Tá ardmholadh á thabhairt ag na léirmheastóirí don chéad albam ó Kneecap, an grúpa as an Tuaisceart a bhíonn ag rapáil as Gaeilge agus as Béarla.
Léirmheas cúig réalta a fuair Fine Art ón NME, a dúirt go gcoinneoidh rapáil Móglaí Bap agus Mo Chara faoi gheasa thú agus go gcuirfidh buillí DJ Próvaí fíbín ort.
“Agus iad ag athrú ó Bhéarla go Gaeilge, ní haon chosc cúrsaí teanga ar am ar dóigh a bheith agat,” a deir an NME.
Deirtear san iris cheoil gurb é an t-amhrán ‘Parful’ is fearr a léiríonn buanna Fine Art agus Kneecap.
“I ndorchadas na hoíche agus tú amuigh, is cuma faoi aon rud eile seachas an nóiméad atá anois ann agus an réabh a thabharfaidh saoirse duit. Agus é sin a fhógairt i dteanga atá ‘ag fáil bháis’ ar albam nach bhféadfadh níos mó beochta a bheith ann? Sin cumhacht – agus tá sin ag Kneecap,” a deir an NME.
Roghnaigh an iris cheoil Éireannach Hot Press mar albam na míosa Fine Art, début “fiáin” ó cheann de na grúpaí “is fearr in Éirinn”.
Deir Hot Press gur albam “réabhlóideach” atá ann agus nár cheart beag is fiú a dhéanamh do thábhacht a chur chuige dátheangach. Deirtear gur albam é a bhfuil faobhar ar an ngreann ann agus dánaíocht ag baint leis a chuirfidh ardú croí ort. Tá Fine Art “lán den tsamhlaíocht agus den stíl”, a deirtear.
Tá moladh ar leith chomh maith ag Mojo don amhrán ‘Parful’, amhrán, dar leo, a thugann léiriú “an-tarraingteach” dúinn “ar cheol cóisire tráth na síochána” Kneecap.
Cúig réalta a thug an Irish Times do Fine Art. Deir Una Mullally go bhfuil Fine Art chomh hiontach sin go mbainfidh sé creathadh asat. Deir sí go bhfuil an t-albam mar a bheadh úrscéal ann sa tslí a ndéanann sé ceiliúradh ar an “héadónachas, an chruthaitheacht, cúrsaí teanga, an fhéiniúlacht agus an fíoraoibhneas a bhaineann le spóirt is scléip an tsaoil”.
Thagair léirmheastóir an Irish Times do liricí cliste Kneecap agus don tslí a n-imíonn siad “go lúcháireach” ó theanga go teanga.
Deir RTÉ nár chualathas ó aimsir Scary Éire sna 1990idí rap na hÉireann agus é chomh lán le “beocht agus fuinneamh”.
“Agus iad ag rapáil i dteanga a ndéantar faillí inti go minic, teanga a ndéantar díspeagadh uirthi fiú, cuireann Kneecap inár láthair Tuaisceart Éireann nua agus baineann siad earraíocht as a bhfrustrachas, as an leadrán agus a bhfearg chun rapanna faoin ngnáthshaol a chumadh atá líofa agus an-ghreannmhar,” a deir RTÉ.
Fág freagra ar 'Ardmholadh do Kneecap agus dá n-albam ‘réabhlóideach’'