Ba é mian chlanna Gael an chuid ba mhó den am go mbeifí á rialú ag eachtrannaigh

Beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir? Bunaithe ar fhianaise na staire ba dheacair a rá gur amhlaidh a bheidh

Ba é mian chlanna Gael an chuid ba mhó den am go mbeifí á rialú ag eachtrannaigh

Cén fáth a gceapann go leor daoine gur mór againne Éireannaigh saoirse ár dtíre? Is é a mhalairt a mhúineann an stair. Ní i bhfad a bheifeá á léamh nuair a thuigfeá gurbh é mian chlanna Gael an chuid ba mhó den am go mbeifí á rialú ag eachtrannaigh.

Is amhlaidh an cás inniu agus muid faoi bhois an chait ag maorlathas na Bruiséile agus ag boird stiúrtha na gcomhlachtaí móra idirnáisiúnta.

Ar chomhairle an Phápa Adrian a cuireadh na Sasanaigh go hÉirinn an chéad lá riamh. Mhol sé don Rí Anraí II Shasana ionradh a dhéanamh ar Éirinn le sibhialtacht a mhúineadh dhúinn. Ar ndóigh ba Sasanach é an Pápa Adrian é féin freisin.

Mheas comharba seo Pheadair gur leagan barbartha den chreideamh Críostaí a bhí á chleachtadh againne. Ghlac na taoisigh a bhí orainn go fonnmhar lena threoir.

Ar dhóigh níorbh é an chéad uair é ar athraigh muid ár gcreideamh go héasca. Bhí córas na ndraoithe againn ar feadh na mílte bliain agus muid ag feiceáil déithe sa spéir, sna crainnte agus sna toibreacha. Bhí go dtí gur tháinig soiscéalaí eachtrannach an bealach a raibh scéal dochreidte aige faoi fhear a cuireadh chun báis sa Meánoirthear, a d’éirigh ó na mairbh agus a chuaigh suas san aer idir chorp, chleite agus sciathán cúpla lá ina dhiaidh sin.

D’fhiafraigh mé d’eolaí ar chúrsaí eaglasta uair amháin cén fáth ar ghlac na Gaeil chomh furasta lena leithéid de scéal. Sodar i ndiaidh na n-uasal a bhí ann, b’fhacthas dó: bhíodh ceannairí an chósta thoir ag déanamh corr-ruathar ar an mBreatain. Fuair siad léargas ar an gcineál sibhialtachta a bhí in Impireacht na Róimhe.

Shíl siad go raibh a sibhialtacht féin cineál ‘Gaelach’ i gcomórtas lena bhfaca siad. “A little bit Irish,” a déarfaidís dá mbeadh Béarla acu.

Fiú amháin na Lochlannaigh thit muid isteach leo de réir a chéile. D’fhoghlaim muid go leor uathu go mór mór faoi chúrsaí farraige.

Tabhair faoi deara an méid téarmaí mara Gaeilge a tháinig as an Lochlainnis.

D’fhoghlaim muid tuilleadh fós ó na Normannaigh.

Is fíor go mbíodh ár gcuid filí go síoraí ag caitheamh agus ag cáineadh ar na Sasanaigh ón seachtú haois déag i leith. Ag súil le cabhair ón bhFrainc agus ón Spáinn a bhídís go hiondúil.

Ba mhór é a ndóchas sa té a dtugaidís ‘an gile mear’ air le muid a shlánú agus a dtailte oidhreachtúla a fháil ar ais do na huaisle Gaelacha. Ba bheag a locht ar an slánaitheoir sin a bheith ina rí ar Shasana, ar Albain agus ar Éirinn in éineacht.

Ní dhearna siad plé riamh thairis sin ar an gcineál tiarnais a d’éileodh na Francaigh nó na Spáinnigh sa tír seo.

Is cuimhin liom go maith oíche a raibh mé ag plé scéal Wolfe Tone le bean léannta as an bhFrainc. Thug mé cuntas di ar an am a raibh Wolfe Tone agus loingeas na Fraince i gCuan Bheanntraí. Bhí garastún Shasana i gCorcaigh lag ag an am agus dá n-éireodh leo a theacht i dtír ba ghearr an mhoill orthu lucht na bpící i Loch Garman a shroicheadh, máirseáil go Baile Átha Cliath agus an tír a ghabháil.

‘Agus bheadh sibh seacht n-uaire níos measa ansin,’ ar sise. ‘Ar fhoghlaim tú rud ar bith ariamh faoi impiriúlachas na Fraince?’.

Tháinig Ho Chi Minh i dtír i Marseille le linn do Chogadh na Saoirse a bheith ar bun in Éirinn. Chuala sé trácht ar De Valera. ‘Dá mbeadh De Valera beo faoi cheannas impiriúlachas na Fraince mar atá sinne i Vítneam bheadh sé sna flaithis faoi seo,’ ar seisean.

Bhí an ghráin ag na filí /lucht bolscaireachta na n-uasal ar na Sasanaigh gan amhras ach céard faoi dhlí Chromail. Is léir ó Phairlement Chloinne Tomáis gur mheas cuid den chosmhuintir gurbh fhearr an dlí sin ná réim na n-uasal Gaelach:

Iarraim gan Caomhánach ná Branach,

Nuallánach ná Cionsiolach,

Raoisíoch ná Róisteach,

D’fhagháil fóid do chuid a sinnsior.

Má thagann muid níos gaire don lá inniu sa stair castar an téarma ‘Home Rule’ dúinn. Ní saoirse iomlán a bhí i gceist ansin ach an oiread. Mar a dúirt John Redmond, ‘a freely-elected parliament in Dublin … subject, of course, to imperial supremacy’.

Tiocfaidh ár lá agus beidh Éire fós ag Cáit Ní Dhuibhir. Beidh má bhíonn.

Fág freagra ar 'Ba é mian chlanna Gael an chuid ba mhó den am go mbeifí á rialú ag eachtrannaigh'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Tá’s agam go bhfuil ‘silly season’ na meáin chomarsáide againn fós, ach an méid seo ráiméis níor léigh mé riamh cheana. Níor chuala mé go raibh an dara rogha ag na Gaeil rialú eachtrannach a bheith againn.

  • An Teanga Bheo

    Mar a bhí de shíor an tionchar thar sáile agus an toradh dá bharr sin

  • Daithi Mac Carthaigh

    Conas atá muid ‘faoi bhois an chait ag maorlathas na Bruiséile?’
    Nach é an maorlathas céanna a chuir cnámh droma i bpolaiteoirí na hÉireann i ndáil le Brexit agus a bhain aontacht eacnamúil amach don tír/oileán seo?
    Is furasta na nathanna beaga gránna seo a chaitheamh amach agus gan bunús ar bith leo.
    Ritear dlíthe an Aontais Eorpaigh le toil na Parlaiminte Eorpaí – thar cheann na ndaoine – agus le toil na Comhairle (Aire amháin ó gach Ballstát) – thar ceann na rialtas náisiúnta.
    Beatha duine a thoil. Beatha Mór-roinne a comhthoil.
    Is fearr i bhfad an comhoibriú seo ná a bheith faoi bhois ag chait ag Sasana faoi mar ata na hAlbanaigh.

  • Seosamh Ó Cuaig

    Ní bheinnse ag iarraidh a bheith faoi bhois an chait ag Sasana ach an oiread. Éire neamhspleách a bheadh uaim. “Neither King Nor Kaiser but Ireland” mar a dúirt Séamas Ó Conghaile.

  • Séamas de Barra

    Freagra ag Séamas de Barra ar alt le Seosamh Ó Cuaig, ‘Ba é mian chlanna Gael an chuid ba mhó den am go mbeifí á rialú ag eachtrannaigh,’ Dé Máirt, Eanáir 14, 2020.

    Tugaimse faoi deara ar an alt seo is déanaí ó Sheosamh Ó Cuaig go ndéanann Seosamh talamh slán de gur mhar a chéile, sinne ‘Éireannaigh’, nó ‘Clanna Gael’, agus lucht rialaithe na tíre na céadta bliain ó shin. Ní raibh toghchán ar bith leathdhaonlathach féin in Éirinn go dtí 1918, agus dá réir sin, ní fhéadfadh aon tuairim a bheith againne inniu cén t–oipineon a bhí ag formhór na ndaoine roimhe sin ar rialú na tíre. An córas ‘daonlathach’ i bPoblacht na hÉireann inniu, cé chomh daonlathach is atá sé dáiríre? Minic go leor bíonn isteach is amach le 35% de na vótátálaithe cláraithe nach mbacann le vóta a chaitheamh in Olltoghchán. Idir 35% agus 40% de na vótálaithe cláraithe, ar meán, ní bhacann siad le vóta a chaitheamh i Reifreann. Mura mbíonn breis is 50% de na vótálaithe cláraithe ag tacú leis an Rialtas a chuirtear le chéile tar éis Olltoghcháin, ná breis is 50% de na vótálaithe ag vótáil TÁ, nó NÍL, i Reifreann, cén bun atá lena dhéanamh amach gur toradh daonlathach atá ar an Olltoghchán ná ar an Reifreann sin?
    Tá Seosamh Ó Cuaig an–tugtha don chéad phearsa iolra, agus é ag cur síos ar mhuintir na hÉireann:
    ar athraigh muid; thit muid; D’fhoghlaim muid; ár gcuid filí; Má thagann muid níos gaire don lá inniu sa stair castar an téarma ‘Home Rule’ dúinn; Tiocfaidh ár lá.
    Labhraíodh sé ar a shon féin. Níor saolaíodh mise go dtí 1953!
    Tá taighde déanta ag staraí ó Choláiste an Rí i Londain ar an ‘mbulla’ a d’eisigh an Pápa Adrian IV, ‘bulla’ dar teideal Laudabiliter satis, más fíor–– an tOllamh Anne Duggan, History Ireland 13.3, (May/June 2005). Tá léirmheas in History Ireland (September/October 2017) 2017 ag Conor Kostick, staraí de chuid Choláiste na Tríonóide, ar leabhar le Donnchadh Ó Corráin, beannacht Dé lena anam, The Irish Church, its Reform and the English Invasion (Four Courts Press 2017). Ba í an tuiscint thraidisiúnta ar Laudabiliter satis gur bhulla ba ea é inar cheadaigh an Pápa Adrian d’Anraí II Shasana ionradh a dhéanamh ar Éirinn, faoi bhráid leasú a dhéanamh ar an Eaglais abhus. Áitíonn an tOllamh Duggan gur góchumadóireacht atá sa leagan de Laudabiliter satis a tháinig anuas chugainn, agus nach amhlaidh a cheadaigh an Pápa, má ba ó Shasana féin é, concas buan a dhéanamh ar Éirinn. Bhí ceannairí na hEaglaise in Éirinn tosaithe ar an Eaglais a leasú ar Shionaid ó 1157 go dtí 1167. Giraldus Cambrensis de Barri, eaglaiseach Galldaithe ón mBreatain Bheag, agus fear de mo chinese, cuireann Conor Kostick ina leith [Conor Kostick, Strongbow –– The Norman Invasion of Ireland (O’Brien Press 2013) lch 89] go raibh baint aige leis an ngóchumadh ar Laudabiliter satis. Ní dílseacht don Chríostaíocht, ach saint, a spreag na ridirí Sean–Ghallda a rinne ionradh ar Éirinn in 1169. Níor bhain Anraí II leas ar bith as an‘mbulla’ úd in 1155. D’imeodh an ‘bulla’ as feidhm le bás an Phápa Adrian IV sa bhliain 1159. Níorbh fhéidir d’Anraí II athbheochan a fháil déanta air sa bhliain 1171, mar go raibh sé féin agus an Pápa Alastar III in earraid lena chéile faoi tráth sin i dtaobh fheallmharú Thomas à Becket, Ard–Easpag ar Canterbury. Ní raibh leagan foilsithe de Laudabiliter satis ar fáil i Sasana ná in Éirinn, faoin mbliain 1172, is é sin, má d’eisigh Adrian IV riamh é.
    Nuair a bhain Anraí II Éire amach in 1171, thug sé turas ar Leagáid an Phápa, Gille Críost Ua Conairche, Easpag Leasa Móire. [Is amhlaidh a bhíonn cumhacht ag Leagáid an Phápa ar Easpaig na tíre a gcuirtear chuici é.] Ciarraíoch, agus Manach Liath ó Mhainistir Ó dTorna ba ea an tEaspag Ua Conairche. Ar son leasú a bhí seisean. Tuigtear anois go raibh súil ag an Easpag Ua Conairche le hAnraí II, agus gur thuig an tEaspag go maith cad a thug an Rí. Bhí Sionad ag Easpaig na hÉireann i gCaiseal in 1172, agus thug na hEaspaig móid dílseachta ar an Sionad úd d’Anraí II mar Thiarna ar Éirinn. De réir a chéile, thug taoisigh uile na hÉireann an mhóid dílseachta d’Anraí II chomh maith. Is amhlaidh a bhí litir curtha ag an bPápa Alastar III chun an Easpaig Ua Conairche sa bhliain 1172, litir i dtaobh na leasuithe a bhí le déanamh ar an Eaglais in Éirinn.
    Más laochra Gaelacha ar son an Scarúnachais atá ó Sheosamh Ó Cuaig, mholfainn dó aiste leis an Dr Tomás Ó Fiaich ar an ábhar sin a léamh, ‘Republicanism and Separatism in the Seventeenth Century’, Léachtaí Cholm Cille II, Stair (1971). Gheobhaidh Seosamh cur síos san aiste sin ar obair na ndaoine seo, Ard–Easpag Thuama, Flaithrí Ó Maoil Chonaire, an tAth. Conchobhair Ó Mathghamhna [Íosánach], agus Eoghan Rua Ó Néill. Agus sinne inár mic léinn ar Choláiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath i dtosach bhlianta 1970, d’inis an Dr Seosamh Watson dúinn nárbh é an Stíobhardach an laoch ag Muintir Oirialla, ach Eoghan Rua Ó Néill, ar feadh na gcéadta bliain tar éis bhás an Niallaigh. B’fhéidir go mbeadh spéis leis ag Seosamh in úrscéal le Seosamh Mac Grianna, Eoghan Ruadh Ó Néill.
    Is léir nár éirigh liom féin dul i gcion ar Sheosamh an babhta déanach nuair a chuir mé i bhfáth nach iad an ghnáthmhuintir a bhfuiltear ag magadh fúthu in Pairlement Chloinne Tomáis go bunúsach –– ainneoin an chuma sin a bheith air –– ach faoi uaisle na Sean–Ghael, dream a ghéill i gcúrsaí cultúir agus teanga do na Sasanaigh, go háirithe ó aimsir an Athraithe Creidimh sa 16ú céad, aniar go dtí aimsir Chromail. Is léir gur ag sá go dtí Clann Chárthaigh atá údar na Pairlemente sna tagairtí do ‘Lóbus Laghrach’, agus do Mhuintir Chonchobhair Chiarraighe, sa tagairt do ‘Chonchubhar Ciarbhuidhe’. Bunaithe ar Thomas Cairdinéal Wolsey, dar ndóigh, atá Tomás Mór Mac Lóbais. An sloinne Spáinneach, López, is é rud a chiallaíonn sé, ‘Mac Mic Thíre’. López i gcanúint Andalucía, is beag idir é, ó thaobh foghraíochta, agus ‘Lóbas’ na Gaeilge. Comhfhocal is ea Wolsey de wolf agus de sige. Focal seanda Béarla is ea sige, focal a chiallaíonn bua. Dar leis na Caitlicigh ar feadh na gcéadta bliain gurbh é Wolsey dáiríre ba chiontach leis an Athrú Creidimh, mar gurbh é a mhol d’Anraí VIII, an chéad lá riamh, a iarraidh ar an bPápa ráiteas a eisiúint nach pósadh bailí ba ea pósadh Anraí VIII le Caitlín na hAragóine.
    Déarfainn go mbainfeadh Seosamh an–súp as na dánta polaitíochta ag Dáibhidh Ó Bruadair, ó thaobh polaitíochta agus filíochta; bhainfeadh, agus as Five Seventeenth–Century Political Poems (1952), faoi eagarthóireacht Cecile O’Rahilly. Ag dul amú a bhí Breandán Ó Buachalla, trócaire sa chré air. Is beag dílseacht a bhí ag Ó Bruadair dáiríre do na Stíobhardaigh.

  • Séamas de Barra

    Iarfhocal:
    Ní i dtaobh le haon litriú amháin atáthar ar shloinne Easpag Leasa Móire [1151–1179], arbh é Leagáid an Phápa é, ach is é ‘Gilla Críst Ó Con Áirge’ [an litriú Meán–Ghaeilge] atá ag Donnchadh Ó Corráin air [The Irish Church, its Reform and the English Invasion, lch 48, passim]. Insíonn Donnchadh Ó Corráin dúinn [lch 103] nár bhac Rí Chonnacht, ná na ríthe ar fhíor–íochtar na tíre, le móid dílseachta a thabhairt d’Anraí II:
    Ruaidrí Ó Conchobair, rí Chonnacht, ar tuigeadh dó gurbh é féin rí na hÉireann, d’fhan sé siar. Na ríthe ar fhíor–íochtar na tíre–– Niall Mac Lochlainn agus Aed Ó Néill in Aileach, agus rí Chenél Conaill –– bhí siad róghafa le cogadh logánta eatarthu féin, cogadh a bhfuil tuairisc ag na hAnnálaithe air, chun rud ar bith eile a dhéanamh ná cuimhneamh air, agus ní raibh aon teagmháil le hAnraí II acu.’

  • Is garbh béal oscailte

    Ní miste ceacht beag staire don bholscaire!