Tá sé trí bliana is fiche ó síníodh Comhaontú Aoine an Chéasta, ach feictear dom go bhfuil muid fós sáinnithe, ní hamháin sa deighilt sheicteach, ach san uafás a bhain leis an streachailt armtha, sa mbrón is briseadh croí, sa bhfearg agus sa dúil sa díoltas.
Nach bhfuil sé in am dúinn glacadh leis gur tharla rudaí ar mhaith linn nár tharla? Nach bhfuil sé in am dúinn díriú ar an todhchaí, is ar an todhchaí amháin?
Tá polaiteoirí ó dheas – i bhFine Gael, Fianna Fáil agus Páirtí an Lucht Oibre – ag iarraidh cuimhne na tréimhse sin a choinneáil beo agus a spreagadh chun cuimhne arís ar mhaithe le Sinn Féin a choinneáil ó chumhacht agus ar mhaithe lena chinntiú nach dtarlóidh an t-athrú i bpolaitíocht na hÉireann a theastaíonn ón bpáirtí sin.
Ar an taobh eile, tá rialtas na Breataine ag iarraidh nach ndéanfaí aon scrúdú ar na coireanna a dhein saighdiúirí Briotanacha ná ar an milleán atá ar lucht rialtais agus riaracháin sa Bhreatain i gcásanna ar nós shléacht Bhaile Uí Mhurchú agus Domhnach na Fola i nDoire.
Agus gan dabht tá na daoine a d’fhulaing de bharr na maruithe: cuid acu ag lorg díoltais, cuid acu ag lorg mínithe, agus cuid mhór ag lorg na fírinne faoinar tharla dá muintir.
Tuigim freisin gur chaith príosúnaigh Phoblachtacha os cionn 1,000 bliain eatarthu i bpríosún mar gheall ar eachtraí a raibh baint acu leo, ach nár chaith saighdiúirí nó daoine eile i bhfórsaí na corónach ach cúig bliana i bpríosúin eatarthu ar fad. Is cuma cad a rinne siad bhí siad i dteideal filleadh ar a gcuid reisimintí agus go minic ardú céime a fháil.
Mar sin is fíor go bhfuil éagóir i gceist, ach creidim gurb é an rud is tábhachtaí ná saol úr a chruthú agus an díospóireacht a dhíriú ar chúrsaí eacnamaíochta, ar athaontú na hÉireann, ar an ngá cothrom na Féinne a thabhairt do gach dream in Éirinn, thuaidh is theas.
Nach féidir mar sin le haontachtóir a bheith buartha as cuimse faoi rud a tharla do dhuine muinteartha leis ach, ag an am céanna, glacadh leis freisin go raibh éagóir sa chóras a bhí i bhfeidhm a spreag a leithéid de ghníomh?
Nach féidir le Poblachtach a bheith bródúil as an gceannairceacht agus, ag an am céanna, a bheith ar buile faoin gcaoi go ndéanann rialtas na Breataine iarracht a bhfreagracht as a gcuid coireanna a shéanadh? Nach féidir leis an bPoblachtach céanna glacadh leis go ndearnadh rudaí nár chóir a dhéanamh agus aiféala a bheith air faoin mbriseadh croí?
Tuigim go bhfuil freagraí ar cheisteanna ag teastáil ó ghaolta na n-íobartach agus bheinn i bhfabhar Próiseas Fírinne is Athmhuintearais dá bhféadfaí aontú faoi na téarmaí tagartha dá leithéid.
Ach cén mhaith cásanna cúirte? Cén mhaith daoine a chur i bpríosún ar feadh cúpla bliain (mar sin an méad is mó gur féidir a ghearradh ar éinne faoi théarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta)?
Tóg sampla Saighdiúir F, an t-aon saighdiúir, deirtear linn, a rinne dúnmharú ar Dhomhnach na Fola. Bréag ón tús, ar ndóigh, mar bhí siad go léir ciontach as uafás an lae sin.
Níos tábhachtaí, chuir daoine áirithe Saighdiúir F agus a chomrádaithe go Doire: ardoifigigh in Arm na Breataine, agus na polaiteoirí i Sasana a bhí ag iarraidh agóidí ar son cearta sibhialta a chur faoi chois. Duine olc, is cosúil, atá i Saighdiúir F, ach is marfaí seacht n-uaire na polaiteoirí sin ag deireadh thiar.
Breatnaigh ar an leabhar cáiliúil úd Low Intensity Operations a scríobh an Briogáidire-Ghinearál míchlúiteach Frank Kitson, ina molann sé macasamhail ar tharla Domhnach na Fola mar rogha polasaí.
Breathnaigh ar an gcaoi ar dhein fiosrú an Bhreithimh John Passmore Widgery athscríobh ar ar tharla an lá sin mar iarracht ciontacht na Breataine a cheilt.
Is gnó do staraithe, ceapaim, an scéal a chur ina cheart maidir le fíor-ról rialtas na Breataine sa scéal.
Ní aontaím leis na moltaí atá á gcur chun cinn ag rialtas na Breataine faoi láthair, cé go dtuigim nach mbeidh aon athrú ar na pleananna céanna ós é a gciontacht féin atá le ceilt.
Is cóir leanúint le hionchoisní agus fiosrúcháin theoranta a léireodh comhthéacs aon eachtra; ach ná bíodh na scéalta seo ar an gcéad chéim sa saol polaitiúil.
Ní bheidh mórán ar aon tuairim liom faoin argóint seo – faoi láthair ar aon chuma. Ach ag pointe éigin beidh orainn an t-uafás seo a chur taobh thiar dínn agus aghaidh a thabhairt go fírinneach ar an todhchaí.
Ciarán Ó Coigligh
A Eoin Chóir, Cén fhianaise atá agat go bhfuil daoine ‘sáinnithe sa deighilt sheicteach’? Ba feachtas sceimhlitheoreachta agus ní h-ea ‘streachailt armtha’ ná ‘tríoblóidí’ a túsaíodh i dTuaisceart Éireann leis an stát sin agus stát Phoblacht na hÉireann a chur ó rath. Cén fhianaise atá agat ar an ‘bhfearg’ agus ar an ‘díoltas’ a luas tú?
Is ceart cuimhneamh ar na nithe dún-mharfacha barbartha a tharla agus féachaint le cúiteamh a dhéanamh leo siúd a d’fhulaing agus a fágadh cráite. Ní ceart dearmad a dhéanamh go deo ar ar tharla go fiú agus muid ag díriú a n-airde ar an am atá le teacht. An té a dhéanfas dearmad ar an stair…
Is ceart ‘Sinn Féin a choinneáil ó chumhacht…ar mhaithe lena chinntiú nach dtarlóidh an t-athrú i bpolaitíocht na hÉireann a theastaíonn ón bpáirtí sin.’ Is aon eagras amháin Sinn Féin agus an tIRA (de réir Sheirbhis Póilínteachta Thuaisceart Éireann agus de réir an Gharda Síochána) a mharaigh níos mó Caitliceach ná na páirtithe eile uilig a chuir in éadan a bhfeachtais sceimhlitheoireachta.
Is lú ná 10% líon na maruithe a raibh na fórsaí slándála freagrach astu. Ba é Ár Aoine na Fola i mBéal Feirste, an sléacht ba mhó a tharla i dTuaisceart Éireann le linn an Fheachtais Sceimhlitheoireachta. Cad chuige nach luann tú é sin, a Eoin?
Tá an maiteanas atá dá bheartú ag Rialtas na Mainistreach Thiar náireach ar fad agus is sceimhlitheoirí is mó a bhainfeas buntáiste as.
Is i ngeall ar dhún-mharú agus ar bhuamáil agus ar uafáis eile a chaith sceimhlitheoirí de gach uile dhath polaitíochta coraintín sa bpríosún. ls dona an mhaise duit ionannas a dhéanamh idir sceimhlitheoirí agus baill de na fórsaí cosanta. Is cinnte gur cheart do gach uile dhuine a rinne coir íoc aisti agus a bheith faoi réir an dlí agus an chirt.
Ní miste féachaint le saol nua a chruthú agus díriú ar an eacnamaíocht i dTuaisceart Éireann. Ní miste freisin a admháil nach mian le tromlach phobal Thuaisceart Éireann stát aonadach a bheith ar oileán na hÉireann. Is lú na 30% den phobal Caitliceach féin ar mian leo go fiú go gcuirfí pobal-bhreth ina suíomh i dtaobh an dá stát ar an oileán a aontú. Is ceart go mbeadh cothrom na Féinne le fáil ag gach uile dhuine i Ríocht Aontaithe na Breataine agus Thuaisceart Éireann, ní áirím gach uile dhuine i bPoblacht na hÉireann. Ní tír amháin ach dhá thír atá ar oileán na hÉireann. Ní cúnamh ar bith don tsíocháin ná don am atá le teacht an méid sin a shéanadh.
Níor thuill éagóir ar bith sa gcóras stáit i dTuaisceart Éireann a oiread agus dún-mharú amháin.
Bheadh Próiseas Fírinne is Athmhuintearais fóintiúil. Ba mhaith liom-sa a fháil amach cé a d’fhuadaigh mo charaid Éamonn Mag Uidhir a mba as Fionnghlas dó agus a bhí ina bhall de Shinn Féin IRA, cé a chéas é agus cé a chaith a cholainn nocht ar thaobh Bhóthar Dhoire / Londain-Doire, ar thaobh Thuaisceart Éireann den Teorainn, i ndeisceart Ard Mhacha. Ba mhaith liom freisin a fháil amach cé a chéas agus a dhún-mharaigh mo charaid Peadar Ó Gréacháin as na Libirtí a bhí ina Oifgeach Ceannais ar Shaor Éire i nDuibhlinn.
Ba mhaith agus ba chóir go ngabhfadh cúirt agus príosúin ar na sceimhlitheoirí sin.
Rialaigh cúirt dlí nach raibh na líomhaintí a cuireadh i leith Shaighdiúir F in-mhuiníne. Céard faoi chiontacht scarúnaithe ar nós Mháirtín Mhic Aongais a chaith pilléir ar Dhomhnach na Fola as ucht ‘uafás an lae sin’?
Má bhí daoine i mbun agóide ar son ceart sibhialta ar Dhomhnach na Fola, bhí scarúnaithe ag úsáid na h-agóide céanna le feachtas sceimhlitheoireachta a chur chun cinn le Tuaisceart Éireann a chur ó rath. Is iad siúd na scarúnaithe céanna a bhí ciontach in uafás an lae chéanna.
Breathaigh ar an leabhar ‘Lost Lives’ le h-eolas a fháil faoi na mílte a dún-mharaíodh le linn uafás na sceimhlitheoireachta.
Go deimhin féin, ‘Is gnó do staraithe’ an fhírinne a inseacht faoi ról Rialtas na Breataine, ról Rialtas Phoblacht na hÉireann, agus ról na ndreamanna sceimhlitheoireachta scarúnacha agus dílseacha uilig a inseacht.
Níl mise ar aon tuairim leat, a Eoin, san argóint scarúnach atá tú a chur chun cinn, cé is moite go n-aontaím leat gur ‘uafás’ a bhí sa bhfeachtas sceimhlitheoireachta a dtugnn tusa ‘strachailt armtha’ agus ‘trioblóidí’ air.
Is mise, le gach uile bheannacht
Ciarán Ó Coigligh
Declan Brady
Teachtaireacht do Eoin O’Murchu
Fuair mé do thráchtaireacht uaireanta simplíoch ar ghnóthaí domhanda, scríofa gan fíricí maithe chun tacú le do thuairimí. Mar sin féin táim sásta moladh a thabhairt duit anois as do thuairim san alt tuairisc is déanaí atá agat. Sea aontaím:
“An rud is tábhachtaí ná saol úr a chruthú agus an díospóireacht a dhíriú ar chúrsaí eacnamaíochta, ar athaontú na hÉireann, ar an ngá cothrom na Féinne a thabhairt do gach dream in Éirinn, thuaidh is theas.”
An-mhaith. Mar sin tá eagna sa sean-chumannach iar-chogadh fuar !!