Beidh sé nach mór dodhéanta sprioc earcaíochta a bhaint amach gan tuilleadh céimithe le Gaeilge – An Coimisinéir Teanga

Beidh an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill i láthair ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge inniu chun plé a dhéanamh ar an tuarascáil bhliantúil is déanaí dá chuid

Beidh sé nach mór dodhéanta sprioc earcaíochta a bhaint amach gan tuilleadh céimithe le Gaeilge – An Coimisinéir Teanga

Deir an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill go mbeidh sé nach mór dodhéanta sprioc an Rialtais ó thaobh earcú Gaeilgeoirí a bhaint amach mura dtéitear i ngleic leis an easpa soláthar oideachais lán-Ghaeilge.

Is í mórsprioc na reachtaíochta teanga nua a tugadh isteach anuraidh ná gur cainteoirí Gaeilge a bheadh i 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse faoin mbliain 2030.

Ach deir an Coimisinéir Teanga gur ar éigean a bhainfear an sprioc sin amach mura ndéantar gníomh práinne chun cur le líon na gcéimithe oilte le Gaeilge sna blianta beaga amach romhainn.

Tá an Coimisinéir den tuairim gur gá scagadh grinn a dhéanamh láithreach ar líon agus ar chineál na gcéimithe a bheidh ag teastáil chun an sprioc earcaíochta 20% a bhaint amach.

Tuigtear go molfaidh an Coimisinéir Teanga do Choiste Oireachtais na Gaeilge agus na Gaeltachta inniu gur cheart clár náisiúnta oiliúna a bhunú i gcomhar le hinstitiúidí oideachais an stáit chun cur le líon na gcéimithe cáilithe a bhfuil Gaeilge líofa acu as seo go ceann cúig bliana nó mar sin.

Beidh an Coimisinéir i láthair ag cruinniú den Choiste Oireachtais chun plé a dhéanamh ar an tuarascáil bhliantúil is déanaí dá chuid.

Déanfaidh sé tagairt chomh maith don ghá atá ann níos mó scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú chun go mbeadh seans an sprioc 20% a bhaint amach.

De réir tuarascála nua ón Roinn Oideachais, ní dheachaigh ach 36% de na daltaí a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.

I 21 as 26 contae téann níos lú ná leath de dhaltaí gaelscoile ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge. Níl aon ghaelcholáiste i 13 contae.

Tá na figiúirí nua ar fáil sa tuarascáil nua de chuid na Roinne Oideachais, Léargas ar Sholáthar don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht mar a bhfuil mioneolas faoi staid an ghaeloideachais faoi láthair.

Cé go n-aithnítear sa tuarascáil nua na bearnaí móra sa soláthar oideachais lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, deirtear gur ar éigean go mbeidh mórán gaelscoileanna nó gaelcholáistí nua á mbunú sna blianta amach romhainn mar go dtiocfaidh laghdú ar bhunú scoileanna go ginearálta mar gheall ar athruithe déimeagrafacha.

Tá ráite cheana féin ag baill Choiste Oireachtais na Gaeilge gur gá cúrsaí nua tríú leibhéal a bhunú láithreach bonn chun go mbeifear in ann sprioc nua an Stáit cur le líon na nGaeilgeoirí sa tseirbhís phoiblí a bhaint amach.

Fág freagra ar 'Beidh sé nach mór dodhéanta sprioc earcaíochta a bhaint amach gan tuilleadh céimithe le Gaeilge – An Coimisinéir Teanga'