Bíonn an-fhonn ar dhaoine a bheith sa mbaile le haghaidh na Nollag nó ar a laghad ar bith a bheith ag cuimhneamh ar an mbaile. Is cuid den nádúr daonna é.
Rinne Dónall Mac Amhlaigh cur síos ina leabhar Dialann Deoraí ar Nollaig ar fhill sé ar an mbaile ina áit dúchais i gCill Chainnigh.
Seo cuid den méid a bhí le rá aige:
‘Nuair a shroich mé Cill Chainnigh ní dhearna mé a dhath moille ach dul suas abhaile díreach. Bhí coinneal mhór na Nollag ar lasadh sa bhfuinneog agus bhí an tseanlady romham ag an doras do m’fháiltiú abhaile. Chuaigh mé isteach sa chistin, mar a raibh tine mhór mhillteach thíos, agus bhí áthas an domhain ar an seanbhuachaill mé a fheiceáil ag breathnú chomh maith sin. Ba ghearr go dtáinig Brian agus Damhnait isteach agus thug mé dóibh a gcuid féiríní. Shuigh mé síos gur ith mé an-bhéile, agus bhí áilleacht an tí mar anlann le m’ocras agam. Bhí an cuileann thuas acu agus na caora beaga dearga go fairsing ann, agus amuigh san fho-chistin bhí gé mhór ramhar réidh le cur síos.
D’éirigh m’athair agus mé féin tar éis scaithimh agus chuaigh muid síos go tigh Larry, mar a raibh deoch dheas shuaimhneach againn i measc na seanchomharsana uilig.’
Ar cheann de na dánta deasa a scríobh Máirtín Ó Direáin tá ‘Cuireadh do Mhuire’. Thug sé féin cuntas ar an gcaoi ar tháinig an dán sin chuige. Tá an cur síos a rinne sé air sa leabhar Ón Ulán Ramhar Siar.
Seo mar a dúirt seo:
‘Ní raibh ansin ach mothú a tháinig dom nuair a bhí an Cogadh Mór ar siúl anseo, nó an domhan taobh amuigh dínn ina racán, an saol trína chéile agus teacht na Nollag smaoinigh mé fhéin siar nuair a bhíodh coinneal, go mór mór Oíche Chinn an Dá Lá Dhéag, nuair a bhíodh dhá choinneal déag, bhíodh coinnle i chuile fhuinneog den teach agus is cuma í a bheith dubh dorcha. Go mór mór oíche spéirghealaí—níl amhras ar bith ag breathnú siar anois nárbh álainn an radharc é do ghasúr óg ag dul amach agus chuile theach sa dá bhaile agus as sin soir amach ar feadh amhairc, soir amach go dtí Eochaill, mar ní fhéadfá aon teach níos faide soir ná sin a fheiceáil mar gheall ar an aird, bhí an t-oileán ar fad ina laom lasair agus b’iontach go deo an radharc é, agus sin a thug in mo cheann an dán seo a scríobh.’
Agus seo an dán féin:
Cuireadh do Mhuire
An eol duit, a Mhuire,
Cá rachair i mbliana
Ag iarraidh foscaidh
Do do leanbh Naofa,
Tráth a bhfuil gach doras
Dúnta Ina éadan
Ag fuath is uabhar
An chine dhaonna?
Deonaigh glacadh
Le cuireadh uaimse
Go hoileán mara
San iarthar cianda:
Beidh coinnle geala
I ngach fuinneog lasta
Is tine mhóna ar theallach adhainte.
Bhí Tomás Laighléis as Mionlach ag cuimhneamh ar shoilse na Nollag agus é ag comhrá le Tomás De Bhaldraithe:
‘Coinnle breaca na Nollag go háirithe a mbíodh an tsuim iontu agus an ríméad astu. An choinneal mhór nó an choinneal bhreac, ba cuma cé acu é, a lasfaí Oíche Nollag. Gorm agus dearg a bhíodh na spotaí, ach gurbh é goirmeacht na spéire é agus idir bán agus dearg an ceann eile. Ní le broisín a bhí siad daite ar chor ar bith. Cuid den choinneal a bhí sa dath a bhí orthu. Dá ocrasaí dá raibh aos óg san am agus dá mhéad dúil dá raibh i gcáca mór na Nollag Mháire Gíogóg acu, is mó an gliondar a bhí an choinneal bhreac a chur ina dhiaidh sin orthu.’
Fág freagra ar '’Beidh coinnle geala i ngach fuinneog lasta’ – scríbhneoirí na Gaeilge ag trácht ar an Nollaig sa mbaile…'