Gan ach triúr Gardaí ó ‘shruth Gaeilge’ curtha go dtí an Ghaeltacht le seacht mbliana anuas

Deir Coimisinéir na nGardaí Drew Harris gur ‘ábhar díomá é’ a laghad Gardaí atá á n-earcú trí shruth Gaeilge na nGardaí

Gan ach triúr Gardaí ó ‘shruth Gaeilge’ curtha go dtí an Ghaeltacht le seacht mbliana anuas

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Níl ach triúr a earcaíodh trí “sruth Gaeilge” an Gharda Síochána curtha ar dualgas i stáisiúin Ghaeltachta le seacht mbliana anuas.

55 Garda ar fad a earcaíodh tríd an sruth Gaeilge, an córas a bunaíodh seacht mbliana ó shin chun cur le líon na nGardaí le Gaeilge sa Ghaeltacht.

De réir anailíse atá déanta ag Tuairisc.ie ar fhigiúirí nua, tá 31 de na 55 Garda a earcaíodh tríd an sruth Gaeilge curtha ar dualgas i ranna de chuid an Gharda Síochána atá i gceantair lasmuigh den Ghaeltacht ach a chuireann seirbhís ar fáil don Ghaeltacht, nó a bhfuil limistéir Gaeltachta iontu.

Tá 18 eile i ranna nach bhfuil aon Ghaeltacht iontu agus tá triúr ball eile, a earcaíodh le dul i mbun traenála sa bhliain 2019, nach bhfuil eolas tugtha faoin áit a bhfuil siad lonnaithe faoi láthair.

Níor cuireadh aon Gharda nua ón sruth Gaeilge ar dualgas sa Ghaeltacht ón mbliain 2013 an bhliain a bunaíodh an córas nua. Tá naonúr de na Gardaí a earcaíodh ón sruth an bhliain sin féin fós lonnaithe i ranna de chuid an Gharda Síochána nach bhfuil aon cheantar Gaeltachta iontu.

Léiríonn na figiúirí nua freisin gur tháinig laghdú suntasach ar líon na nGardaí a earcaíodh tríd an ‘sruth Gaeilge’ i ndiaidh bliain a bhunaithe.

Roghnaíodh 27 earcach a raibh Gaeilge líofa acu in 2013, ach bhí an figiúir sin tite go dtí 17 in 2016. Thit sé arís go dtí sa bhliain 2017, bliain nár earcaíodh ach triúr. Cúigear a earcaíodh in 2018 agus triúr a earcaíodh arís in 2019. Níor earcaíodh aon Gharda nua sa tréimhse idir 2013 agus 2016 mar thoradh ar an gcosc ar fhostaíocht nua sa tseirbhís phoiblí le linn na géarchéime eacnamaíochta.

Dúirt Coimisinéir na nGardaí Drew Harris gur “ábhar díomá é” go bhfuil líon na gcomhaltaí a earcaíodh tríd an sruth Gaeilge “chomh beag sin” ach go bhfuil an sruth sin fós ina “ghníomh dearfach” agus “réamhghníomhach inár mbeartas earcaíochta”.

Dúirt sé freisin go raibh “gach iarracht déanta” le blianta beaga anuas a chinntiú go lonnaítear Gardaí a earcaítear tríd an sruth Gaeilge i stáisiúin oiliúna i Ranna ina bhfuil ceantar Gaeltachta.

Dúirt sé go roghnaítear stáisiún do Ghardaí ar Promhadh bunaithe ar iliomad cúiseanna, amhail sonraí coireachta, daonra, cineál an stáisiúin, riachtanais phóilíneachta agus comhaltaí a bheith imithe ar scor.

Dúirt sé gur tháinig laghdú 12% ar líon iomlán na gcomhaltaí sa bhfórsa mar thoradh ar an gcosc ar earcaíocht agus go raibh tionchar aige sin ar an gcaoi ar dáileadh comhaltaí timpeall na tíre ar feadh cúpla bliain ina dhiaidh sin.

“Ar an drochuair, bhí tionchar ag na gnéithe seo ar fad ar leithdháileadh comhaltaí ón sruth Gaeilge agus is é seo an chúis go bhfuil 18 comhalta ón sruth ag fónamh i Roinn nach bhfuil ceantar Gaeltachta ann,” a dúirt sé.

Gheall sé go leanfaidh an sruth Gaeilge ar aghaidh “mar ghné fhíorthábhachtach” de na comórtais earcaíochta sa todhchaí agus go cuirfí comhaltaí a earcófar tríd an sruth seo ar an Phainéal Inniúlachta Gaeilge “gan teip”. Tá 20 duine ar an phainéal sin faoi láthair, Gardaí atá fós faoi oiliúint ina measc. Ní féidir Garda a bhfuil iarratas aistrithe déanta aige nó aici a aistriú nó go mbíonn duine ar fáil le cur ina áit.

Coimisinéir na nGardaí Drew Harris. Pictiúr: Leon Farrell/Rollingnews.ie

Mheabhraigh Harris freisin go raibh toradh diúltach ag an gcinneadh an ‘liúntas Gaeltachta’ d’earcaigh nua a stopadh in 2012 ach dúirt sé nach raibh “mórán féidearthachta ann” go dtabharfar ar ais é. Thagair sé freisin don treoir a chuireann srian ar Gharda a bheith lonnaithe “i bhfoisceacht 35km dá n-áit chónaithe nó d’áitreabh ceadaithe d’aon ghaol leo nó d’aon ghaol lena bpáirtí céile”.

Tá dualgas reachtúil ar Choimisinéir an Gharda Síochána faoi Acht an Gharda Síochána 2005 Gardaí atá líofa i nGaeilge a chur ar dualgas sa Ghaeltacht a oiread agus atá sin indéanta. Tharla conspóid faoina laghad Gardaí le Gaeilge a bhí ar dualgas sa Ghaeltacht sa bhliain 2011 nuair a rinneadh gearán le hOifig an Choimisinéara Teanga nach raibh seirbhís trí Ghaeilge ar fáil i stáisiún an Bhuna Bhig i nGaoth Dobhair.

Léirigh imscrúdú ag an am gur Béarla amháin a bhí ag ochtar as an naonúr Gardaí a bhí lonnaithe ansin. Chinn an Coimisinéir Teanga go raibh an dlí á shárú mar nach Gardaí le Gaeilge a bhí lonnaithe ansin. Mhol sé d’údaráis na nGardaí dul i ngleic leis an gcás i nGaoth Dobhair agus scrúdú a dhéanamh freisin ar líon na nGardaí le Gaeilge a bhí lonnaithe i ngach ceantar Gaeltachta. Comhaontaíodh ag an am córas nua ina gcuirfí 10% de na háiteanna i gcomórtais earcaíochta as sin amach ar fáil d’earcaigh a raibh Gaeilge líofa acu.

Chuir Coimisinéir na nGardaí Drew Harris na figiúirí is deireanaí faoi Ghardaí na Gaeltachta ar fáil don Choimisinéir Teanga, Rónán Ó Domhnaill, i litir a bhfuil cóip di curtha faoi bhráid Chomhchoiste Gaeilge agus Gaeltachta Thithe an Oireachtais.

Tá cuireadh le tabhairt ag an gCoiste Oireachtais do Drew Harris teacht os a gcomhair go luath sa bhliain nua chun polasaí an Gharda Síochána i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé.

Dúirt Cathaoirleach an choiste sin, urlabhraí Gaeilge Shinn Féin, Aengus Ó Snodaigh le Tuairisc.ie, go gcaithfí na moltaí atá déanta ag an gCoimisinéir Teanga faoin easpa Gardaí le Gaeilge sa Ghaeltacht a chur i bhfeidhm láithreach agus go gcaithfí tús a chur láithreach chomh maith le mórfheachtas earcaíochta chun Gaeilgeoirí a mhealladh isteach sa bhfórsa.

Fág freagra ar 'Gan ach triúr Gardaí ó ‘shruth Gaeilge’ curtha go dtí an Ghaeltacht le seacht mbliana anuas'

  • 'Lugs Brannigan'

    An raibh an triúr sin dána???

  • S. Mac Muirí

    Ara is cuma nó beidh idir Ghaeilg 7 Ghaeltacht slán, beidh freastal ar chách in oifigí 7 in achan bhall 7 bodhrófar lucht meáin tigh Buswell ag Gaeilg na dTDanna, beidh lucht Foraois na Mílaoise ag seoladh litreacha 7 cárta Gaeilge in aghaidh na seachtaine chuig gach teach sa nGaeltacht 7 agus beidh Urchóid tiontaithe ina nGaeilgeoirí faoin ainm Éirchód 7 iad ag iongabháil gach éinne faoina ainm is a sheoladh ceart sa nGaeltacht 7 sa nGalltacht, srl., faoi cheann roinnt céadta bliain. Nó mar a deir Gabriel, bail ó Dhia air – jóc.
    Grma as an scéal so a thochailt sa mbreis ó inné.

  • Bríd

    Meastú an mbeadh aon mhaith don Pholasaí Oideachas Gaeltachta dóibh ós rud gur cur i gcéill agus teip iomlán atá ann & náireach an cur amú airgid stáit…..ag eagrais an chur i gcéill…nach n-aithneodh Ráth Chairn ó Achail……