Le coinneáil nó le caitheamh amach? Ag déanamh scagadh ar leabhair mo mhuintire…

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Ní haon Marie Kondō ár gcolúnaí, ach tháinig sé féin agus a dheartháir óg aníos le modh chun scagadh a dhéanamh ar leabhair a chinntigh nár thóg an jab sin ach cúpla uair an chloig

Le coinneáil nó le caitheamh amach? Ag déanamh scagadh ar leabhair mo mhuintire…

Níor thúisce scagadh déanta agam ar na leabhair a bhí agam sa Bhrasaíl – sa deireadh, níor éirigh liom ach an ceathrú cuid acu a thabhairt liom – nó bhí orm tabhairt faoin obair chéanna arís san Ísiltír.

Ba é an chaoi nach raibh aon spás sa teach inar tógadh mé, agus ina bhfuil cónaí orm faoi láthair, do na leabhair a thug mé anall as an mBrasaíl.

Bhí gach seastán agus gach seilf lán leis na leabhair a chruinnigh mo mhuintir le linn na scórtha bliain. Mo mhuintir, go deimhin – cé go raibh mo mháthair ina cónaí léi féin sa teach seo le tríocha bliain anuas go dtí gur bhog sí isteach in ionad cúraim anuraidh, d’fhág m’athair, nach maireann, an t-uafás leabhar sa teach seo nuair a scar sé féin agus mo mháthair óna chéile i lár na 1990idí. Ceal spáis san árasán ar bhog sé isteach ann an uair sin, seans – nó b’fhéidir gur shíl sé go gcuirfeadh a chlann spéis sna leabhair a d’fhág sé ina dhiaidh lá breá éigin.

Gach seans gurbh í an tuairim chéanna ba chúis leis nár chaith mo mháthair oiread agus leabhar amach riamh ina saol. Cá bhfios nach gcuirfeadh a beirt mhac spéis in Bímis ag Bácáil san Inneall Bácála Aráin nó i bhFéilire Unicef na bliana 1977 amach anseo!

Go deimhin, bhí na céadta leabhar do naíonáin, do pháistí agus do dhéagóirí a léadh mé féin agus mo dheartháir óg fadó ar na seilfeanna sin freisin agus gan dabht ní fhéadfainn scagadh a dhéanamh ar an oidhreacht léitheoireachta a d’fhág ár muintir againn gan a chúnamh siúd.

Obair fhadálach a bhíonn ann, scagadh a dhéanamh ar leabhair, agus obair chrua go leor ó thaobh na mothúchán freisin. Ní hamháin go mbíonn ort roghanna deacra a dhéanamh, ach spreagtar go leor cuimhní – cuimhní, seans, nach mbíonn tú á n-iarraidh. Obair shalach atá ann freisin: samhlaigh an méad deannaigh a bhailíonn leabhair nach mbaintear anuas ón tseilf in imeacht dhá scór bliain.

Obair í a mbíonn tú ag iarraidh a bheith réidh léi, i bhfocail eile, agus cé nach aon Marie Kondō mise ná mo dheartháir óg tháinig muid aníos le modh oibre a chinntigh nár thóg an jab ach cúpla uair an chloig.

Rinne muid cúig charn: ceann do leabhair a bhí le caitheamh amach scun scan, ceann do leabhair a d’fhéadfaí a thabhairt chuig siopa athláimhe, agus trí cinn éagsúla do leabhair a bhí le coinneáil – ceann domsa, ceann do mo dheartháir agus ceann eile do ghaolta, cairde agus araile.

Chuaigh aon leabhar a bhí stróicthe, róshalach nó go hiomlán as dáta ar an gcéad charn, agus chuaigh an carn sin caol díreach chuig an mbosca athchúrsála páipéir.

Chuaigh na leabhair a raibh cuma réasúnta orthu agus nach raibh spéis agam féin nó ag mo dheartháir iontu ar charn an tsiopa athláimhe.

Chuaigh 80 faoin gcéad de na leabhair a bhí ar na seilfeanna ar cheann den dá charn sin, ach choinnigh an bheirt againn corrleabhar a raibh cion ar leith againn orthu agus chuir muid corrleabhar a shíl muid a mbeadh spéis ag daoine eile iontu i leataobh dóibh sin.

Comhairle amháin a bheadh agam mar chuid den mhodh ‘Hijmans’ le scagadh a dhéanamh ar leabhair ná seo: i gcás seanleabhar go háirithe, oscail iad agus tabhair sracfhéachaint ar an gcéad leathanach lena chinntiú nach mbeadh aon cheo spéisiúil scríofa ag tuismitheoir nó ag sinsear éigin eile ann. Tháinig muid ar leabhar amháin ar an gcaoi sin nach bhféadfaí a chaitheamh amach ar ór ná ar airgead – tuilleadh faoi sin, agus faoi dhá sheoid eile a d’aimsigh muid, sna seachtainí amach romhainn.

Fág freagra ar 'Le coinneáil nó le caitheamh amach? Ag déanamh scagadh ar leabhair mo mhuintire…'

  • Alan Titley

    truamhéalach, scaipeadh na leabhar, ach uaireanta….go hannamh…