B’fhiú d’eagraíochtaí tuaithe foghlaim faoi Bhaile Átha Buí

Tharla timpiste i halla pobail shráidbhaile Bhaile Átha Bhuí i mí na Nollag 1967 a chuir athrú ó bhun ar eagar na gcoistí deonacha sa tír seo

B’fhiú d’eagraíochtaí tuaithe foghlaim faoi Bhaile Átha Buí

Baile Átha Buí i gContae Uíbh Fhailí

Baile Átha Buí, baile beag a bhfuil a lorg greanta ar chúrsaí pobail tuaithe. Tharla timpiste i halla pobail shráidbhaile Bhaile Átha Bhuí, cúpla ciliméadar soir ó Chill Chormaic i dtuaisceart chontae Uíbh Fhailí i mí na Nollag 1967 – timpiste a chuir athrú ó bhun ar eagar na gcoistí deonacha sa tír seo. Gortaíodh roinnt daoine nuair a scaip lasracha as an téitheoir ar fud an halla, agus cuireadh an dlí ar cheathrar iontaobhaithe deonacha. Ba é an chéad uair riamh é i bPoblacht na hÉireann go ndearnadh éileamh sa gcúirt ar chúiteamh ar choiste deonach.  

Cluiche cártaí, fuist, a bhí ar bun sa halla. Imrítear an cluiche sin go forleathan i lár na tíre. Chuaigh an téitheoir sa halla trí thine. Osclaíodh an doras dúnta. Níor tuigeadh an chontúirt. Tháinig gustaí gaoithe an gheimhridh isteach agus fuadaíodh na lasracha as an téitheoir siar tríd an halla.  

Bhí bean amháin loiscthe go dona. Fuair sí cóir leighis i mBaile Átha Cliath agus i Londain agus cuireadh an cás faoi bhráid dlíodóra. Rinneadh éileamh ar chúiteamh agus bhuaigh an bhean a cás. Bheadh airgead le n-íoc amach agus bhí na hiontaobhaithe ar an halla sa mbearna bhaoil. Mar bharr ar a gcuid deacrachtaí, ní raibh árachas i bhfeidhm.   

Ní hé amháin go raibh cás na mná a gortaíodh go dona i gceist, ach d’fhág breithiúnas na cúirte go raibh an bealach réitithe do chuile dhuine eile dá raibh cúiteamh ag dul.  

I 1954 a tógadh an halla i mBaile Átha Buí. Buíon fear óg a bhí in eagraíocht na bhfeilméaraí a rinne an obair go deonach. Leis an tráthnóna, tar éis a gcuid oibre féin, a thagaidís le chéile ar an suíomh. Rinneadar beart gnaíúil do phobal na háite.  

Ceathrar feilméaraí as an gceantar a bhí ina n-iontaobhaithe ar an halla i 1967 agus bhí scrios ag teannadh leo. D’fhéadfadh sé go mbeadh orthu scaradh lena gcuid feilmeacha sa gcaoi agus go n-íocfaí an cúiteamh.  

Ba ansin a sheas Muintir na Tíre, eagraíocht náisiúnta na gcoistí pobail, sa mbearna.  

Rinneadar siúd socruithe chomh maith agus a bhíodar in ann idir na daoine a gortaíodh agus na hiontaobhaithe. Ach sa deireadh thiar thall, bhí airgead trom le n-íoc. I gcomhar le Cumann Náisiúnta na bhFeilméaraí, eagraíodh bailiúcháin ar fud na tíre, sna ceantair láidre feilméarachta ba mhó a rinneadh an iarracht sin. Ba é a dheireadh, gur cuireadh an t-airgead uilig le chéile ach shaothraigh na hiontaobhaithe an saol de bharr éiginnteachta, brú agus imní. Bhí duine amháin acu ar shlí na fírinne sula raibh an cás réitithe agus an t-airgead íoctha amach. 

Níl an luí céanna leis an obair dheonach phobail anois agus a bhí nuair a thóg feilméaraí óga Bhaile Átha Buí an halla i 1954. Tá an dearcadh athraithe agus tá cúrsaí árachais ar cheann de na cúiseanna atá leis. De réir na scéalta atá le cloisteáil ó chuntasóirí agus dlíodóirí, tá go leor daoine a bhíodh ina n-iontaobhaithe agus ina stiúrthóirí ar ghrúpaí pobail agus ar áiseanna pobail ag éirí as  

Rinneadh iarracht roinnt blianta ó shin le córas árachais a chur ar fáil a laghdódh an costas. Bhí eagraíochtaí náisiúnta ar nós ‘The Wheel’ [cumann tacaíochta is comhairle do ghrúpaí pobail] agus tuilleadh gníomhairí pobail, páirteach san iarracht sin. Rinneadh socrú le comhlacht bróicéirí árachais i mBaile Átha Cliath, agus tá an socrú sin i bhfeidhm fós. Molann siadsan gur cheart do choistí, agus do ghrúpaí deonacha, árachas a chur ar a ngnóthaí féin agus a gcuid maoine féin ar an gcéad iarraidh. Ansin má bhíonn dreamanna eile ag úsáid a gcuid áiseanna, hallaí cuir i gcás, is leis na dreamanna eile árachas dá gcuid féin a bheith acu, agus deimhniú scríofa a thabhairt gur mar sin atá. 

Roinntear amach costas an árachais, ar an gcaoi sin. 

Ach níl aon éalú ó riachtanais árachais anois fiú más obair dheonach – obair throm go minic – a bhíonn i gceist. Níor tuigeadh an chontúirt san aimsir a caitheadh agus ní locht é sin ar dhaoine gnaíúla a raibh dea-thoil, agus leas an phobail, ina gcroíthe. 

Ansin tharla cás Bhaile Átha Buí.  

Fág freagra ar 'B’fhiú d’eagraíochtaí tuaithe foghlaim faoi Bhaile Átha Buí'