Ardú 250% ar líon na n-iarratas a rinneadh ar phost sna Gardaí faoin sruth Gaeilge

10,000 iarratas ar fad a fuarthas sa bhabhta earcaíochta is déanaí ag an nGarda Síochána agus 466 iarratas a fuarthas faoin sruth Gaeilge

Ardú 250% ar líon na n-iarratas a rinneadh ar phost sna Gardaí faoin sruth Gaeilge

Tá ardú breis is 250% tagtha ar líon na n-iarratas a rinneadh ar phost sna Gardaí faoin sruth Gaeilge.

De réir eolas nua a thug an tAire Dlí agus Cirt i dTeach Laighean inniu, 10,000 iarratas ar fad a fuarthas sa bhabhta earcaíochta is déanaí ag an nGarda Síochána agus 466 iarratas a fuarthas faoin sruth Gaeilge. B’ionann líon na n-iarratas a rinneadh ar an sruth Gaeilge agus 4.7% de líon iomlán na n-iarratas.

132 iarratas a rinneadh faoin sruth Gaeilge le linn an chomórtais earcaíochta dheireanaigh in 2019. 5,000 iarratas ar fad a rinneadh an uair sin. Fágann sin gurb ionann líon na n-iarratas a rinneadh ar an sruth Gaeilge in 2019 agus 2.6% de líon iomlán na n-iarratas.

Den 132 iarratasóir a chuir isteach ar an Sruth Gaeilge in 2019, níor earcaíodh ach triúr acu faoi dheireadh.

Agus í ag caint ag cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais tráthnóna, dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Helen McEntee go raibh “áthas” uirthi faoin ardú ar líon na n-iarratasóirí faoin sruth Gaeilge.

Dúirt sí go raibh na figiúirí “an-dearfach” agus go raibh sí “dóchasach” go raibh “bunús maith ann” chun an sprioc earcaíochta a bhí amach – gur cainteoirí líofa Gaeilge a bheadh in 20% d’earcaigh nua an fhórsa.

Faoin Sruth Gaeilge, cuireann an Garda Síochána 10% de na háiteanna ar leataobh d’iarrthóirí a bhfuil Gaeilge líofa acu.

Ghéill Coimisinéir an Gharda Síochána Drew Harris anuraidh, áfach, nach raibh an córas sin ag obair. Tugadh le fios ag an am nár earcaíodh ach 55 Garda tríd an Sruth Gaeilge ó cuireadh tús leis in 2013 agus nach raibh ach triúr acusan ar dualgas sa Ghaeltacht. Earcaíodh 3,000 Garda nua ar fad le linn na tréimhse céanna.

Sular sheol na Gardaí an feachtas earcaíochta is déanaí dá gcuid níos túisce i mbliana dúradh go raibh sé ar cheann de na feachtais is cuimsithí ar thug an eagraíocht faoi riamh agus go mbeadh béim ar leith ar dhaoine ón nGaeltacht agus cainteoirí líofa Gaeilge a mhealladh.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt gur dócha go raibh baint ag an mbéim a leagadh ar an “éagsúlacht” sa bhfeachtas earcaíochta leis an ardú ar líon na n-iarratas faoin sruth Gaeilge ach nárbh eol di go baileach cén chúis a bhí leis an ardú. Dúirt an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly gur chóir taighde a dhéanamh le fáil amach cad ba chúis leis an ardú.

Rinne an tAire cosaint arís tráthnóna ar an gcinneadh go bhfaighfí réidh leis an riachtanas Gaeilge a bhain le poist na sáirsintí agus cigirí.

Dúirt sí gur aontaíodh nach raibh gá leis an tástáil líofachta bhreise d’ardú céime. Bhí an cinneadh sin, a dúirt sí, “ag teacht, chomh maith, le dea-chleachtas maidir le comórtais ardaithe céime eile sa tseirbhís phoiblí trí chéile…”

Chinnteodh sé chomh maith go meallfaí “na hiarrthóirí is ilghnéithí agus is féidir” chun cur isteach ar ardú céime.

Dúirt Coimisinéir an Gharda Síochána, Drew Harris cheana nach raibh an eagraíocht ag iarraidh fáil réidh leis an riachtanas Gaeilge ach gur aontaíodh an t-athrú i ndiaidh “an-chuid cainteanna” idir na Gardaí, an Roinn Dlí & Cirt, An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí, an tÚdarás Póilíneachta agus Cumainn na nGardaí.

Fág freagra ar 'Ardú 250% ar líon na n-iarratas a rinneadh ar phost sna Gardaí faoin sruth Gaeilge'