‘Béarla éigeantach’ do pháistí beaga na Breataine Bige caite i dtraipisí

Spréach idir thuismitheoirí, fheachtasóirí agus pholaiteoirí a bhíonn ag cur na Breatnaise chun cinn nuair a mhol an Rialtas go bhfaighfí réidh leis an luaththumoideachas

‘Béarla éigeantach’ do pháistí beaga na Breataine Bige caite i dtraipisí

Tá amhras caite ar thuiscint Rialtas na Breataine Bige ar thábhacht an tumoideachais i ndiaidh dóibh a mholadh go dtabharfaí ar naíonraí Breatnaise an Béarla a theagasc.

Chaith an Rialtas an moladh sin i dtraipisí nuair a spréach idir thuismitheoirí, fheachtasóirí agus pholaiteoirí a bhíonn ag cur na Breatnaise chun cinn.

Cuireadh fáilte roimh athrú intinne an Rialtais faoin moladh a bhí i bPáipéar Bán faoi churaclam nua na tíre, ach dúirt Plaid Cymru agus an grúpa feachais Cymdeiths yr Iath gur léiriú a bhí ina leithéid de mholadh a dhéanamh ar easpa tuisceana an Rialtais faoi theagasc na Breatnaise.

Dúirt urlabhraí oideachais Plaid Cymru Sian Gwenllian go raibh ceisteanna tromchúiseacha le cur faoi dháiríreacht an

aire oideachais agus a roinne.

“Léiríonn an phraiseach seo go bhfuil easpa tuisceana bhunúsach laistigh den Rialtas faoi riachtanais teagasc mionteangacha.

“Is beag muinín a chothódh sé faoin todhchaí ó tharla go mbeidh ról lárnach ag an Roinn i gcur chun cinn an oideachais lán-Bhreatnaise mar chuid de phlean an Rialtais go mbeadh milliún cainteoir Breatnaise ann faoi 2050. Tá súil agam go bhfiosróidh an tAire féin go pearsanta céard a chuaigh mícheart sa chás seo agus go bhfoghlaimeofar ceachtanna agus go gcinnteofar go mbeidh na hoifigigh go léir ar an eolas faoi pholasaithe aitheanta maidir le múineadh na Breatnaise.”

Bhí sé ina raic nuair a moladh i bPáipéar Bán an Rialtais go mbeadh Béarla éigeantach do gach páiste ó aois a trí go dtí 16, seachas ó aois a seacht mar atá i bhfeidhm faoi láthair. Dúirt Mudiad Meithrin, an eagraíocht luathoideachais Breatnaise gurbh ionann an moladh agus an polasaí ba mhó riamh a dhéanfadh dochar d’fhoghlaim na Breatnaise i measc páistí.

Dúirt an Rialtas nár léiriú cruinn an fhoclaíocht sa Pháipéar Bán ar a mhianta i leith mhúineadh na Breatnaise agus go dtabharfadh an polasaí nua lánaitheantas don tumoideachas.

Fág freagra ar '‘Béarla éigeantach’ do pháistí beaga na Breataine Bige caite i dtraipisí'

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Ach sa tír seo ní chaitear i dtraipisí na moltaí uafásacha seo…. cuirtear i bhfeidhm iad