Beidh scéal phointe Shéamuisín Jim Pheig á insint ag ár gclann do chlann a gclainne…

An rian is mó a fhágfaidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar Chumann Caide na Gaeltachta? Spiorad pobail

Beidh scéal phointe Shéamuisín Jim Pheig á insint ag ár gclann do chlann a gclainne…

Ní ghéillim don mheon gur tábhachtaí an spórt ná ceisteanna báis agus beatha. Meon gan bun gan dealramh is ea é, agus ní ghéillfeadh éinne dó ach duine go mbeadh leidhbhíocht éigin ag baint leo. Ach cuireann an spórt dráma lenár saol, agus cuireann sé an spiorad agus an t-anam sa tsiúl i slí nach ndéanann ach fíorbheagán rudaí – ar nós amhrán, ceol nó saothar ealaíne álainn.

Chonaiceamar é sin leis an dara cic deireanach de chluiche ceannais Chomórtas Peile na Gaeltachta. Agus Cumann Caide na Gaeltachta agus Cill Charthaigh ar comhscór agus neomat d’am cúitimh gortuithe sa dara leath d’am breise caite, fuair fear óg agus geansaí na Gaeltachta uime, Séamuisín Jim Pheig an liathróid ar chliathán na trá de pháirc Chaide Ghallarois. Chaith sé leathshúil i dtreo na sprice, d’iompaigh agus bhuail raspar de chic gan cháim thairis an trasnáin ar iompú na boise. Bhuaigh san an cluiche agus an corn don Ghaeltacht.

Gan dabht, bhí ochtó neomat caide feicthe againn roimhe sin, agus obair Phiarais á déanamh ag imreoirí ó cheann ceann na páirce, ach sa chúpla soicind úd idir cic Shéamuisín Jim Pheig agus séideadh na feadóige, bhí éachaint againn ar bharrfheabhas na foirfeachta.

Clóchas agus misneach na hóige chun tabhairt fé. An chaid san aer ar feadh neomaití móra fada ba dhóigh leat. Ní bheadh an draíocht chéanna ag baint leis mura mbeadh an cuaille buailte aige. Agus na leanaí beaga i gceannfhearann na páirce agus iad dulta glan scuabtha as a meabhair le háthas. (Bhí fear ina measc agus bhí oiread san hapadaíola aige gur dhoirt sé leath dá phiúnt leanna ar an bhféar). Agus tar éis don réiteoir an port deireanach a bhaint as a fheadóg, bhí an fhoireann agus an lucht tacaíochta ag sileadh na ndeor, an mórtas cine ag brúchtaíl aníos astu.

Sin barrbhuaic an spóirt duit.

Chuir an radharc agus an gort féin leis mar dhraíocht. Bhí an cluiche ar fad fé mar a bheadh mionsamhail den dtimpeallacht máguaird; neart, cruas, fiántas agus áilleacht. Deineadh an-chuid cainte ar an ngort breá nua a deineadh de leathchurrach de ghort feirme, ach féach gur ag an seanghort a bhí an scéal seo le hinsint. Tá aithne ag na himreoirí seo ar gach clais, ardán agus ísleán ar an ngort a deineadh as duimhche na Muirí, agus sheas an aithne sin leo. Beidh a scéal féin le hinsint ag an ngort nua, ach féach go bhfuil draíocht éigin sa tsean-áit fós.

Beidh scéal phointe Shéamuisín Jim Pheig á insint ag ár gclann do chlann a gclainne agus cuirfear cosa fé. Beifear ag rá go raibh Séamuisín Jim Pheig sé chéad go leith slat amach ón gcúl, thíos ar Thráigh na Muirí, agus ochtar déag á mharcáil. Ach má spreagann iarracht Séamuisín éinne dos na garsúin is na gearrchailí úd a bhí á cheiliúradh chun coimeád le caid agus leis an gcumann, ar mhaithe leo féin, lena dteaghlaigh agus lena bpobal, is tábhachtaí san ná aon Chorn.

Bhí tábhacht ag baint leis an gcomórtas seo dúinn. Ní hiad na háiseanna den chéad scoth a forbraíodh don gcumann an oidhreacht is tábhachtaí atá aige, ach gur tháinig meitheal le chéile ós na paróistí ar fad, ó Cheann Sléibhe go sleasa Chnoc Bhréanainn, chun an bhó áirithe seo a chur thar abhainn. Bhí pobal daoine, idir fhearaibh is mhnáibh, óg agus aosta, feirmeoirí, bildéirí, iascairí, mná tithe, scoláirí agus oibrithe oifige, mar éinne amháin le mí agus míonna anuas, iad ag déanamh aon ní a d’fhéadfaidís chun an comórtas a chur le chéile. Bhí daoine nach raibh i nGallaros le scór bliain seasta ansiúd agus veisteanna buí orthu le linn an deireadh seachtaine agus é ina scríob agus ina anaithe, ag léiriú mórtas cine agus mórtas áite ina slí bheag féin. Go bhfana an spiorad sin linn ar feadh stáir.


Is minic sinn (agus táim féin chomh ciontach le duine anso), ag cáiseamh patuaire an aosa óig, go háirithe imreoirí óga. Ach bhí cuid des na laochra a bhuaigh Corn an Aire mar pháirt den mheitheal seo chomh maith. Bhí na daoine céanna ag líonadh pínt ar a haon a chlog ar maidin is a bhí ag scóráil pointí um thráthnóna.

Sin í an rian is mó a fhágfaidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar Chumann Caide na Gaeltachta; spiorad pobail. N’fheadar éinne ach na buillí atá buailte ar an gceantar seo againne le blianta beaga anuas, ach seo rud gur féidir leis an bpobal a bheith bródúil as.

Níor ghá don nGaeltacht an comórtas a bhuachaint chun go mbeadh rath ar an gcomórtas, ach bhí an bua, agus cúilín Shéamuisín, fé mar a bheadh sméar mhullaigh ar an ócáid ar fad.

Fág freagra ar 'Beidh scéal phointe Shéamuisín Jim Pheig á insint ag ár gclann do chlann a gclainne…'