Beag seans ar bhille teanga an samhradh seo, ach súil le leasuithe Chambers a fhoilsiú

Ag an gcéim dheireanach den bhille teanga, gheall Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhfillfeadh sé ag an gcéad chéim eile le thart ar 40 leasú a láidreodh an reachtaíocht

Beag seans ar bhille teanga an samhradh seo, ach súil le leasuithe Chambers a fhoilsiú

Is ag dul i ndísc atá an dóchas go n-achtófar an bille teanga nua an samhradh seo, ach tuigtear go bhfuil Roinn na Gaeltachta ag súil leasuithe  Aire Stáit na Gaeltachta a fhoilsiú roimh shaoire na Dála an mhí seo chugainn.

Ag an gcéim dheireanach den bhille gheall an tAire Stáit Jack Chambers go bhfillfeadh sé ag an gcéad chéim eile le thart ar 40 leasú.

Meastar go mbeidh neart an bhille maidir le cur le cearta teanga phobal na Gaeilge ag brath go mór ar a mbeidh sna leasuithe sin.

Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge, aréir gur údar díomá a bheadh ann mura mbeadh an bille ina dhlí roimh shos Dála an tsamhraidh ar an 15 Iúil ach go raibh sé “ríthábhachtach” go bhfoilseofaí leasuithe an Aire Stáit sa chás nach ndéanfaí an beart.

Gealladh sa chlár rialtais anuraidh go mbeadh an bille achtaithe roimh dheireadh 2020, ach nuair a cailleadh an sprioc sin dúradh go dtabharfaí an t-acht nua isteach roimh shos na Dála i lár mhí Iúil.

Meastar anois gur i bhfómhar na bliana seo a fheicfear an bille nua a dhéanfaidh leasú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla.

Ní raibh urlabhraí ó Roinn na Gaeltachta sásta a rá le Tuairisc.ie bealach amháin nó bealach eile an mbainfí sprioc na míosa seo chugainn amach.

Agus é ag labhairt sa Dáil an tseachtain seo, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go bhfuil sé féin agus oifigigh a Roinne ag obair i gcónaí ar na leasuithe a gheall sé le linn an phé ar an mbille níos luaithe i mbliana. Tá na leauithe sin á bplé leis an bpríomhdhréachtóir agus leis an Ard-Aighne.

Dúirt sé freisin go mbeadh ar an Rialtas na leasuithe a bheidh aige a cheadú.

Chomh maith leis sin, tá ráite ag Sinn Féin go mbeidh beagnach 100 leasú á mholadh acu ar an mBille ag Céim na Tuarascála, rud a chuirfeadh fad eile leis an bplé.

Agus é ag freagairt ceiste ón Teachta Dála Éamon Ó Cuív, níor thug an tAire Stáit aon dáta maidir le cén uair a chuirfear an obair i gcrích. Thagair Jack Chambers don phlé fada ar an mbille a bhí ann níos luaithe i mbliana mar chuid de Chéim an Choiste. Tar éis 25 uair an chloig a chaitheamh ó mhí Eanáir ag plé 308 leasú ar an mBille, tháinig deireadh i mí Aibreáin le díospóireacht Chéim an Choiste.

‘Dul chun cinn’ déanta maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a neartú tar éis plé 25 uair an chloig

“Gheall mé le linn na díospóireachta sin go ndéanfainn roinnt mhaith de na leasaithe a mhol an freasúra a mheas sa chaoi is go mbeinn in ann mo chuid moltaí fhéin ina leith a thabhairt chun cinn ag Céim na Tuarascála,” arsa Jack Chambers an tseachtain seo.

“Tá an obair sin fós ar bun ag oifigigh mo Roinne i gcomhar le hOifig an Ard-Aighne agus an dréachtóir pharlaiminte.  Foilseofar na leasaithe a bhfuil i gceist agam a thabhairt chun cinn ag Céim na Tuarascála a luaithe is a bheidh críoch curtha leis an obair sin.

“Dár ndóigh, beidh na leasuithe a bheidh á moladh agam le faomhadh ag an Rialtas roimh Chéim na Tuarascála den Bhille chomh maith.”

Gheall an tAire Stáit do Choiste Gaeilge an Oireachtais go dtiocfadh sé ar ais le os cionn dhá scór leasú eile ar an mbille do Chéim na Tuarascála chun an t-acht a threisiú.

I measc na laigí ba mhó a bhí á lua leis an mBille Teanga, bhí an doiléire maidir leis an sprioc go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí faoi dheireadh 2030 agus gan foráil láidir a bheith ann a chinnteodh go mbeadh seirbhísí ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.

I gcás sprioc an 20%, ghéill an tAire Stáit go raibh gá le foráil níos láidre agus dúirt sé go molfadh sé leasú nua a chinnteoidh go mbeidh sprioc shoiléir sa dlí go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa chóras poiblí ina nGaeilgeoirí faoi dheireadh 2030.

Ó thaobh cúrsaí fógraíochta, dúirt an tAire Stáit go leagfaí dualgas ar an Stát fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus go mbeadh dualgas freisin ar chomhlachtaí poiblí a gcuid ábhar margaíochta a scaipeadh i nGaeilge agus i mBéarla.

Ag ceann de na seisiúin pléadh buncheart duine an leagan ceart Gaeilge dá ainm agus dá sheoladh a úsáid agus é i mbun gnó leis an stát agus, tar éis do theachtaí an Rialtais agus an fhreasúra impí air dul i ngleic leis an bhfadhb, ghéill Aire Stáit na Gaeltachta go gcuirfeadh sé spriocdháta sa bhille maidir le cathain a bheadh ar chomhlachtaí poiblí a bheith ábalta déileáil leis an síneadh fada.

Ní raibh an tAire Stáit Chambers sásta glacadh le lear mór moltaí ar chás na Gaeltachta, áfach.

Dhiúltaigh sé do na leasuithe a leagfadh síos spriocanna cinnte faoi cathain a bheadh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht. Dúirt an tAire Stáit go raibh sé féin ag iarraidh a chinntiú go mbeadh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht ach go raibh imní air go mbeifí ag “teacht salach” ar obair an choiste chomhairligh atá le bunú faoin reachtaíocht dá dtosófaí ar spriocanna a leagan síos anois.

D’fhógair urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh, níos luaithe an mhí seo go bhfuil 98 leasú eile curtha isteach cheana féin aige do Chéim na Tuarascála. Dúirt cathaoirleach an Choiste Gaeilge go rabhthas “ag obair i bhfolús” gan barúil ann cén uair a chuirfí tús leis an gcéad chéim eile d’aistear an bhille trí Thithe an Oireachtais.

Beidh deich mbliana ann an fómhar seo chugainn ó d’fhógair an t-iar-aire stáit Dinny McGinley go raibh athbhreithniú le déanamh ar Acht na dTeangacha Oifigiúla ar mhaithe leis an reachtaíocht teanga a neartú.

Fág freagra ar 'Beag seans ar bhille teanga an samhradh seo, ach súil le leasuithe Chambers a fhoilsiú'