Athoscailt na scoileanna á breithniú agus an galar ag scaipeadh ‘go rábach’

Deir ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald tráthnóna nach bhfuil sé 'réalaíoch' a bheith ag caint ar na scoileanna a athoscailt Dé Luain seo chugainn

Athoscailt na scoileanna á breithniú agus an galar ag scaipeadh ‘go rábach’

Tá sé ráite ag an Aire Sláinte Stephen Donnelly go ndéanfaidh an Rialtas cinneadh maidin Dé Céadaoin cé acu an osclófar na scoileanna ar an Luan seo chugainn, an 11 Eanáir, nó nach n-osclófar.

Dúirt Donnelly nach raibh aon mholtaí déanta ag saineolaithe na ngalar tógálach is sláinte phoiblí go dtí seo faoi scoileanna a dhúnadh ach go bhféadfadh an scéal sin athrú.

Dúirt an tAire Leanaí Roderic O’Gorman go dteastaíonn ón Rialtas “dúnadh forleathan” scoileanna agus ionaid cúram leanaí a sheachaint ach go raibh súil ghéar á coinneáil ar an scéal.

Phléigh an tAire Oideachais Norma Foley cúrsaí le hurlabhraithe oideachais an fhreasúra tráthnóna. Tá siadsan den tuairim nach mbeidh scoileanna ag athoscailt ar an Luan.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald tráthnóna nach raibh sé “réalaíoch” a bheith ag caint ar na scoileanna a athoscailt Dé Luain seo chugainn.

Dúirt sí go raibh plean soiléir ag teastáil chun na scoileanna a oscailt “go sábháilte”.

Dúirt Donnchadh Ó Laoghaire, urlabhraí oideachais Shinn Féin, gur “údar díomá” é ach gur léir nach n-osclóidh na scoileanna ar an 11 Eanáir.

De réir tuairiscí ó Shasana d’aontaigh airí rialtais ansin inniu go gcoimeádfar dúnta na bunscoileanna agus na hiarbhunscoileanna go dtí briseadh lár-téarma mhí Feabhra.

Cuirfear tús in Albain ag meán oíche anocht le tréimhse dianghlasála agus beidh scoileanna na hAlban dúnta go dtí an mhí seo chugainn.

Dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach an HSE inniu go bhfuil an Covid-19 ag scaipeadh go rábach agus go bhfuil os cionn 5,000 cás in aghaidh an lae againn agus é ag déanamh ar 6,000 cás.

Bhí rabhadh ag Reid faoin mbrú breise a bheadh ar aonaid cúram criticiúil na n-ospidéal. Dúirt sé go bhféadfadh idir 1,500 agus 2,500 othar Covid-19 a bheith in ospidéal agus idir 250 agus 430 acusan in aonad dianchúraim, uimhreacha a chuirfeadh an tseirbhís i mbaol.

De réir na bhfigiúirí is déanaí, bhí 744 othar san ospidéal agus Covid-19 orthu, sin ardú ó 673.

An uair ba mheasa a bhí cúrsaí an víris in ospidéil, bhí 881 othar Covid-19 san ospidéal ar an 15 Aibreán anuraidh agus bhí 161 othar in aonad dianchúraim. 69 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in aonaid dianchúraim faoi láthair.

Agus é ag caint ar RTÉ, dúirt Reid go rabhthas in ann 175,000 tástáil sa tseachtain a dhéanamh anois, sin 75,000 breise, ach go raibh na dochtúirí teaghlaigh sáraithe ag iarratais agus torthaí dearfacha ar leath de na tástálacha i gcuid de na hionaid.

D’fhógair an Roinn Sláinte inné go raibh beagnach 5,000 cás nua den víreas deimhnithe agus go raibh seachtar eile curtha den saol ag an aicíd.

Fág freagra ar 'Athoscailt na scoileanna á breithniú agus an galar ag scaipeadh ‘go rábach’'