Beannacht an EMA faighte chun an  vacsaín in aghaidh Covid-19 a thabhairt do pháistí idir 5-11 bliain

Dhá shnáthaid Pfizer/BioNTech agus trí seachtaine eatarthu a thabharfar do na páistí

Beannacht an EMA faighte chun an  vacsaín in aghaidh Covid-19 a thabhairt do pháistí idir 5-11 bliain

Tá cinneadh déanta ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (an EMA) gur féidir an vacsaín in aghaidh an Covid-19 a thabhairt do pháistí idir 5-11 bliain d’aois.

Dhá shnáthaid Pfizer/BioNTech agus trí seachtaine eatarthu a thabharfar do na páistí san aoisghrúpa seo.

Léirigh taighde go bhféadfaí dáileog níos lú den vacsaín a thabhairt do pháistí idir 5-11 agus go mbíonn an éifeacht chéanna aici is a bhíonn ag dáileog níos mó ar dhaoine atá 12 bliain nó níos sine.

Thug an EMA le fios gur tugadh an vacsaín do 1,305 páiste sa triail agus nach bhfuair ach triúr acu an Covid-19. 16 as 663 páiste ar tugadh an placebo dóibh a tholg an galar.

“Fágann sin, sa staidéar seo, go raibh an vacsaín 90.7% éifeachtach maidir le cosc a chur ar Covid-19 siomptómach (cé go bhféadfadh gur idir 67.7% agus 98.3% a bheadh an fíor-ráta),” a dúradh i ráiteas an EMA.

Dúirt an Taoiseach Micheál Martin  an tseachtain seo gur dócha gur sa bhliain nua a thosófar ag dáileadh na vacsaíne do dhaoine óga idir 5-12 bliain agus go bhfuil sé féin ar son an chláir vacsaínithe sin.

Dúirt sé  gur dócha go mbeadh an iomarca ullmhúcháin le déanamh chun go bhféadfaí tús a chur lena dáileadh i mbliana.

Tá beannacht na n-údarás faighte ag an vacsaín do dhaoine óga sna Stáit Aontaithe cheana.

Fág freagra ar 'Beannacht an EMA faighte chun an  vacsaín in aghaidh Covid-19 a thabhairt do pháistí idir 5-11 bliain'

  • Antóin

    Beannacht an EMA agus beannacht an rialtais ach n’fheadair an mbeidh tuismitheoirí ar aon scéal leo. Chaith na boic mhóra sna meáin breis is bliain ag bolscaireacht ar son FSS agus an rialtais agus ag impí orainn an ‘vacsaín’ a fháil. Fan go bhfeice muid anois an mbeidh siad toilteanach an ‘vacsaín’ a thabhairt dá gcuid páistí
    sláintiúla féin.