Ardchoimhlint romhainn agus Tiobraid Árann ag súil le tástáil a thabhairt do Luimneach

Ba chóir go dtabharfadh an cluiche idir Luimneach agus Tiobraid Árann i Páirc Uí Chaoimh anois níos mó fianaise dúinn faoi cá seasann an dá chontae i láthair na huaire

Ardchoimhlint romhainn agus Tiobraid Árann ag súil le tástáil a thabhairt do Luimneach

Is dócha gurb é cluiche mór iomána an deireadh seachtaine an ceann atá ar siúl i SuperValu Páirc Uí Chaoimh anocht idir Luimneach agus Tiobraid Árann. Tá an dá chontae ar bharr ar comhphointí agus ní fada go mbeidh siad ag imirt a chéile i gcluiche i bhfad níos tábhachtaí.

Seo an chéad tástáil cheart ar Luimneach i mbliana agus pé cúigear déag a thosnaíonn, beidh scata leaideanna a bheidh ag iarraidh a chruthú do John Kiely go bhfuil siad ullamh don chéad chéim eile. D’fhéadfainn an abairt chéanna a scríobh faoi imreoirí óga Thiobraid Árann agus Liam Cahill. Ní dóigh liom go bhfuil an toradh anocht tábhachtach do cheachtar des na foirne ach tá an taispeántas. Mar a scríobh mé go minic cheana anseo gach uile rud a dhéantar sna cluichí sraithe déantar é agus súil amháin ar an bhfeachtas craoibhe.

Tá Luimneach ar thairseach a n-ainm a chur sa Táin arís, éacht nach bhfuil déanta ó bunaíodh Cumann Lúthchleas Gael in 1884 agus sin, dar ndóigh, cúig cinn de chraobhacha Éireann a bhuachan i ndiaidh a chéile. Ach tá dornán beag contaetha eile ag prapáil chun iad a stopadh. Tá na Tiobraid Árannaigh i measc an dornáin sin. Beidh i bhfad níos mó ar eolas acusan faoi cá seasann siad san ord fiúntais níos déanaí anocht, ach tá mórán ceisteanna fúthu.

Cinnte, tá trí chluiche buaite acu agus iad sábháilte i Roinn 1 don bhliain seo chugainn ach ní dóigh liom go bhfuil an bhainistíocht róshásta faoin dul chun cinn i mbliana. Sa chluiche deireanach i gcoinne na hIarmhí bhíodar ceithre chúilín déag chun tosaigh agus iad sa cheathrú dheireanach. Agus iad ag dul isteach chuig am cúitimh gortuithe ní raibh fágtha ach farasbarr ceithre chúilín acu.

Chuir cúl déanach dá gcuid snas ar an toradh, snas b’fhéidir nach raibh tuillte acu. Rinneadar ceithre athrú dhéag ón gcluiche i gcoinne na Gaillimhe agus bhí Noel McGrath, Jason Forde, Dan McCormack agus ‘Bonner” Maher ag imirt den chéad uair sa tsraith. Ag an bpointe seo, tá sé in am a bheith ag díriú isteach ar an gcúigear déag a bheidh ag tosnú sa chéad chluiche craoibhe i gcoinne Luimnigh ar an 28 Aibreán.

Níl aon dabht ach go mbeidh cuid den scáthdhornálaíocht ar siúl ag an dá fhoireann bainistíochta ó thaobh dhéantús na bhfoirne ach beidh imreoirí ón dá thaobh ag iarraidh a chur ina luí ar Liam Cahill agus John Kiely go bhfuil siad réidh don dúshlán.

Tá an lámh in uachtar ag Kiely agus lucht bainistíochta Luimnigh. Tá cúpla duine dá gcéad rogha á dtabhairt isteach ag Kiely seachtain i ndiaidh seachtaine agus fianaise dhearfach á tabhairt ag roinnt leaideanna nua go bhfuil siad ar an gcaighdeán ceart. Tá Adam English, Shane O’Brien agus Donncha Ó Dálaigh ar an gcleas nua ábalta sin atá sa chontae. Agus níl Sean Finn, Declan Hannon, Cian Lynch, Peter Casey nó imreoir na bliana seo caite, Aaron Gillane, feicthe againn fós.

Táim ag súil le hardchoimhlint agus níos mó fianaise faoi cá seasann an dá chontae i láthair na huaire.

Dar ndóigh tá gach cluiche ag an deireadh seachtaine tábhachtach ach táim ag súil freisin leis na cinn idir an Clár agus Cill Chainnigh in Inis agus an ceann idir Port Láirge agus Loch Garman i bPáirc an Bhreathnaigh.

Fág freagra ar 'Ardchoimhlint romhainn agus Tiobraid Árann ag súil le tástáil a thabhairt do Luimneach'