Bean as Devonshire ag réiteach do mhí ar an bhFraoch Oileán amach ó chósta thiar Chonamara

Na caipilíní a cheannaigh Emma Massingale ar an margadh sa Chlochán an t-aon chomhluadar a bheidh aici ar an oileán sceirdiúil

https://theislandproject2015.wordpress.com/
https://theislandproject2015.wordpress.com/

Tá ríl bhreá ann a cumadh fadó an lá ar a dtugtar, ‘The Lady on the Island’ – an bhean uasal ar an oileán. Ach dá bhreátha é an t-oileán, is deacair a shamhlú go mbeadh bean uasal ar bith sásta, sa lá atá inniu ann, mí a chaitheamh ina leithéid d’áit gan comhluadar daonna agus d’uireasa áiseanna an tsaoil. Bhuel, sin go díreach atá leagtha amach aici di féin ag bean as Devonshire i Sasana ar chósta sceirdiúil Chonamara – ach a ligfidh na gaotha fúithi.

Tháinig Emma Massingale anall as Sasana ag tiomáint trucaill Dé hAoine seo caite agus ceithre chaipilín ar iompar ann. Dhá uair agus fiche uilig a bhí sí ar bóthar ó d’fhág sí Devonshire nó gur shroich sí an Clochán. Beidh na capalla seo de mhianach Chonamara agus péire eile a cheannaigh Emma ag an margadh ar an gClochán i mí Bealtaine ag seoladh amach ó chéibh an Chloiginn chomh luath agus a chúineoidh an aimsir agus a thitfidh an fharraige. Is iad na capaillíní sin an t-aon chomhluadar a bheidh ag Emma ar an bhFraoch Oileán atá amach ó chósta thiar Chonamara; seacht n-acra dhéag agus dhá fhichead talúna atá ann ach go bhfuil sé rite go maith.

An aidhm atá ag bean Shasana ar an oileán ná go gcuirfidh sí oiliúint mharcaíochta agus siúil ar na capaillíní gan a bheith ag brath ar chuid ar bith de na deiseanna a bhíonn ar fáil go hiondúil – ní bheidh sraithir, ná coiléar aici. Beidh Emma Massingdale ag láimhsiú na gcapaillíní as a stuam féin ar na seanbhealaí nádúrtha. Tá sé i gceist aici go mbéadh sí ag marcaíocht orthu – gan srathair – faoi dheireadh an Mheithimh ach a mbeidh an mhí ar an oileán caite.

  

Ní dhearna Emma aon bhlas mar seo cheana ar oileán scoite amach ón saol. Ach níl drogall uirthi roimhe. Tháinig sí chuici féin cúpla bliain ó shin ó dhrochthimpiste inár bhris sí a droim ag plé le heachtraíocht ar chapall. Bhí sí ag imeacht ar dhá chapall – cois amháin aicí ar dhroim cheann acu agus an chois eile ar dhroim an dara capall. Beag beann ar an ngortú, agus an t-achar a thóg sé uirthi biseach a fháil, tá Emma ag coinneáil leis an eachtraíocht seo i gcónaí. Tabharfar poiblíocht don tionscnamh ar an oileán agus táthar ag súil go mbeidh buntáistí ag tionscail chapaillíní Chonamara dá bharr.

Beidh Emma Massingale ag brath uirthi féin ar an oileán – rís, ag bacáil cupla cáca agus ag breith ar chabhar bhreac. Beidh sí gnóthach go maith ag plé leis na capaill agus tá súil aici go bhfaighidh sí tuilleadh eolais faoi intinn agus faoi bhealaí saoil mhianach chapaillíní Chonamara le linn di a bheith ina gcomhluadar de ló agus d’oíche ar feadh míosa.

B’fhéidir, a deir Emma Massingale, go bhfaigheadh sí roinnt amach fúithi féin freisin!

Fág freagra ar 'Bean as Devonshire ag réiteach do mhí ar an bhFraoch Oileán amach ó chósta thiar Chonamara'

  • padraig o donnchu

    N’fheadar na go bhfuil cursai imithe sa bhfraoch uirthi?