‘Cúis gháire go gcaithfear troid ar son cearta chomh bunúsach le ainm duine a litriú i gceart’

Bhí díospóireacht bhríomhar sa Dáil inniu faoi cheart ‘bunúsach’ an duine an leagan ceart Gaeilge dá ainm agus dá sheoladh a úsáid 

 ‘Cúis gháire go gcaithfear troid ar son cearta chomh bunúsach le ainm duine a litriú i gceart’

Cuireadh an-bhrú ar Aire Stáit na Gaeltachta inniu an Bille Teanga nua a leasú le go mbeadh buncheart ag duine an leagan ceart Gaeilge dá ainm agus dá sheoladh a úsáid agus é i mbun gnó leis an stát.

Cé go bhfuil ceist na n-ainmneacha agus na seoltaí Gaeilge luaite i mbille an Rialtais, dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil, Éamon Ó Cuív leis an Aire Stáit Jack Chambers sa Dáil tráthnóna gurb é an toradh a bheadh ar an mbille mar atá ná “cuireadh” a thabhairt do chomhlachtaí poiblí a ndualgais i leith ainmneacha Gaeilge a sheachaint.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur “cúis gháire” a bhí ann go raibh gá le foráil i mbille a chinnteodh go mbeadh daoine in ann a n-ainmneacha cearta a úsáid.

“Tá náire orm i ndáiríre agus tá mé idir dhá chomhairle suí síos agus gan aon rud a rá nó tosú ag gáire go bhfuil orainn troid ar son cearta bunúsacha mar seo.”

Níl aon dualgas reachtúil ann a dhearbhaíonn buncheart a bheith ag duine an leagan ceart Gaeilge dá ainm agus dá sheoladh a úsáid agus é i mbun gnó leis an stát, ná a chinntíonn go mbainfidh comhlachtaí poiblí úsáid mar is ceart as an síneadh fada.

Cé go bhfuil moladh i mbille an Rialtais go mbeadh dualgas ar chomhlachtaí poiblí a chinntiú go bhfuil a gcóras ríomhaireachta in ann déileáil leis an síneadh fada, tá go leor díolúintí ón dualgas sin sa bhille agus níl aon spriocdháta luaite leis.

Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go raibh an oiread sin “bealaí éalaithe” ag comhlachtaí poiblí sa bhille lena ndualgais i leith na teanga a sheachaint nach bhféadfadh “muinín” a bheith ag duine sa chóras atá á mholadh.

Faoin mbille mar atá, leagfaí dualgas i leith ainmneacha agus seoltaí daoine ar chomhlachtaí poiblí trí fho-orduithe a dhéanamh amach anseo agus chun fo-ordú dá leithéid a dhéanamh, chaithfeadh Aire na Gaeltachta cead a fháil ón Aire ar a mbeadh freagracht an chomhlachta poiblí sin.

“Is cuireadh [na fo-orduithe] do na heagraíochtaí stáit gan é a dhéanamh,” a dúirt an Teachta Ó Cuív. 

“Dúshlán an Aire a thabhairt agus beidh tú ag rith thart ó eagraíocht go heagraíocht agus leithscéalta an diabhail acu maidir le ríomhaire agus chuile shórt eile go dtí Lá Philib an Chleite.”

Dúirt an Teachta Ó Cuív go raibh taithí mhaith aige féin ar a bheith ag plé le comhlachtaí poiblí agus é ag iarraidh go mbeadh a ainm litrithe i gceart.

“Tá mise in ann a rá gur chaith mise i bhfad níos mó de mo shaol ag iarraidh m’ainm a fháil ceart ná mar atá muid a chaitheamh anseo inniu ag iarraidh go mbeadh sé sin cosanta sa dlí. Éamon Ó Cúiv, Éamon Ó Cuir, Éamon Ó Chuile Shórt…seachas Éamon Ó Cuív agus níl sé sách maith.”

Dúirt Cathaoirleach an Choiste Aengus Ó Snodaigh, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, go raibh a cheart a ainm cruinn a úsáid á shéanadh air ó rugadh é agus gur “masla” ón Stát dó féin agus do dhaoine eile é gan an ceart sin a bheith acu.

I ndiaidh díospóireacht bhríomhar inar dhúirt polaiteoirí ón Rialtas agus ón bhfreasúra, Aindrias Ó Muineacháin (FF), Marc Ó Cathasaigh (CG) agus Pa Daly (SF) ina measc, gur ceart bunúsach é d’ainm agus do sheoladh cruinn a úsáid, ghéill Aire Stáit na Gaeltachta go gcuirfeadh sé spriocdháta sa bhille maidir le cathain a bheadh ar chomhlachtaí poiblí a bheith ábalta déileáil leis an síneadh fada.

Dúirt sé go gcaithfí dul i gcomhairle le comhlachtaí poiblí faoin gceist ach go raibh sé sásta filleadh ar cheist na n-ainmneacha agus na seoltaí ag an gcéad chéim eile den bhille, Céim na Tuarascála.

Ghlac na Teachtaí leis sin ach dúradh go gcaithfí fáil réidh le cuid de na díolúintí a bhain leis an gcuid sin den bhille agus aitheantas a thabhairt don cheart bunúsach atá ag duine a ainm agus a sheoladh ceart a úsáid agus é i mbun gnó leis an stát.

Bíonn ceist na n-ainmneacha agus na seoltaí i measc na n-ábhar is mó a ndéantar gearáin le hOifig an Choimisinéara Teanga gach bliain.

Tarraingíodh an-aird ar an gceist nuair a tháinig sé chun solais in 2015 go raibh Eircode ag cur Béarla ar sheoltaí Gaeltachta agus ar shloinnte Gaeilge sna litreacha inar dáileadh na cóid nua phoist.

Spreag cás Eircode níos mó gearán ón bpobal ná mar a spreag aon chás eile ó bunaíodh Oifig. 

Fág freagra ar ' ‘Cúis gháire go gcaithfear troid ar son cearta chomh bunúsach le ainm duine a litriú i gceart’'

  • Mairead de Faoite

    Lean leis an obair.

    Máiread.

  • S. Mac Muirí

    Shílfeá go mbeadh duine, oifig nó foras buíoch díot as bailiúchán tábhachtach litríochta a bhronnadh orthu, in ionad a thabhairt do dhream eile, abraímist.
    Shílfeá go mbeadh meas acu ar an mbronntóir 7 mheasfá go léireodh an foras soin an meas céanna go poiblí freisin.
    Shílfeá go mbeadh lucht leabharlainne in innimh léamh agus scríobh, thar mar a bheadh go leor oibrithe 7 oifigigh eile.
    Bhronn an scríbhneoir Gaeilge Dónall Mac Amhlaigh – nó a mhuintir – 40 imleabhar dialainne a scríobh sé i rith a shaoil, grásta ó Dhia air, ar Leabharlann Náisiúnta na 20 Co. Ls. Uimhir 32.596 atá ann 7 má íosluchtann tú uathu é, tabharfaidh tú faoi deara go raibh siad in ann dhá fhocal as trí fhocal a ainm a mhílitriú mar: Donall Masc Amhlaigh!
    Cuimhnigh anois go n-íoctar iad as an léamh 7 an scríobh a bheith acu 7 a bheith i gceart tharla gur foireann leabharlainne iad.
    Léiríonn sé a uirísle is atá an aitheachthír ina hiompar.