‘Dul chun cinn’ déanta maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a neartú tar éis plé 25 uair an chloig

Meastar go mbeidh feabhas an Bhille, atá á thabhairt isteach ar mhaithe le cur le cearta teanga phobal na Gaeilge agus Gaeltachta, ag brath ar Aire Stáit na Gaeltachta beart a dhéanamh de réir a bhriathair

‘Dul chun cinn’ déanta maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a neartú tar éis plé 25 uair an chloig

Tar éis 25 uair an chloig a chaitheamh ó mhí Eanáir ag plé 308 leasú ar an mBille Teanga, tá deireadh tagtha le díospóireacht Chéim an Choiste.

D’éirigh an plé sa Dáil teasaí go maith uaireanta agus easaontas ann maidir le cé air a bhí an milleán as an moill a bhí leis an díospóireacht ach d’aontaigh Teachtaí Dála de chuid an Rialtais agus de chuid an fhreasúra inniu go raibh dul chun cinn déanta maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a neartú.

Cé nár glacadh ach le sé cinn de na leasuithe ar fad a moladh ar an mBille Teanga, gheall Aire Stáit na Gaeltachta go ndéanfadh sé moltaí dá chuid féin i leith os cionn dhá scór leasú eile.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers go bhfillfeadh sé le leasuithe reachtaíochta i leith úsáid na Gaeilge i gcúrsaí fógraíochta agus margaíochta, i gcás ainmneacha agus seoltaí daoine agus i gcuid mhaith cásanna eile.

I measc na laigí ba mhó a bhí á lua leis an mBille, bhí an doiléire maidir leis an sprioc go mbeadh 20% d’earcaigh nua na seirbhíse poiblí ina nGaeilgeoirí faoi dheireadh 2030 agus gan foráil láidir a bheith ann a chinnteodh go mbeadh seirbhísí ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.

I gcás sprioc an 20%, ghéill an tAire Stáit go raibh gá le foráil níos láidre agus dúirt sé go molfadh sé leasú nua a chinnteoidh go mbeidh sprioc shoiléir sa dlí go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa chóras poiblí ina nGaeilgeoirí faoi dheireadh 2030. Gheall sé freisin go gcuirfí dualgas ar aire rialtais an Plean Náisiúnta Earcaíochta nua a chur i bhfeidhm.

Ó thaobh cúrsaí fógraíochta, dúirt an tAire Stáit go leagfaí dualgas ar an Stát fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge agus go mbeadh dualgas freisin ar chomhlachtaí poiblí a gcuid ábhar margaíochta a scaipeadh i nGaeilge agus i mBéarla.

Ag ceann de na seisiúin pléadh buncheart duine an leagan ceart Gaeilge dá ainm agus dá sheoladh a úsáid agus é i mbun gnó leis an stát agus, tar éis do theachtaí an Rialtais agus an fhreasúra impí air dul i ngleic leis an bhfadhb, ghéill Aire Stáit na Gaeltachta go gcuirfeadh sé spriocdháta sa bhille maidir le cathain a bheadh ar chomhlachtaí poiblí a bheith ábalta déileáil leis an síneadh fada.

Ní raibh an tAire Stáit Chambers sásta glacadh le lear mór moltaí ar chás na Gaeltachta, áfach.

Dhiúltaigh sé do na leasuithe a leagfadh síos spriocanna cinnte faoi cathain a bheadh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht. Dúirt an tAire Stáit go raibh sé féin ag iarraidh a chinntiú go mbeadh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht ach go raibh imní air go mbeifí ag “teacht salach” ar obair an choiste chomhairligh atá le bunú faoin reachtaíocht dá dtosófaí ar spriocanna a leagan síos anois.

Sa Dáil tráthnóna, dhiúltaigh an tAire Stáit do leasuithe a mhol an freasúra a thabharfadh feidhmeanna breise don Choimisinéir Teanga.

Faoi na moltaí sin, cheadófaí don Choimisinéir Teanga faireacháin agus tráchtaireacht a dhéanamh ar bhillí a bheadh á bplé san Oireachtas agus ar pholasaithe stáit.

Thug an tAire Stáit Chambers le fios nach raibh sé i gceist aon fheidhmeanna breise a thabhairt don Choimisinéir Teanga seachas na cinn atá molta sa Bhille cheana ag an Rialtas.

De réir na moltaí sin, bheadh an chumhacht ag an gCoimisinéir Teanga faireachán agus tráchtaireacht a dhéanamh faoi achtanna eile seachas Acht na dTeangacha Oifigiúla amháin.

Meastar go mbeidh feabhas an Bhille, atá á thabhairt isteach le cearta teanga phobal na Gaeilge agus Gaeltachta a chosaint, ag brath ar an Aire Stáit beart a dhéanamh de réir a bhriathair.

Tiocfaidh an tAire Stáit Chambers ar ais lena mholtaí ag an gcéad chéim eile den bhille, Céim na Tuarascála.

Leasuithe de chuid an Aire Stáit a bhí sna sé cinn ar glacadh leo ag Céim an Choiste. Níor ghlac an tAire le leasú ar bith de chuid an fhreasúra ná le cinn a bhí molta ag cúlbhinseoirí an Rialtais.

Ag deireadh an phlé tráthnóna, dúirt an tAire Stáit Chambers go raibh sé iontach go raibh deireadh Chéim an Choiste sroichte, cé gur thóg sé níos mó ama ná mar a ceapadh. Cé nár aontaigh na baill uile lena chéile, dúirt an tAire Stáit go raibh an plé ar fad “thar a bheith fiúntach”.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Gaeilge an Oireachtais, Aengus Ó Snodaigh, go raibh “jab maith” déanta ach nach dtéann an Bille “fada a dhóthain”. Dúirt sé go raibh seans fós ann go mbeadh an Bille achtaithe roimh thús an tsamhraidh.

Mhol an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly obair an choiste agus dúirt sí go raibh sí “ag tnúth leis an gcéad troid eile” sa Dáil ag Céim na Tuarascála.

Mheas iarAire na Gaeltachta Éamon Ó Cuív nach rabhadar ach leath bealaigh tríd an obair ar an mBille agus go raibh go leor “obair bhaile” anois ag an Aire Stáit agus ag oifigigh Roinn na Gaeltachta agus iad ag ullmhú na moltaí do Chéim na Tuarascála.

“Ní féidir na maidí a ligean le sruth, tá an t-uafás fós le déanamh,” a dúirt Ó Cuív.

Fág freagra ar '‘Dul chun cinn’ déanta maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla a neartú tar éis plé 25 uair an chloig'

  • Cordelia Nic Fhearraigh

    Go sábh’l’aí muid ar pholaiteoirí…cá mhéad bliain a thóg sé fáil fhad leis an chéim seo?