‘Beidh mé buíoch i gcónaí dó’ – a ómós léirithe ag Uachtarán na hÉireann do Joe Steve Ó Neachtain

Tá ómós á léiriú don scríbhneoir, aisteoir agus gníomhaí pobail Joe Steve Ó Neachtain ó chualathas an scéal inné go raibh sé ar shlí na fírinne

‘Beidh mé buíoch i gcónaí dó’ – a ómós léirithe ag Uachtarán na hÉireann do Joe Steve Ó Neachtain

Tá ómós léirithe ag Uachtarán na hÉireann Micheál D. Ó hUigínn do Joe Steve Ó Neachtain, an scríbhneoir, aisteoir agus gníomhaí pobail cáiliúil as Cois Fharraige ar fógraíodh a bhás inné.

“Mar Uachtarán na hÉireann, déanaim comhbhrón ó chroí le clann, cairde agus comhghleacaithe Joe Steve Ó Neachtáin a fuair bás inné. Ba scríbhneoir ildánach, file agus aisteoir den scoth é Joe Steve agus é sáite fad a shaoil ina phobal dúchais – pobal na Gaeltachta i gConamara. 

“Mar scríbhneoir, aithníodh ardchaighdeán a shaothair agus bronnadh iliomad gradam air toisc áilleacht a dhrámaí, úrscéalta, gearrscéalta agus filíochta. Rinneadh ball d’Aosdána de toisc an mháistreacht a thaispeáin sé ina cheird.  Bhí clú air chomh maith de bharr an róil a bhí aige mar aisteoir i Ros na Rún agus toisc a cheannaireacht i ngluaiseacht chearta sibhialta na Gaeltachta.”

Dúirt an tUachtarán go raibh aithne aige féin ar Joe Steve Ó Neachtain. 

Bhí sé “buíoch i gcónaí” a dúirt an tUachtarán as an “dea-chomhairle”, “tacaíocht” agus “cairdeas” an scríbhneora arb as an gCré Dhubh ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara dó.

“Déanaim féin agus Saidhbhín comhbhrón inniu lena bhean chéile, Máirín, a mbeirt iníonacha Luisne agus Aisling, a mac Páid agus lena chlann uilig. Ar dheis Dé go raibh a anam,” arsa Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn.

Tá ómós á léiriú do Joe Steve Ó Neachtain ó chualathas an scéal inné go raibh sé ar shlí na fírinne.

Dúirt Peadar Mac an Iomaire, iarcheannasaí Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge agus Gaeltachta a bhí ar dhuine de bhunaitheoirí Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta in éineacht le Joe Steve Ó Neachtain, gur fear pobail den scoth a bhí ann. 

Ceannródaí pobail i chuile chiall den fhocal a bhí i Joe Steve. Ní hamháin go raibh sé ag iarraidh oibriú agus brú a chur ar an Stát le haghaidh seirbhísí níos fearr a thabhairt don taobh seo tíre, ach bhí sé fhéin gníomhach ina chuid oibre, ar chuile bhealach, chun an ceantar a chur chun cinn,” a dúirt Peadar Mac Con Iomaire le Nuacht TG4.

Dúirt sé go raibh páirt lárnach ag Joe Steve Ó Neachtain, mar shampla, i bhforbairt pháirc pheile Mhícheál Breathnach, i mbunú Ghrúpscéim Uisce Chois Fharraige agus i mbunú Chomharchumann Shailearna.

“Fiú amháin go dtí le gairid, bhí Joe Steve réidh chun chuile thacaíocht a thabhairt do dhream ar bith a bhí ag iarraidh an ceantar a chur chun cinn. Ní fhéadfá duine níos fearr a fháil don phobal ná Joe Steve.

Dúirt Máire Pheteir Uí Dhroighneáin, an t-amhránaí agus an t-aisteoir a bhí ina ‘bean chéile’ ag Joe Steve sa sobaldráma Ros na Rún. 

“Bhí sé cineálta i gcónaí agus mholfadh sé thú nuair a bhí tú thuas agus thabharfadh sé an focal misnigh duit nuair a bhí tú thíos. Seo lá an-bhrónach agus tá uaigneas ar chuile dhuine againn. Théis go raibh muid ag súil leis, ní raibh muid ag súil leis. Bhí muid fós ag ceapadh nach dtarlódh sé. 

“Ní chuimhneofá ar Joe Steve go deo mar dhuine a bheadh imithe. Ní fhéadfá cuimhneamh air mar dhuine a bheadh imithe. Bhí sé róbheo, róshuaimhneach, agus róghreannmhar.

“Ag deireadh an lae uile, an rud is mó a d’fhéadfá rá ná go raibh sé i gcónaí ina dhuine uasal, tríd an rud ar fad,” arsa Máire Pheteir Uí Dhroighneáin.

Ag labhairt dó ar Nuacht TG4, dúirt an t-aisteoir Máirtín Jamesie Ó Flaithearta nach mbeadh leithéid Joe Steve i gConamara “arís go brách”.

“Bhí acmhainn grinn aige, bhí fios a labhartha aige, bhí sé lách, bhí sé múinte, file a bhí ann, drámadóir, úrscéalaí agus an-chomhluadar. Go ndéana Dia grásta ar an bhfear bocht, is iomaí craic mhór a bhí againn in éineacht. Mo chomhbhrón lena bhean, Máirín, agus a chlann, a aireoidh uathu é. Go ndéana Dia grásta ort a sheanmhéit,” arsa Máirtín Jamesie Ó Flaithearta.

Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás na Gaeltachta Micheál Ó hÉanaigh gur fhág Joe Steve Ó Neachtain a rian ar an nGaeltacht agus nach mbeadh Údarás na Gaeltachta ann dá uireasa.

B’amhlaidh an cás ag Raidió na Gaeltachta, a dúirt ceannaire RnaG, Gearóid Mac Donncha.

Dúirt Mac Donncha go raibh “laoch Gaeltachta ar lár”, fear a raibh “meas agus cion” an phobail air. 

Dúirt sé go gcuimhneofaí ar Joe Steve Ó Neachtain ní hamháin mar gheall ar a shaothar mar scríbhneoir ach mar gheall ar an “uaisleacht, an daonnacht agus an cineáltas” a bhain leis an tslí a chaith sé leis an uile dhuine. 

Fág freagra ar '‘Beidh mé buíoch i gcónaí dó’ – a ómós léirithe ag Uachtarán na hÉireann do Joe Steve Ó Neachtain'

  • Pól Ó Braoin

    Níl Joe Steve imithe agus ní bheidh a fhad agus a fhéadfas duine ar bith a bhfuil léamh na Gaeilge aige nó aici leabhar dá chuid a oscailt. Is beag an méid a chloistear faoi i meáin an bhéarla agus is mór an trua sin mar is dóigh liom gur duine de na mórainmneacha é Joe Steve i measc Yeats, Joyce, Synge, Máirtín Ó Cadhain agus éinne eile ar an leibhéal céanna leo siúd, ach gurbh fhear a fáisceadh as an ngaeltacht é agus gurbh fhear Gaeilge é a raibh meas mór ar a fhód dúchais agus ar a mhuintir féin aige.
    Go ndéana Dia grásta ort, a Joe Steve Ó Neachtain, agus tá súil agam go mbainfidh mé sásamh is taitneamh as do chuid scríbhneoireachta i measc rudaí eile de do chuid go ceann na mblianta fada atá romhainn. Slán go fóill!