Ba chóir cuid den cheadúnas teilifíse a choinneáil ó RTÉ de bharr ‘scannal’ na heaspa clár Gaeilge – Fianna Fáil

Tá cáineadh géar déanta ag páirtithe an fhreasúra agus ag Conradh na Gaeilge ar RTÉ i bhfianaise chinneadh an Choimisinéara Teanga nach bhfuil siad ag comhlíonadh a ndualgas i leith na Gaeilge

Ba chóir cuid den cheadúnas teilifíse a choinneáil ó RTÉ de bharr ‘scannal’ na heaspa clár Gaeilge – Fianna Fáil

Tá molta ag Fianna Fáil go gcoinneofaí cuid den cheadúnas teilifíse siar ó RTÉ i bhfianaise chinneadh an Choimisinéara Teanga go bhfuil an craoltóir ag sárú an dlí chraolacháin i leith na Gaeilge.

Tá an craoltóir le tabhairt os comhair coiste Oireachtais chomh maith chun ceisteanna a fhreagairt faoi imscrúdú an Choimisinéara Rónán Ó Domhnaill ina bhfuarthas gurbh ionann soláthar clár teilifíse Gaeilge RTÉ agus níos lú ná 1% dá sceideal iomlán.

Dúirt an Teachta Dála de chuid Fhianna Fáil Éamon Ó Cuív gur “neamhaird iomlán ar an teanga náisiúnta” ag RTÉ “breis is 99%” dá gcláir theilifíse a bheith i mBéarla.

“Tá géarghá le cruinniú idir an tAire Cumarsáide agus ardbhainistíocht RTÉ leis an bhfaillí ollmhór seo a réiteach. D’iarr An Coimisinéir Teanga ar RTÉ plean a chur le chéile a léireoidh conas a rachaidh said i ngleic leis an easnamh mór seo.

“De réir na bhfigiúirí is déanaí tá eolas ag 1.7 milliún duine ar an nGaeilge agus tá an mhórchuid acu sin báúil di. Tá an Ghaeilge mar sheod cultúir agus oidhreachta na tíre, seod atá lárnach inár bhféiniúlacht agus táimid freagrach as í a chothú i measc pobal na tíre seo.

“Mura gcloíonn RTÉ lena ndualgais dlí craoltóireachta ba cheart don Roinn Cumarsáide cuid den mhaoiniú a fhaigheann RTÉ ón Roinn a choinneáil siar agus é a chur ar leataobh go dtí go mbeidh siad in ann riachtanais craoltóireachta trí mheán na Gaeilge a chomhlíonadh,” arsa Éamon Ó Cuív.

Dheimhnigh Cathaoirleach Choiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán an Teachta Dála Catherine Connolly ar RTÉ RnaG tráthnóna go mbeadh cuireadh á thabhairt aici do RTÉ teacht os comhair an choiste chun an scéal a phlé.

Cháin Sinn Féin RTÉ chomh maith agus dúirt an Seanadóir Niall Ó Donnghaile gur “scannalach” an mhaise do RTÉ a laghad clár Gaeilge atá acu agus gur gá do RTÉ plean a réiteach chun dul i ngleic leis an easnamh.

Chuir Comhaontas Glas fáilte roimh iniúchadh an Choimisinéara agus dúirt a n-urlabhraí Gaeilge Peadar Ó Caomhánaigh nach raibh “béalghrá” RTÉ don teanga “maith a dhóthain in aon chor, go háirithe agus TG4 á cháineadh faoi láthair as cláracha Gaeilge gan ach céatadán beag den dialóg i nGaeilge”.

Dúirt Conradh na Gaeilge, a mbeidh cruinniú acu an tseachtain seo chugainn le hArdstiúrthóir RTÉ Dee Forbes, gur “scannal” é ganntanas na gclár Gaeilge ar RTÉ.

Dúirt Uachtarán Chonradh na Gaeilge Niall Comer go raibh “cáil” ar shaothar RTÉ go háirithe i réimse na teilifíse agus gur  “mór an scannal é, mar sin, a laghad de chláir Ghaeilge agus an réimse cúng clár atá ar fáil faoi láthair”. 

I ráiteas a chuir RTÉ amach dúradh go ndeirtear i dtuarascáil an Choimisinéara Teanga, Rónán Ó Domhnaill, gur sháraigh RTÉ a chuid oibleagáidí faoi Acht Craolacháin 2009 i dtaobh na teilifíse, ach go ndeirtear chomh maith go bhfuil an craoltóir “ag comhlíonadh a chuid oibleagáidí tríd is tríd maidir le cláir nuachta teilifíse agus ábhar raidió”.  

“Chomh maith leis sin, níl na forbairtí nuálaíocha a chuir RTÉ chun cinn chun cur go mór le hábhar Gaeilge ar líne, ar na meáin shóisialta agus i réimsí an raidió dhigitigh agus an phodchraolta ag teacht faoi scóip na Tuarascála seo,” a dúirt RTÉ.

Luaigh siad sa ráiteas chomh maith an soláthar reachtúil clár a dhéanann siad do TG4 gach bliain agus mhaígh siad go raibh méadú tagtha ar an méid airgid a chaitheann siad ar chláir Ghaeilge.

Ní raibh aon ghlacadh ag an gCoimisinéir Teanga áfach leis an gcosaint sin.

“Is é an rud atá i gceist anseo go bunúsach ná beagnach glanadh iomlán na gclár Gaeilge ó theilifís RTÉ. Tá sé go hiomlán in aghaidh na reachtaíochta, agus is é a chaithfidh RTÉ a dhéanamh ná plean a chur ar fáil,” a dúirt sé ar an gclár Morning Ireland ar maidin.

Fág freagra ar 'Ba chóir cuid den cheadúnas teilifíse a choinneáil ó RTÉ de bharr ‘scannal’ na heaspa clár Gaeilge – Fianna Fáil'