Béar agus broc, cumannaigh shona agus buachaill agus athair a ndearnadh steiréitíopáil orthu

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: An tseachtain seo: agus scagadh á dhéanamh ag ár gcolúnaí ar sheanleabhair a mhuintire tháinig sé ar thrí leabhar a bhféadfaí ‘seoda staire’ a thabhairt orthu, ach ar chúiseanna éagsúla

Béar agus broc, cumannaigh shona agus buachaill agus athair a ndearnadh steiréitíopáil orthu

An lá cheana agus scagadh á dhéanamh agam féin agus ag mo dheartháir óg ar sheanleabhair ár muintire, ba bheag nár chaith muid seoid staire amach.

Leabhar caite go maith a bhí ann. Bhí béar agus broc i mbáidín rámhaíochta ar an gclúdach, clúdach a bhí bán tráth. Bhí droim an leabhair stróicthe agus bhí boladh seanfhaiseanta ón teideal: Turas eachtrúil Mhic Bolke i gcuideachta Dorus Broc. D’aithin mé an t-ainm ‘Bolke’: béar a bhí ansin a mbíodh a shraith puipéad féin aige ar theilifís na hÍsiltíre na scórtha bliain ó shin. Ní raibh a fhios agam go raibh mac ag Bolke, agus ní raibh a fhios agam go raibh sraith leabhar ann a spreag an tsraith puipéad sin. A.D. Hildebrand a scríobh – fear, mar a léirigh rud beag taighde, a scríobh os cionn 250 leabhair don aos óg.

Níl a fhios agam céard a thug orm an leabhar sin a oscailt, ach leath mo dhá shúil orm nuair a chonaic mé teachtaireacht a d’fhág mo mhamó nó mo dhaideo (níl leid sa lámhscríbhneoireacht) do m’athair ar an gcéad leathanach.

‘Bronnta ar Bram Hijmans ar a 8ú breithlá, 26 Bealtaine 1940.’

Ba é an dáta sin a bhain stangadh asam.

Bhí an Ghearmáin tar éis ionradh a dhéanamh ar an Ísiltír 16 lá roimhe sin.

Céard a bhí ar a n-aigne ag mo sheantuismitheoirí nuair a cheannaigh siad an leabhar sin, coicís tar éis don Dara Cogadh Domhanda a theacht chomh fada lena dtír? Dream a raibh sloinne Giúdach orthu, tar éis an tsaoil, agus braon maith den fhuil Ghiúdach ina gcuislí ar thaobh mo sheanathar?

An raibh siad ag iarraidh ligean orthu féin, agus a chur ina luí ar a mac óg, go leanfadh an saol ar aghaidh mar ba ghnáth?

Ní raibh an deis agam ceist a chur ar mo dhaideo agus ar mo mhamó riamh; mhair siad tríd an gCogadh ceart go leor ach fuair siad bás i bhfad sular tháinig mise ar an saol.

D’fhág an teachtaireacht sin smaointeach mé ar chúis eile.

An bhfuil leabhair á mbronnadh ar a gcuid páistí inniu ag muintir Gaza? Agus ag muintir na hÚcráine?

Muintir na hÚcráine go deimhin, móide go leor pobal eile a bhíodh faoi chuing an Aontais Shóivéadaigh fadó, a bhí faoi chaibidil i leabhar eile nach raibh sé de mhisneach agam féin agus ag mo dheartháir a chaitheamh amach, d’ainneoin gur bolscaireacht lofa ar son impireacht na Rúise (Cumannaí, ag an am) a bhí ann.

Muid atá ar an leabhar dearg fíorthanaí sin don aos óg a scríobh an file agus an cumadóir amhrán ón Rúis, Robert Rozhdestvensky.

Dán áiféiseach náisiúnach atá in Muid a dhéanann iarracht a chur ina luí ar an léitheoir óg go raibh na pobail ar fad a bhí faoi chuing na Rúise agus an chumannachais sona sásta – bíodh a gcuid gruaige rua, donn, dubh nó fionn agus cónaí orthu in Riga, in Jalta, in Minsk nó in Tashkent.

Ach an fáth gur chuir mé féin agus mo dheartháir oiread spéise sa leabhar sin nuair a bhí muid óg ná na léaráidí ag Lilia Majorowa: lánúineacha sona sásta cumannacha agus a gcuid feisteas traidisiúnta féin orthu, ildaiteacht eitneach a cheadaigh na cinsirí i Moscó, is léir, mar sheift chun béalghrá a thabhairt d’fhéiniúlachtaí na gcéadta pobal éagsúil a bhí á dtreascairt ag an gcóras. Saghas Leni Riefenstahl don aos óg atá in Muid; de bharr na healaíne, atá thar barr, ní fhéadfadh páiste gan a bheith meallta ag an teachtaireacht lofa impiriúlach ann.

Ag caint ar impiriúlachas agus béalghrá a thabhairt do phobail a raibh a bhféiniúlachtaí á dtreascairt, leabhar eile nach bhféadfaí a fhoilsiú sa lá atá inniu ann, ach nár chaith muid amach ach oiread, ná An tIndiach Beag leis an údar iomráiteach don aos óg as Meiriceá, Richard Scarry, leabhar a foilsíodh sa sraith aitheanta úd Little Golden Books.

Ní hamháin gur ‘Indiaigh’ seachas ‘bundúchasaigh’ a thugtar ar laochra an scéil, buachaill óg agus a athair; is mar steiréitíopaí a léirítear iad lena chois.

Tráthúil go leor tháinig neacht de mo chuid atá tugtha don fhealsúnacht woke ar cuairt agus chonaic sí An tIndiach Beag ar an mbord caife sa seomra suí. Ach oiread liom féin agus mo dheartháir óg nuair a chonaic muid an leabhar sin Muid, chuir An tIndiach Beag déistin uirthi, ach bhí sí faoi dhraíocht ag an saothar ag an am céanna. Bhí comhairle stuama aici sa deireadh: ‘D’fhéadfaí leabhar an-oideachasúil a bhunú ar an scéal agus ar na léaráidí sin ach ainm na treibhe ar leith atá i gceist a úsáid seachas an focal ‘Indiach’ nó fiú amháin ‘bundúchasach’, agus a chinntiú nach léireofaí gnéithe cultúrtha a bhainfeadh ach leis an treibh áirithe sin amháin, seachas gnéithe cultúrtha phobail éagsúla a mheascadh.’

Is aisteach an chaoi a n-athraíonn ár ndearcadh ar leabhair de réir mar a athraíonn ár dtuiscint ar an stair, ach díreach ar an gcúis sin, dar liom, tá sé tábhachtach cuid acu a choinneáil seachas iad a chaitheamh amach.

Fág freagra ar 'Béar agus broc, cumannaigh shona agus buachaill agus athair a ndearnadh steiréitíopáil orthu'