Deir an Roinn Oideachais gur dócha nach mbeidh ach “deiseanna teoranta” ann Gaelscoileanna nua a bhunú sna blianta amach romhainn.
Caithfear dá bharr, a deirtear i dtuarascáil nua faoin ngaeloideachas, “roghanna eile níos inbhuanaithe” a fhiosrú chun cur le líon na ndaltaí atá ag fáil oideachas lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht.
Cé go n-aithnítear sa tuarascáil na bearnaí móra sa soláthar sin lasmuigh den Ghaeltacht, deirtear gur ar éigean go mbeidh mórán Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí nua á mbunú sna blianta amach romhainn mar go dtiocfaidh laghdú ar bhunú scoileanna go ginearálta mar gheall ar athruithe déimeagrafacha.
Tá laigí an tsoláthair gaeloideachais soiléir go háirithe ó thaobh líon na ndaltaí a théann ar aghaidh ó ghaelscoil go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.
De réir na tuarascála nua, ní dheachaigh ach 36% de na ndaltaí a bhí i Rang a Sé i ngaelscoileanna an stáit i Meitheamh 2020 ar aghaidh go dtí iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.
4,723 dalta a bhí i rang a Sé i ngaelscoileanna i Meitheamh 2020 agus 1,688 acusan a chuaigh ar aghaidh go dtí gaelcholáiste. Chuaigh 394 dalta ar aghaidh ó bhunscoileanna Béarla go dtí gaelcholáiste an bhliain chéanna.
588 dalta a chuaigh ar aghaidh ó ghaelscoil go dtí scoil Bhéarla ina raibh aonad Gaeilge, cé nach fios cé mhéad acusan a d’fhreastail ar an aonad.
Cuirtear ar fáil sa tuarascáil nua – Léargas ar Sholáthar don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht – mioneolas ar faoi staid an ghaeloideachais faoi láthair.
Tá an tuarascáil taighde nua curtha i dtoll a chéile mar chuid den pholasaí nua don ghaeloideachais lasmuigh den Ghaeltacht atá á fhorbairt ag an Roinn Oideachais. Tá tús curtha chomh maith le próiseas comhairliúcháin phoiblí faoin bpolasaí nua.
In áit a bheith ag brath ar Ghaelscoileanna nua a bhunú amháin, d’fhéadfaí, a deirtear, cabhrú le scoileanna Béarla iompú ina scoileanna Gaeilge, scoileanna Béarla agus Gaeilge a chur ar an gcampas céanna nó scoileanna lán-Ghaeilge atá ann cheana féin a mhéadú.
“Beidh deiseanna teoranta ann chun soláthar lán-Ghaeilge a mhéadú trí scoileanna nua… Beidh sé tábhachtach, mar sin, go mbainfí an leas is mó is féidir as na deiseanna atá ann laistigh de bhonneagar na scoileanna cheana féin,” a deirtear sa tuarascáil.
Maítear chomh maith go bhfaighfear eolas “úsáideach” don pholasaí ó thaighde nua atá á dhéanamh faoi aonaid agus sruthanna Gaeilge. Múnla eile a bheidh á mheas ná scoil satailíte Ghaeilge, múnla atá á thriail ar bhonn píolótach i nDún Dealgan.
Is é atá i gceist leis an múnla seo ná campas breise a chur ar fáil faoi bhainistíocht ghaelcholáiste atá ann cheana féin i mBaile Brigín, Coláiste Ghlór na Mara, seachas scoil nua a bhunú.
D’fhéadfaí chomh maith, a deirtear sa tuarascáil, iarratas ar iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú ach cruthúnas a bheith ag an iarratasóir go gclárófaí 400 dalta leis. Idir 600-1,000 a bhíonn i gceist d’fhormhór na n-iar-bhunscoileanna nua.
De réir na hanailíse is déanaí atá déanta ag an Roinn tiocfaidh laghdú ar líon na ndaltaí a bheidh cláraithe i mbreis is 90% de na 314 limistéar pleanála scoile sa stát as seo go 2025. Meastar, áfach, go dtiocfaidh méadú ar líon na ndaltaí a bheidh cláraithe in 88% de na hiar-bhunscoileanna as seo go dtí 2028.
Deirtear chomh maith, áfach, go mbainfidh formhór na n-iar-bhunscoileanna “buaicphointe” ó thaobh líon na ndaoine a bheidh ag clárú leo amach sa dá bhliain nó sna trí bliana amach romhainn.
Géilltear sa tuarascáil nua go gcaithfear aghaidh a thabhairt ar cheist an tsoláthair múinteoirí i scoileanna lán-Ghaeilge chun a chinntiú gur féidir leanúint den oideachas “ar ardchaighdeán” atá ar fáil sna scoileanna sin agus cur le líon na ndaltaí atá ag freastal orthu.
Séamus Ó Súilleabháin
*****************************************************************************************
http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059
*****************************************************************************************
Cothaigh SUIM le SUIM agus tuilleadh SUIME
sa Teanga Dhúchais i measc an Phobail le go mbeadh rachairt
ar an Ghaeilge sna scoileanna Thuaidh ,Theas, Thiar nó Thoir
Idir Straitéis 20 Bliain na Gaeilge, Acht na dTeangacha Oifigiúla 2021 agus ‘Taighdí/Tuarascála éagsúla’ beidh an mhéar ag iarraidh níos faide leis an Teanga Dhúchais a chur ar na sráideanna arís agus sna siopaí.
B’feidir go dtarlódh an Ghaeilge a bheith i mbéal an duine a mbeadh suim aige/aici inti i gceann 100 bliain eile.
Cothaigh ‘Suim’ sa Teanga in aghaidh an Chultúir Angla-Mhéiriceánaigh ar dtús agus ‘Achtanna Teanga’ níós eifeachtaí a chur i bhfeidhm .
Ar fud na tíre fostaigh aistritheoirí dhátheangacha sna Ranna áirithe rialtais ag obair as lámha a chéile leis na Stáitseirbhísigh agus an Phobal sna Gaeltachtaí agus sna Galltachtaí.
Bígí i measc na bPobal ag brú na Teanga chun tosaigh le ciorcail chomhrá, cumainn Ghaeilge agus feachtas feasachta faoin Chultúr Éireannach a craobhscaoileadh.
Labhair í agus mairfidh sí .
Is mise le dóchas
Dónall Mór Mac Billings
Mac na Reablóide Teanga agus Polaitíochtaí
An Ghaeltacht,
Príosún Phort Laoise
Bloc E
Focal Scoir :—
(Gabh mo leithscéal as an Clampar, mar tá mé ag obair ó mo chillín
ar láthair thógála ‘Bloc E ‘agus braon den ‘Asbestos’ agus deanach timpeall orm i gcónaí )
****************************************************************************************
http://artpickle.com/Index.cfm?artpage=artistdetail&ID=11059
****************************************************************************************