Bale agus Ramsey ríthábhachtach don Bhreatain Bheag

Imreofar na chéad chluichí sa dara babhta de EURO 2020 inniu nuair a thabharfaidh An Bhreatain Bheag agus An Danmhairg aghaidh ar a chéile agus nuair a chasfaidh An Iodáil ar An Ostair

Bale agus Ramsey ríthábhachtach don Bhreatain Bheag

Gareth Bale. Pictiúr: INPHO/Tommy Dickson

An Bhreatain Bheag v An Danmhairg – 5pm

Gach seans go raibh imreoirí na Breataine Bige agus na Danmhairge sásta go maith nuair a fuarthas amach gur i gcoinne a chéile a bheadh siad sa dara babhta den chomórtas agus a fhos ag an dá dream go bhfuil seans maith acu cluiche ceathrú ceannais a bhaint amach.

Cé nach raibh na Breatnaigh thar mholadh beirte i ngach cluiche go dtí seo, rinneadar go maith teacht slán ó Ghrúpa A. Cé gur chliseadar sa chluiche deireanach in aghaidh na hIodáile, bhí siad cáilithe don chéad bhabhta eile faoin am sin agus léirigh an taispeántas in aghaidh na Tuirce an cumas atá iontu.

Beidh siad arís ag brath go mór ar Gareth Bale agus Aaron Ramsey agus an fhoireann ar an ionsaí. Tá an beart déanta ag an mbeirt don Bhreatain Bheag arís agus arís eile, go háirithe ag na mórchomórtais. As an 12 cúl a scóráil an Bhreatain Bheag riamh ag craobhacha na hEorpa, bhí baint ag Ramsey le leath acu – scóráil sé péire agus chruthaigh sé ceithre cinn eile.

Agus Christian Eriksen as an áireamh anois, tá laoch mór na Danmhairge ar iarraidh ach chruthaigh foireann Kasper Hjulmand go maith agus teacht chucu féin i ndiaidh na heachtra uafásaí sin sa chéad chluiche. Bhí an Danmhairg ar fheabhas sa dara cuid den chluiche cinniúnach in aghaidh na Rúise ag tús na seachtaine agus tá sprid iontach léirithe ag an bhfoireann.

Scóráil Mikkel Damsgaard cúl den scoth in aghaidh na Rúise nuair a bhí an Danmhairg faoi bhrú sa chluiche agus tá sé ar dhuine de na himreoirí óga is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine go dtí seo.

Gan Eriksen, níl an gearradh céanna sna Danmhairgigh is atá sa mBreatain Bheag le Bale agus Ramsey ach is beag eile atá idir na foirne.

Lorenzo Insigne, Domenico Berardi agus Lorenzo Pellegrini ag ceiliúradh. Pictiúr: INPHO/Presseye/William Cherry

An Iodáil v An Ostair – 8pm

Tá an Iodáil áirithe i measc roghanna na coitiantachta do EURO 2020 cé gur beag duine a bhí ag tabhairt seans dóibh roimh thús an chomórtais. Ní raibh aon iomrá ar an Iodáil ach oiread roimh chomórtas Chorn an Domhain i 1982 ná in 2006 ach féach gurbh iad a bhuaigh na comórtais sin.

Cé nach bhfuil an cháil céanna ar imreoirí na hIodáile ar fud an domhain is atá ar imreoirí ó thíortha eile, tá foireann den scoth curtha le chéile ag Roberto Mancini. Tá díocas iontach léirithe ag na himreoirí agus iad uile ag obair le chéile chun an fhoireann a bhrú chun cinn.

Bhí an Iodáil ar cheann de na trí fhoireann a bhuaigh na trí chluiche a bhí acu go dtí seo – An Bheilg agus An Ísiltír an péire eile – agus tá 11 cluiche as a chéile buaite ag na hIodálaigh, gan fiú cúl amháin géillte acu le linn na tréimhse sin.

Buille amháin don Iodáil go bhfuil amhras ann an mbeidh Giorgio Chiellini ar fáil. Gortaíodh an cosantóir níos luaithe sa chomórtas agus cé go bhfuil sé ar ais ag traenáil anois, b’fhéidir nach mbeidh sé ar fónamh go hiomlán in am do chluiche na hoíche anocht.

D’fhéadfadh, Christoph Baumgartner hOstaire, an té a scóráil an cúl cinniúnach dóibh ina mbua ar an Úcráin, ar iarraidh freisin tar éis dó buille a fháil sa gcloigeann sa chluiche sin.

Chinntigh an bua sin gur bhain an Ostair áit amach i mbabhtaí díbeartha chraobh EURO den chéad uair riamh ach beidh a fhios acu go mbeidh siad faoi bhrú ollmhór in Wembley anocht. Seans nach bhfeicfidh siad mórán den liathróid agus údar iontais a bheadh ann dá n-éireodh leo teacht aniar aduaidh ar na hIodálaigh.

Fág freagra ar 'Bale agus Ramsey ríthábhachtach don Bhreatain Bheag'