairt d’oibrithe in earnáil na Gaeilge sa chaoi is “nach gcaillfí tallann”. Dúradh freisin gur “masla” do phobal na Gaeilge agus do na daoine a “chuireann a gcroí agus a n-anam” isteach i gcur chun cinn na teanga faoin Scéim Pobal Gaeilge a laghad cúitimh a fhaigheann siad as. Maíodh go bhfuil gá le “daoine oilte” le pleananna teanga a chur i bhfeidhm i gceantair Ghaeltachta agus go bhfuil gá le maoiniú agus “cinnteacht agus conarthaí fadtréimhseacha” ionas gur féidir “fostaithe cáilithe” a mhealladh.

Is i Muineachán a bheidh Ard-Fheis na bliana seo chugainn agus socraíodh i dTrá Lí gur i nGaillimh a reáchtálfaí Ard-Fheis 2020.

Fág freagra ar '‘Ceart daonlathach’ á shéanadh ar mhuintir na Gaeltachta ó cuireadh deireadh le toghcháin an Údaráis – Micheál Martin'

  • Róisín

    Inis an fhírinne, níl ann ach fir ag gearrán nach bhfuil dóthain sean leaids liath ag fáil suíocháin ar an mbord anois.

    Is cuma sa tsioc Micheál Martin agus an dream eile faoin Údarás, faoin Ghaeltacht agus faoin Ghaeilge.

  • leitheoir

    Beag an baol go gcuirfidh siad sin an sionnach i measc na gcearc. A mbuillín déanta ag a bhformhór ar an status quo ante cheana féin. ‘Ná bain croitheadh as an mbád’…