Beannaithe ag Dia  – laoch na hAirgintíne Diego Maradona ar shlí na fírinne

Bhí Diego Maradona ina chaptaen ar fhoireann na hAirgintíne a bhuaigh Corn an Domhain i Meicsiceo i 1986 agus tá sé aitheanta ar dhuine de na himreoirí sacair ab fhearr riamh

Beannaithe ag Dia  – laoch na hAirgintíne Diego Maradona ar shlí na fírinne

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Tá Diego Maradona, an t-imreoir sacair ab fhearr riamh dar le mórán, ar shlí na fírinne.

Áirítear a chuid éachtaí ar son na nAirgintíne ag Corn an Domhain i 1986 ar an taispeántas is fearr riamh agus tá trí lá bróin fógartha ina thír dhúchais.

Bhásaigh Maradona tamall gearr roimh mheán lae inniu i dteach a bhí ar cíos aige i mbruchbhaile Benavidez, ó thuaidh de Buenos Aires.

Taom croí an tsiocair a tugadh lena bhás agus é ag téarnamh sa mbaile ó obráid a cuireadh ar a inchinn ar an 3 Samhain.

Tuairiscítear gur éirigh go breá leis an obráid sin ach go raibh Maradona ag fulaingt go mór agus é ag staonadh ón alcól a raibh sé tugtha dó.   

Pictiúr: INPHO/Getty Images

Bhí gean ag lucht leanúna an tsacair ar fud an domhain ar Maradona, a bhí 60 bliain d’aois, ach ba gheall le Dia é ina thír dhúchais agus i Napoli na hIodáile, mar ar chaith agus na blianta is fearr a bhí aige mar imreoir.

Bhí sé ina chaptaen ar fhoireann na hAirgintíne a bhuaigh Corn an Domhain i Meicsiceo i 1986. D’fhág a chuid taispeántas sa chomórtas sin lucht an tsacair faoi gheasa agus ní dhéanfar dearmad go deo ar an dá chúl a scóráil sé in aghaidh Shasana sna babhtaí ceathrú ceannais, ceann acu le ‘Lámh Dé’ agus an ceann eile atá áirithe i measc na gcúl is fearr riamh.

Bhí Pele, i measc na ndaoine a léirigh ómós do Maradona.

Nach brónach an scéal é. Tá cara mór de mo chuid imithe uaimse agus laoch caillte ag an saol mór. Is mór atá fós le rá ach ag an tráth seo, go dtuga Dia misneach dá mhuintir. Tá súil agam go mbeimid ag imirt peile le chéile sa spéir uair éigin.”

Dúirt Gary Lineker a bhí ag imirt an lá úd do Shasana i Meicsiceo nach raibh sárú Maradona ann lena linn.

An peileadóir ab fhearr ar fad le mo linnse agus déarfadh a lán an peileadóir ab fhearr riamh. Tá súil agam go bhfaighidh sé suaimhneas anois i lámha Dé. Bhí buanna go leor aige ach bhí buairt an tsaoil air.  

Pictiúr: INPHO/Allsport

Dúirt Uachtarán na hÉireann, Micheál D Ó hUigínn, go gcuimhneoidh lucht na peile ar fud na cruinne ar smacht iontach Mharadona ar an liathróid agus a chumas pasála is druibleála.

“Ach cuimhneoidh siad leis ar an bhfear iontach féin amuigh ar an bpáirc agus ar an aoibhneas a chuir sé ar an oiread sin daoine,” arsa an tUachtarán.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin go raibh “an-bhrón” air a chloisteáil go raibh Diego Maradona ar lár.  Dúirt an Taoiseach gur thug Maradona “ardú croí don saol mór go mion minic lena chumas peile”.

“Caoinimid an t-imreoir a scóráil cúl an chéid i Meicsiceo i 1986. Suaimhneas síoraí go raibh aige,” arsa Micheál Martin. 

Rugadh Maradona i sluma taobh amuigh de Buenos Aires i 1960. Thosaigh sé ag imirt ar dtús do chumainn Argentinos Juniors agus Boca Juniors. Nuair a cheannaigh Barcelona é ar luach £5 milliún in 1982, ba é sin an tsuim airgid ba mhó a caitheadh ar aon imreoir sacair go dtí sin.

Pictiúr: INPHO/Billy Stickland

Is le Napoli san Iodáil is mó a bhain Maradona cáil amach agus é ag imirt san Eoraip. Ní raibh an tsraith buaite riamh ag an gcumann roimh theacht Maradona i 1984 ach bhuaigh Napoli Serie A faoi dhó agus é ag imirt dóibh, i 1986-87 agus i 1989-90.

Tharraing Maradona conspóid go minic agus é san Iodáil agus tháinig deireadh lena sheal i Napoli nuair a theip air i dtástáil drugaí.

Agus é ag imirt leis an Airgintín, bhí sé ar an bhfoireann a chuaigh chomh fada le cluiche ceannais Chorn an Domhain 1990 ach, arís, tháinig deireadh míchlúiteach lena ré leis an bhfoireann náisiúnta nuair a theip sé i dtástáil drugaí ag Corn an Domhain 1994 i Meiriceá.

Chaith sé seal ina bhainisteoir ar an Airgintín idir 2008 agus 2010. Bhain an fhoireann áit amach ag Corn an Domhain 2010 faoina cheannas, nuair a chuaigh siad chomh fada leis na babhtaí ceathrú ceannais.

Bhí Maradona ina bhainisteoir ar chumann Gimnasia i Meicsiceo le bliain anuas.

Pictiúr: INPHO/Allsport

Fág freagra ar 'Beannaithe ag Dia  – laoch na hAirgintíne Diego Maradona ar shlí na fírinne'