Gealltanais tugtha ag Aire Stáit na Gaeltachta i leith earcú Gaeilgeoirí 

Pléadh sa Dáil tráthnóna spriocanna maidir le hearcú Gaeilgeoirí sa státchóras agus ceist na seirbhísí Gaeilge sa Ghaeltacht 

Gealltanais tugtha ag Aire Stáit na Gaeltachta i leith earcú Gaeilgeoirí 

Tá geallta ag Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers go molfaidh sé leasú nua ar an mbille teanga a chinnteoidh go mbeidh sprioc shoiléir sa dlí go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa chóras poiblí ina nGaeilgeoirí faoi dheireadh 2030.

Bhí imní ar Theachtaí Dála an fhreasúra go raibh doiléire agus easpa cinnteachta ag baint le leasú a bhí molta ag an Aire Stáit féin i leith phríomhchuspóir an bhille.

Ach tharraing an tAire Stáit siar an moladh sin sa Dáil tráthnóna, mar a bhfuil plé á dhéanamh ag Coiste Gaeilge an Oireachtais ar an reachtaíocht nua atá in ainm is cur le cearta teanga phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Tá sprioc shoiléir maidir le ceist na hearcaíochta ar cheann de phríomhéilimh an Choimisinéara Teanga, Conradh na Gaeilge agus polaiteoirí an fhreasúra.

Dúirt Conradh na Gaeilge tráthnóna gur “gníomh tábhachtach” a bhí i ngealltanas an Aire Stáit.

Dhiúltaigh an tAire Stáit, áfach, do cheann eile de na príomh-mholtaí i leith an bhille, go leagfaí síos spriocanna soiléire maidir le soláthar gach seirbhís stáit i nGaeilge sa Ghaeltacht. Dúirt sé, áfach, go bhfillfeadh sé ar an gceist seo chomh maith ag an gcéad chéim eile.

Mhol Teachtaí Dála de chuid Shinn Féin sprioc go mbeadh gach seirbhís a sholáthraíonn comhlachtaí poiblí ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht faoin 31 Nollaig 2025 nó faoin 31 Nollaig 2030 i gcásanna eisceachtúla. 

Mhol an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly go mbeadh na seirbhísí go léir ar fáil sa Ghaeltacht faoi 2025 agus 2030 an sprioc a mhol an Teachta Dála de chuid Phobal Seachas Brabús, Bríd Smith.

Dúirt an tAire Stáit Jack Chambers gur cheap sé go raibh cur chuige “stuama córasach” maidir le seirbhísí sa Ghaeltacht leagtha síos sa bhille mar atá. 

Dúirt sé go raibh sé féin ag iarraidh a chinntiú go mbeadh gach seirbhís ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht. Bhí imní air, áfach, a dúirt sé go mbeifí ag “teacht salach” ar obair an choiste chomhairligh atá le bunú faoin reachtaíocht dá dtosófaí ar spriocanna a leagan síos anois.

Tá coiste comhairleach le bunú faoin reachtaíocht nua a mbeidh sé mar chúram orthu plean earcaíochta náisiúnta a ullmhú chun príomhchuspóir an bhille a bhaint amach – go mbeadh 20% d’earcaigh nua na státseirbhíse ina nGaeilgeoirí faoi 2030.

Agus breis is 200 leasú pléite ag Coiste Oireachtais na Gaeilge ó dheireadh mhí Eanáir glacadh inniu leis an gcéad leasú. Leasú de chuid an Aire Stáit féin a bhí i gceist agus fágann sé go réiteofar an plean earcaíochta taobh istigh de dhá bhliain ón uair a achtófar an bille.

Cé nár ghlac an tAire Stáit Jack Chambers le leasuithe an fhreasúra, gheall sé go bhfillfeadh sé ag an gcéad chéim eile den bhille le moladh i dtaobh cheist na Gaeltachta.

Dúirt an tAire go molfadh sé an uair sin go leagfaí dualgas ar an Aire sa phlean náisiúnta earcaíochta spriocanna a leagan síos i leith na Gaeltachta.

Cé nár glacadh ach le dhá leasú ar an mbille go dtí seo tá ráite ag an Aire Stáit go bhfillfidh sé ag an gcéad chéim le moltaí dá chuid féin i gcás beagnach dhá scór leasú.

Faoi dheireadh na seachtaine seo, beidh os cionn 24 uair an chloig caite ag Roghchoiste Gaeilge an Oireachtais ag plé an bhreis is 300 leasú a moladh ar an mbille.

Ocht n-uair an chloig san iomlán atá curtha ar leataobh i dTithe an Oireachtais inniu agus amárach chun an obair a chur i gcrích. Ionas go ndéanfaí sin, caithfear an plé a chríochnú ar thart ar 100 leasú eile atá molta ar an mbille. 

Tá os cionn 200 den 308 leasú ar fad a moladh ar an mbille pléite go dtí seo.

Fág freagra ar 'Gealltanais tugtha ag Aire Stáit na Gaeltachta i leith earcú Gaeilgeoirí '