Ardú ar líon na ndaoine a bhíonn ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta – figiúirí nua

De réir figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie, ba mhó éisteoirí in aghaidh an lae a bhí ag RTÉ RnaG anuraidh ná aon bhliain eile ó 2014

Ardú ar líon na ndaoine a bhíonn ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta – figiúirí nua

Tá ardú tagtha ar líon na ndaoine ar an meán a bhíonn ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta in aghaidh an lae.

De réir figiúirí nua JNLR, atá faighte ag Tuairisc.ie faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, le linn na bliana seo caite 39,000 duine ar an meán a d’éist le RTÉ RnaG in aon 24 uair an chloig, ó Luan go hAoine.

Le linn 2016, 28,000 duine ar an meán a d’éist leis an stáisiún Gaeilge in aghaidh an lae, ó Luan go hAoine.

De réir na bhfigiúirí is déanaí seo, ba mhó éisteoirí in aghaidh an lae a bhí ag RTÉ RnaG anuraidh ná aon bhliain eile ó 2014.

An bhliain sin, 43,000 duine ar an meán a d’éist le RTÉ RnaG in aon 24 uair an chloig ó Luan go hAoine. 30,000 duine a bhí i gceist an bhliain roimhe sin, 2013, agus 34,000 a bhí ann in 2015.

Fágann na figiúirí seo go raibh níos lú 1% den mheánlucht éisteachta náisiúnta ag RTÉ Raidió na Gaeltachta sna blianta a bhfuil figiúirí ar fáil dóibh.

Chuir ceannaire gníomhach RTÉ Raidió na Gaeltachta Gearóid Mac Donnacha fáilte roimh an scéala gur tháinig ardú 11,000 ar líon na n-éisteoirí laethúla in 2017 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin.

“Cinnte, is dea-scéal é go léiríonn na figiúirí JNLR go bhfuil ardú tagtha ar an lucht éisteachta, ach é sin ráite tuigeann muid freisin nach é cur chuige an JNLR an modh is fearr le lucht éisteachta na seirbhíse a mheas, agus caithfear é sin a chur sa gcomhaireamh anseo freisin.

“Cuirfear tús go luath le hobair Fios Físe, i gcomhar le hOllscoil na hÉireann Gaillimh agus TG4, agus tabharfaidh sé sin deis dúinn aiseolas cuimsitheach a fháil faoin tseirbhís.  Beidh muid in ann cur leis an tuiscint atá againn ar an lucht éisteachta, agus a gcuid mianta, agus oibriú dá réir,” a dúirt Gearóid Mac Donncha, Ceannaire Gníomhach RTÉ RnaG.

Is fada lucht Raidió na Gaeltachta ag gearán nach dtugann na figiúirí JNLR cothrom na Féinne dóibh mar chraoltóir Gaeilge toisc, dar leo, nach n-aithnítear sna figiúirí gur líonmhaire na héisteoirí a bhíonn acu i measc phobal na Gaeilge.
Tuairim is 16,600 duine a bhíonn i gceist le suirbhéanna éisteachta náisiúnta JNLR, agus bíonn líon na ndaoine i ngach limistéar samplála i gcomhréir le daonra na limistéar sin.

Is é atá i ‘Fios Físe’ ná painéal daoine a bhfuil Gaeilge mhaith acu a roghnaíonn ‘dialann féachana’ a líonadh uair sa tseachtain agus an t-eolas sin a roinnt le TG4. Baineann ‘Fios Físe’ le tuairimí daoine faoi sheirbhís TG4 seachas le líon na ndaoine a bhíonn ag breathnú ar an stáisiún.

Fág freagra ar 'Ardú ar líon na ndaoine a bhíonn ag éisteacht le RTÉ Raidió na Gaeltachta – figiúirí nua'

  • Máiread

    Tá rogha clár iontach ar RnaG.

  • Caoimhín O'Grádaigh

    Cad é uimhir na ndaoine a bíonn ag éisteacht go seachtainiúil?

  • TG Lurgan

    Sin deá-scéala go cinnte. Fair play d’fhoireann an staitiúin, éacht á dhéana acu.