Baile Átha Cliath ag treabhadh rompu go neamhthrócaireach

Níl Doire gan seans i gcluiche ceannais na sraithe agus níl aon fhoireann inchurtha leo chun ruathair a dhéanamh ó phóirsí i bhfad siar

Baile Átha Cliath ag treabhadh rompu go neamhthrócaireach

Ní thuigim i gceart cad a bhí á rá ag bainisteoir Dhoire, Mickey Harte, ag ócáid seolta chraobh Uladh Dé Luain seo caite agus é ag míniú bhua Átha Cliath ar Dhoire i mbabhta 5 na sraithe ar an gcéad Satharn de mhí Márta. Ba léir nár chuir Harte an fhoireann ba láidre a bhí ar fáil dó chun páirce agus Áth Cliath ag buachtaint le cúig phointe ar Dhoire ach ag labhairt dó Dé Luain seo caite, dúirt Harte gur le teann cáiréise a choimeád sé leithéidí Odhrán Lynch, Eoin McEvoy, Pádraig McGrogan, Gareth McKinless, Ethan Doherty, Paul Cassidy agus Conor Glass siar agus fiú dá mbeidís dulta chun páirce ná raibh aon chinnteacht ann go mbuafaidís ar aon nós.

Is dócha gurb é a bhí i gceist ag Harte ná gur fearr caomhnú ná caitheamh, ach caithfidh na foirne ar nós Dhoire iad fhéin a thaispeáint luath nó mall. Tá súil againn go léir gur inniu a nochtfaidh siad a mianach.

Ba mhór an scrupall é an Satharn úd i dtosach na míosa ná fuaireamar éachtaint éigin ar an gcoimhlint a bhí ag teastáil uainn go léir, idir Brian Fenton agus Conor Glass, ach b’fhéidir go bhfaighimis blaiseadh de inniu. Ní déanach í an mhaith aon uair.

Níl ansan ach ceann de na coimhlintí a chuirfeadh uisce led’ fhiacla roimis cluiche ceannais na sraithe ach tá cúis níos mó ag daoine nach ó Dhoire ná Áth Cliath iad le bheith ag súil leis an gcluiche. Tá fonn ar aoinne go bhfuil spéis i gcúrsaí caide acu foireann éigin, aon fhoireann fén dtráth seo, a fheiscint ag dul chun cocaíochta leis na Dubs. Pé támáilteacht a bhí orthu sa chéad dhá bhabhta den bhfeachtas sraithe i mbliana agus iad ag cailliúint in aghaidh Mhuineacháin agus Mhaigh Eo, dhúisigh Áth Cliath i gcoinne Ros Comáin agus chuireadar criothán agus fuar allas trínn go léir amach lena dtaispeántas in aghaidh Chiarraí i mbabhta 4.

Níl féachta deas nó clé, soir nó siar ó shin acu ach iad ag treabhadh rompu go neamhthrócaireach. Ba mheasa sinne a cheap go mb’fhéidir go mbeidís ag teip.

Sin é an taobh go bhfuil an cluiche inniu chomh cinniúnach. Tá léas beag dóchais ag teastáil arís, léas éigin a déarfadh linn ná fuil impireacht eile á tógaint an athuair agus léas a thabharfadh tuiscint éigin dúinn gur féidir, ar an gcéad dul síos, dul guaille ar ghuaille le Brian Fenton agus, ansan, Con O’Callaghan a cheansú. Ní beag san mar éileamh ach thabharfadh sé sásamh do scata dá bhfeicimis é.

Ná tóg ón méid sin go bhfuil Doire gan seans agus gan tréith. Níl ná é. Más áil le hÁth Cliath a gcúigiú sraith déag a bhuachtaint, caithfidh siad dul i ngleic leis na ruathair a dheineann cosantóirí Dhoire ó phóirsí i bhfad siar. Níl aon fhoireann eile inchurtha le Doire san ealaín sin le bliain anuas. Tá sé bháide agus deich bpointe fachta ag cosantóirí Dhoire i bhfeachtas sraithe na bliana seo. Is léir nach trí dhearúd a tharlaíonn seo agus cé go n-aithníonn an uile dhuine an baol atá ins na ruathair ó leithéidí Conor McCluskey, Gareth McKinless, Conor Doherty agus Pádraig McGrogan, is deacair é a stopadh gan a bheith calaoiseach. Thug na ruathair seo ana-shuaitheadh do Chiarraí i gcluiche leathcheannais na craoibhe anuraidh agus is léir go bhfuil Doire tar éis a gcur chuige a bheachtú agus a shlachtú tuilleadh ó shin.

 

Braithfidh Doire McKinless uathu más amhlaidh go dtiocfaidh a chaincín briste idir é agus cluiche ceannais na sraithe ach le 36 imreoir eile curtha ar a dtriail le linn na sraithe, ní bheidh Doire gann ar roghanna dá chomharba.

Beadsa ag faire ar chur chuige Átha Cliath sa ghné seo den imirt. An mbeidh siad ag iarraidh ar thosaithe éagsúla dul ag stolladh is ag stracadh ar a seal siar fén bpáirc, nó an amhlaidh go rithfidh siad go foighneach cliathánach leis na cosantóirí sin atá ar a ruathair agus iad a threorú isteach sa tsúil ribe d’fhonn seilbh na caide a bhaint díobh?

Ní hionann agus scata foirne eile, is dóigh liom go mbeidh muinín ag Áth Cliath in aclaíocht agus i bhféinsmacht leithéidí Chiaráin Kilkenny, Sheán Bugler agus tuilleadh nach iad agus chuirfeadh sé an-iontas orm dá gcífimis mórán ciceanna saora á mbronnadh ag an réiteoir Martin McNally inniu.

Caithfear a bheith ag súil, chomh maith, go raghaidh Áth Cliath ag fiach is ag tóch ar chic amach Ódhráin Lynch. Tuigim go gcuimhníonn daoine ar chluiche leathcheannais na hÉireann dhá bhliain ó shin nuair a smaoinítear ar fhear Mhachaire Fíolta ach tá forbairt mhór déanta i bpearsa, i bhféinmhuinín agus i ndánaíocht intinne ag an Loingseach ón lá úd gur chreach Damien Comer agus a chomhghleacaithe é.

Is dóigh liom go raghaidh sé dian ar fháscadh thosaithe Átha Cliath aon adhmad a bhaint as Lynch an uair seo, ainneoin a ndíchill. Má tá feirc le haimsiú ina chic amach, aimseoidh Fenton agus a chomrádaithe é ach is dóigh liom go dtabharfadh Lynch na cosa leis ar an gceann san.

Cé leis a bheidh an lá mar sin? Ainneoin a gcáiréis, ainneoin a bpúdar a bheith tirim, ainneoin a ngoile dona gcéad chraobh sraithe ó 2008, ainneoin an madra rua, Harte, a bheith ar an dtaobhlíne acu agus ainneoin breis is leath na tíre ag guí go nochtfaidh Doire laige éigin i gcur chuige na Dubs, is dóigh liom go bhfuil plúr agus scoth na n-imreoirí fós ag Dessie agus is dóigh liom gur leor san chun aon éirí amach a cheansú an Cháisc seo.

 

 

Fág freagra ar 'Baile Átha Cliath ag treabhadh rompu go neamhthrócaireach'

  • Carraig

    A Thiarcais, sin an-aiste ar fad. Ní raibh sé i gceist agam féachaint air ach tá atharrac intinne tagtha orm anois!

  • Carraig

    ‘atharrach’

  • Carmel

    Doire abú !!!

  • Pat

    Óóóáááúúú Doire Abú!

  • Carraig

    Fuair na Dubs faoin bpoll é!